GONNE MACBRIDE, Maud (1886–1953)

Rugadh (Edith) Maud Gonne MacBride, ardnáisiúnaí, gníomhaí polaitiúil, agus bé do bhunús na filíochta grá le W.B. Yeats, ar an 21 Nollaig 1866 ag Tongham Manor, gar do Farnham, Surrey Shasana. Ba í an iníon ba shine í ag an gCaptaen Thomas Gonne (1835–86) de chuid na 17ú Lansaithe agus a bhean, Edith Frith Cook (1844–71). Bhí comhlacht rachmasach ag muintir a hathar a bhí gafa le allmhairiú fíona ón bPortaingéil. Bhíodh sé á mhaíomh ag Maud ar ball gur de phór Éireannach an teaghlach, agus chuir sí páipéarachas ar fáil lena chruthú. Ba éadaitheoirí saibhre iad muintir Cook i Londain. Bhí seasamh suntasach sóisialta ag an dá theaghlach.

Óige agus náisiúnachas

I mí Aibreáin 1868, agus an rialtas ar airdeall go mór i ngeall ar an mbagairt ó na Fíníní, ceapadh Thomas Gonne ina mhaor briogáide ar an marcshlua in Éirinn, agus lonnaíodh é i gcampa airm an Churraigh, i gCo. Chill Dara. Rugadh deirfiúr Maud, Kathleen Gonne (b. 1919) i mí Mheán Fómhair 1868. Is cosúil gur i gceantar Bhán an Aeir, gar do Dhomhnach Broc, deisceart Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí ar an teaghlach. Bhí muintir Jameson na drioglainne mar chomharsana acu, agus bhí cairdeas idir iníon an teaghlaigh siúd, Ida, agus Maud. Bhí an eitinn ar Edith Gonne nuair a rugadh an tríú páiste, Margaretta, i Londain i Meitheamh 1871; fuair sí bás, agus an páiste chomh maith roinnt míonna ina dhiaidh sin. Bheadh an eitinn chéanna ina scáil ar Maud agus Kathleen ar feadh an chuid is mó dá saol.

D’fhill an teaghlach ar Éirinn, agus chuaigh na páistí agus banaltra a chónaí sa Churrach ar dtús agus ansin go teach i mBinn Éadair, i gCo. Bhaile Átha Cliath ar chúinsí sláinte. Bhí Binn Éadair riamh ina dhiaidh sin mar thearmann ag Maud. Nuair a bhí sí sé bliana d’aois tháinig leis an bpárthas beag seo: cuireadh í féin agus Kathleen chun cónaí le haintín a máthar, Augusta Tarlton, ag 24 Hyde Park Gardens, Londain, agus as sin go deartháir Augusta, Francis Cook ag Doughty House, Richmond Park. Is ansin a bhí cnuasach ealaíne an teaghlaigh, agus saothair ina measc le Velasquez agus Van Eyck. Sa bhliain 1876 ceapadh an Maor Gonne ina attaché míleata i gcúirt na hOstaire, agus thug an teaghlach aghaidh ar dheisceart na Fraince. Ar feadh a saoil ar fad ina dhiaidh sin bhí Maud chomh compordach céanna sa Fhrainc agus a bhí sí in Éirinn nó i Sasana, agus bhí a cuid Fraincise chomh líofa leis an mBéarla. Tar éis dó filleadh ó cheapachán san India in 1879, thaistil Thomas Gonne ar fud na hEorpa le Maud go dtí gur cuireadh go Baile Átha Cliath é mar aidiúnach ginearálta cúnta i gcaisleán Bhaile Átha Cliath in 1882.

Bhíodh sé á mhaíomh ag Maud go raibh suíocháin fuinneoige in áirithe aici i gClub Shráid Chill Dara chun breathnú ar iontráil stáit an ard-leiftenaint nua Dé Sathairn an 6 Bealtaine, 1882, an lá cinniúnach sin a tharla dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce. De réir dealraimh, d’fhreastail sí ar feadh an tséasúir i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, a thosaigh leis an bhfáiltiú ríoga tar éis na Nollag agus a raibh bál oíche na Féile Pádraig mar bhuaic aige, tráth a tháinig prionsa na Breataine Bige i láthair. Rinne Gonne cur síos ar an tréimhse seo ina cuimhní cinn A servant of the queen, a foilsíodh in 1938, atá ar cheann den iliomad téacsanna a chruthaigh miotas thart timpeall uirthi, ach ís í féin a chruthaigh an miotas sa chás áirithe seo.

Faoin mbliain 1886 bhí Maud Gonne ina náisiúnaí déanta; dúirt sí gur aithris sí óráid Eiméid, ó The spirit of the nation (1845), os comhair an tslua ag dinnéar poiblí a raibh a hathair i láthair aige. Chaith sí tréimhse sa Fhrainc agus sa Ghearmáin lena seanaintín Mary, baintreach an chunta de Sizeranne, a bhí ag iarraidh í a láinseáil mar bhé ghairmiúil. Chuir an Coirnéal Gonne deireadh leis an mbeart sin, áfach, agus thug sé í go Bayreuth le haghaidh fhéile Wagner. Dar le Maud féin, nuair a d’fhill siad ar Bhaile Átha Cliath, dúirt sé léi go n-éireodh sé as a choimisiún chun bheith ina MP ar son an rialtais dúchais, ó bhí sé tagtha ar aon intinn léi féin faoin uafás a bhain leis na díbirtí a bhí feicthe acu beirt. De réir dealraimh is i mBaile Átha Cliath a bhí sí idir Eanáir 1885 agus Samhain 1886, agus an seans ann go raibh sí seal ar an Mór-Roinn chomh maith. Fuair an Coirnéal Gonne bás ar an 30 Samhain 1886, leis an bhfiabhras tiofóideach, agus ba dhílleachtaí anois iad an bheirt chailíní.

Bhí Maud agus Kathleen Gonne ansin i Londain ar feadh tréimhse míshona faoi choimirce a n-uncail, William Gonne. Ní raibh Maud ar an eolas go raibh saibhreas fágtha le huacht di a gheobhadh sí nuair a thiocfadh sí i lan-aois, agus rinne sí iarracht dul le haisteoireacht, ach tháinig an eitinn uirthi a bheadh ina leannán aici i gcaitheamh a saoil ar fad. Chuaigh sí go Royat, baile spá in Auvergne na Fraince i samhradh 1887 chun téarnamh a dhéanamh. Is ansin a casadh uirthi Lucien Millevoye (1850–1918), iriseoir pósta a chreid go diongbháilte i bpolaitíocht na heite deise agus san athshlánú críche, a bhí ar lucht tacaíochta an Ghinearáil Boulanger agus a bheadh ina deputé ar ball. Bhí Millevoye sé bliana déag níba shine ná Maud; agus í 20 bliain d’aois thosaigh sí ar chaidreamh leis bliain tar éis bhás a hathar.

Neamhspleáchas airgeadais agus gníomhaíochas polaitiúil

I mí na Nollag 1887 fuair Maud Gonne ciste iontaobhais breis agus £13,000 agus suim neamh-shainoidhrithe ó eastát a máthar mar oidhreacht. Ba bhean an-saibhir anois í agus saoirse aici beatha de réir a tola a bheith aici. Chuaigh sí chun na Rúise go luath in 1888 ar mhisean rúnda ar son lucht Boulanger (agus tá cuntas comhaimseartha againn ar an turas sin leis an mBanphrionsa Catherine Radziwill), agus casadh ansin uirthi eagarthóir an Pall Mall Gazette, W.T. Stead, a scríobh gur casadh air i gCathair Pheadair ‘one of the most beautiful women of the world’ (Review of Reviews, 7 Meitheamh 1892). Bhí bunús idir ghnéasúil agus pholaitiúil ag a caidreamh le Millevoye; bhí sé i gceist aigesean an Fhrainc a shlánú trí Alsace-Lorraine a athghabháil, agus ba í Éire an chloch ar phaidrín Maud Gonne, agus ba chomhghuaillíocht iad a mbeirt in aghaidh Impireacht na Breataine. Dar léi gurbh aon rud amháin inti féin a pearsa agus a polaitíocht.

D’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath níos déanaí in 1888, áit a ndearna Sarah Purser portráid di, cé go raibh gráin aici ar an bportráid chéanna. D’fhan sí i dtosach le muintir Jameson ina dteach siúd ‘Airfield’, agus ina dhiaidh sin chuaigh sí chun cónaí in árasán os ceann shiopa leabhar Morrow i Sráid Nassau. Ba rud neamhghnách é an neamhspleáchas a chleacht sí i mBaile Átha Cliath na linne sin. Thug sí féin agus Ida Jameson (de theaghlach diongbháilte aontachtach) fáinní dá chéile agus ‘Éire’ greanta orthu, mar chomhartha ar an tiomantas céanna a bhí acu beirt don rialtas dúchais. Bhuail siad in éineacht le chéile leis an bhfear acadúil de chuid Choláiste na Tríonóide, Charles Hubert Oldham, a bhí ar son an rialtais dúchais, agus uaidh sin fuair siad cuireadh freastal ar chruinnithe den Contemporary Club ag 116 Sráid Grafton. Níorbh fhada go raibh sí gafa le lucht an náisiúnachais, agus bhí cairdeas idir í féin agus an sean-Fhínín John O’Leary agus a dheirfiúr Ellen, agus chomh maith leis sin an Dr George Sigerson, J.F. Taylor, T.W Rolleston, George Russell agus Stephen Gwynn.

Chaith sí cuid mhaith ama i dteach mhuintir O’Leary i Ráth Maonaois, agus í ag léamh na leabhar mór ó thraidisiún náisiúnach an naoú haois déag. Blianta ina dhiaidh sin, scríobh Gwynn an méid seo: ‘Since she was by our standards rich and immensely tall, and of the most surpassing beauty, there was a buzz of gossip, through which she moved, amused rather than indifferent’ (Experiences of a literary man, [1926], 74). Bhreac Dubhghlas de hÍde ina chín lae ar an 16 Nollaig 1888: ‘to Sigersons in the evening where I saw the most dazzling woman I have ever seen: Miss Gonne who drew every male in the room around her . . . We stayed talking until 1.30 a.m. My head was spinning with her beauty’ (Dominic Daly, The young Douglas Hyde [1974], 95). Ar an 30 Eanáir 1889 casadh uirthi i Londain William Butler Yeats, tar éis gur chuir John O’Leary in aithne dá chéile iad. An áilleacht mhór a bhain le Maud Gonne, bhain sé siar as Yeats – í ard, súile agus folt ar dhath cré-umha, gan trácht ar ‘complexion . . . luminous, like that of apple-blossom through which the light falls’ (W.B. Yeats, Autobiographies, [1955], 123). Bhí grá aige di ina dhaidh sin, ach ba ghrá aontaobhach é. Chum sé breis agus caoga dán ina bhfuil trácht follasach uirthi, ach d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil sí i láthair ina shaothar ar fad. Bhí an caidreamh eatarthu bunaithe ar an diasúnacht, domhan an spioraid, agus an náisiúnachas Éireannach.

Ar 11 Eanáir 1890 i bPáras, mar a raibh árasán aici ag 61 Avenue Wagram, rugadh mac do Maud. Ní raibh sí ach 23 bliain d’aois. Ba é Millevoye an t-athair agus George Sylvère a thug siad ar an mac. Bhí dóthain acmhainní agus airgid aici leis an bpáiste a choinneáil, ach níor luaigh sí riamh é i measc a cairde i mBaile Átha Cliath. Is le cuid na Fraince dá saol a bhain sé. Sular rugadh é agus ina dhiaidh bhí baint aici leis an bPlean Beartaíochta i nDún na nGall agus áiteanna eile, agus le feachtais pardúin sa Bhreatain, rud a raibh O’Leary ina choinne. Bhí aithne curtha aici cheana ar Michael Davitt, a bhí in amhras fúithi, agus ar Timothy Harrington, a thuig an acmhainn a bhain léi maidir le bolscaireacht agus dá réir sin, chuir sé í in aithne do dhaoine tábhachtacha i gconspóidí an Phlean Beartaíochta i gCo. Dhún na nGall. Thug sí léi a col ceathrair agus cara May Gonne, agus a madra ollmhór Dagda in 1890 go Dún na nGall chuig eastát Olphert ar an Fhál Carrach, áit a raibh dinnéar aici leis an easpag agus leis na sagairt pharóiste, agus neartaigh sí an comhbhá leis an bhfeachtas san áit sin.

Cé nach raibh cead isteach aici sa Celtic Literary Society, sa National League ná san IRB i ngeall ar inscne, den chuid is mó níor bhain na gnáthrialacha di a bhain le mná eile na linne, óir bhí áilleacht, saibhreas, stíl agus dúthracht aici a bhronn saoirse uirthi. Rinne sí feachtasaíocht le Harrington sa toghchán ar son D. Duncan, iarrthóir ar son an rialtais dúchais in Barrow-in-Furness, Lancashire, i Meitheamh 1890. Thug sí léachtaí ar uafáis na ndíbirtí do lucht éisteachta i Sasana, agus thug sí cuairt ar phríosúnaigh fhadtéarmacha Fhíníneacha i bpríosún Portland.

Thug Yeats ‘the new Speranza’ uirthi (R.F. Foster, W. B. Yeats: a life, 2 imleabhar [1997, 2003], 93). Mar sin féin, chuaigh obair mhaslach na feachtasaíochta i bhfeidhm ar an drochshláinte a bhí aici. Ba é George Sigerson an dochtúir a bhí aici i mBaile Átha Cliath, ach is cosúil nár ghéill sí dá thuairimí maidir le cóir leighis don eitinn, ainneoin go raibh sí ag comhoibriú san am céanna leis maidir le cuid dánta Ellen O’Leary a fhoilsiú. Chuaigh sí go deisceart na Fraince chun am a chaitheamh le Millevoye – agus lena mac.

In 1891 chaith Maud Gonne cuid den samhradh in Éirinn i gcuideachta Yeats ach cuireadh fios uirthi dul ar ais go Páras, óir bhí a mac go dona tinn. Fuair Georges Gonne bás den meiningíteas, de réir dealraimh, ar an 31 Lúnasa agus scríobh sí litir chuig Yeats inar luaigh sí an ‘wild sorrow’ a bhí uirthi óir fuair páiste ‘uchtaithe’ bás (W.B. Yeats, Memoirs, in eagar ag D. Donoghue [1972], 47). Ba aisteach an comhtharlú é gur sheol sí ar ais go Baile Átha Cliath ar an 11 Deireadh Fómhair, ar an aon bhád go Dún Laoghaire inar sheol cónra Parnell féin; bhí éide dubh an bhróin uirthi tar éis a mic, agus chonacthas do dhaoine go raibh sí ag caoineadh an cheannaire chaillte. Is féidir go raibh Yeats agus Maud Gonne geallta ar feadh tréimhse, agus is cinnte go raibh siad an-ghar dá chéile, agus i Samhain 1891 ligeadh isteach í san Order of the Golden Dawn i Londain. Ba chasta an creideamh polaitiúil a bhí aici. Bhí tionchar na heite deise uirthi óna gcairde i ngluaiseacht Boulanger, agus d’aontaigh sí lena dteoiricí sin in aghaidh na nGiúdach agus na máisiún; agus faoi thionchar Millevoye chuir sí go láidir i gcoinne Dreyfus. Thacaigh sí go láidir le Amnesty Association na Breataine Móire, agus chuaigh sí idir Baile Átha Cliath, Londain agus Páras agus thug sí léachtaí fosta ar fud na Fraince, san Ollainn agus sa Bheilg ar anchaoi na dtionóntaí a díbríodh i nDún na nGall. Foilsíodh ‘Un peuple opprimé’ léi in La Nouvelle Revue Internationale agus scríobh sí sraith chomh maith dar teideal ‘Le martyre de l’Irlande’ do Journal des Voyages. Bhíodh sí ag comhoibriú le Yeats sa National Literary Society agus bhí sí i láthair ag an chéad chruinniú in 1892.

Sa bhliain 1893, agus iad ag iarraidh a mac marbh a athionchollú, luigh Maud Gonne agus Millevoye le chéile in uaimh an mhásailéim a bhí tógtha aici do Georges. Nuair a rugadh a hiníon Iseult Gonne i bPáras ar an 6 Lúnasa 1894 tháinig deireadh lena caidreamh gnéasúil le Millevoye. Bhí an bhaint pholaitiúil aici i gcónaí leis, áfach, agus nuair a bhí sé ina eagarthóir ar ball ar La Patrie d’fhoilsigh sé cuid mhaith dá cuid alt. Tar éis don leanbh teacht ar an saol, chuaigh Maud ar ais gan mhoill ag obair ar son eagraíochtaí éagsúla polaitiúla agus náisiúnacha, lena n-áirítear go háirithe an Amnesty Association, agus i ngeall ar an taisteal minic a dhéanadh sí go hÉirinn, chuir sí eolas ar an Shan Van Vocht, irisleabhar nua radacach ó Bhéal Feirste a bhí á fhoilsiú ag Alice Milligan agus Anna Johnston (‘Ethna Carbery’). I mí Bealtaine 1897 thosaigh sí a hiris féin, L’Irlande Libre, le cúis na hÉireann a chur faoi bhráid Mhór-Roinn na hEorpa, agus bhunaigh sí chomh maith L’Association Irlandaise, craobh Pháras de Chumann Éire Óg.

Chuir sí aithne leis na gníomhaíochtaí seo ar James Connolly, agus labhair sí in éineacht leis ar ardán cruinniú de chuid na sóisialach ar an 20 Meitheamh 1897, tar éis mórshiúl faoi sholas tóirsí trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ar chúl eileatraim, agus ‘The British Empire’ greanta ar an gcónra ann. Ó Dheireadh Fómhair go Nollaig 1897 bhí sí ar cuairt ar fud SAM ag iarraidh airgead a bhailiú don Amnesty Association agus do chuimhneachán Wolfe Tone. Ar theacht ar ais di ghlac sí páirt mhór i gcomóradh céad bliain ó 1798 le Yeats agus John O’Leary. Bhí an comóradh sin ar cheann de na heachtraí ba thábhachtaí inar leag an náisiúnachas nua an dúshraith don chlár oibre a bheadh le brú ar aghaidh ag lucht an tsean-náisiúnachais bhunaithe pairliminte, sna blianta a bhí le teacht. In éineacht leis na cruinnithe poiblí faoi spiorad ’98 a athmhúscailt, d’éirigh Gonne gafa chomh maith leis an anchaoi ina raibh tionóntaí bochta iarthar na tíre.

D’ionsaigh sí an rialtas ag cruinnithe poiblí i Maigh Eo, agus chuir sí an reitric frith-ríoga abhaile nuair a thug sí ‘banríon an ghorta’ ar Victoria. Leis an gConghaileach arís scríobh sí agus dháil sí The rights of life and the rights of property. Ba é seo an tréimhse ba dhéine agus ba dhúthrachtaí aici sa ghníomhaíocht pholaitiúil. Chuaigh an Shan Van Vocht i bhfeidhm uirthi, agus thacaigh sí lena dlúthchara Art Ó Gríofa agus a chomhpháirtí Liam Ó Maolruanaidh agus iad ag bunú a nuachtáin féin an United Irishman. Tar éis an comóradh bheith thart, thóg an páipéar sin dúshraith ar liosta síntiúsóirí an Shan Van Vocht, agus thug Gonne tacaíocht airgeadais agus misneach don Ghríofach san fhiontar sin. Is iomaí alt a scríobh sí chomh maith, agus ba é ‘The famine queen’ (Karen Steele, Maud Gonne's Irish nationalist writings 1895–1946 [2004]) ba shuntasaí díobh sin. I ndeireadh na bliana sin d’inis sí do Yeats an scéal faoina caidreamh le Millevoye agus faoin bheirt pháistí. Thóg sí Iseult sa Fhrainc, ach níor aithin sí í go poiblí mar iníon léi; ba ionann a leithéid d’admháil agus a clú sóisialta agus polaitiúil bheith millte ar fad. Bhíodh sí féin agus Yeats ag aislingeacht faoi phósadh spioradálta de réir dheasghnátha an chreidimh a bhí acu, agus dhiúltaigh sí é a phósadh ar an domhan saolta seo.

Chuaigh sí go Béal Feirste i Méan Fómhair 1899 mar ar casadh uirthi Alice Milligan agus an dream a bhí bainteach leis an Shan Van Vocht (ar tháinig deireadh lena fhoilsiú in Aibréan na bliana 1899). Níos déanaí an bhliain sin bhunaigh sí féin agus Art Ó Gríofa coiste na Transbháile chun tacú leis na Bóraigh sa chogadh in aghaidh na Breataine. Bhíodh an coiste seo ag gríosú daoine chun dul isteach sa ‘Bhriogáid Éireannach’, a bhí comhdhéanta d’ardnáisiúnaithe agus poblachtánaigh a bhí ag troid ar son na mBórach in aghaidh Impireacht na Breataine. Ba é an Maor John MacBride a bhí mar cheannaire ar an mBriogáid, agus bhí clú an laochais air. I mí Eanáir 1900 chuaigh Maud ar an dara turas ar SAM, í ag tacú le taobh na mBórach agus ag bailiú airgid do pháipéar Uí Ghríofa. An eachtra ba mhó an bhliain sin ná an agóid in aghaidh chuairt na banríona ar an 4 Aibreán. Bhí ceiliúradh poiblí ar an gcuairt le bheith ann le cóisir do leanaí agus bia saor in aisce i bPáirc an Fhionnuisce, agus mar mhacalla air sin d’eagraigh Maud picnic thírghrách do phaístí i mí Iúil. Cuireadh síneadh leis sin ar ball nuair a méadaíodh an soláthar béilí saor in aisce do pháistí bochta na hÉireann, nuair a fuair sí cúnamh ó Stephen Gwynn. Domhnach na Cásca 1900 bhunaigh sí Inghinidhe na hÉireann, gluaiseacht ardnáisiúnach do mhná, a mbeadh ceangal ar ball idir é agus Cumann na nGaedheal a sheol Ó Gríofa agus Ó Maolruanaidh Deireadh Fómhair ina dhiaidh sin. D’éirigh léi sa chás dlí a chuir sí ar Le Figaro tar éis é a chur ina leith gur brathadóir de chuid na Breataine a bhí inti. Le linn gheimhreadh 1900 casadh uirthi MacBride ag an Gare de Lyon; bhí sé ar a bhealach ar ais ar deoraíocht ón Transbháil go Páras. Chuaigh siad ar turas thart ar SAM le chéile in 1901 agus arís in 1902. Ar fhilleadh di chuaigh sí ar fud na tíre agus í ag bunú craobhacha de na hInghinidhe (nó na ‘ninnies’ mar a tugadh orthu i measc an phobail). An 2 Aibréan 1902 bhí an príomhról aici sa dráma le Yeats ‘Cathleen Ni Houlihan’. Ba sa dráma seo a chonacthas buaic an díograis réabhlóidigh ag Yeats, agus ba ionann Maud agus Éire ina steillbheatha, ag éileamh ar a cuid mac fuil a gcroí a dhoirteadh ar a son. Roinnt míonna ina dhiaidh sin chinn sí ar MacBride a phósadh, óir ba bheoga agus ba lánonórach an fear é, dar léi; thug siad beirt cuntas ar ball nach raibh ag teacht lena chéile maidir leis an gcuirtéireacht, rud nach díol iontais i bhfianaise an mhéid a thit amach eatarthu.

Pósadh agus a iarmhairt sin, 1903-1916

D’impigh Yeats uirthi gan MacBride a phósadh, agus is amhlaidh an chomhairle a chuir Art Ó Gríofa uirthi chomh maith, a raibh cairdeas aige leis an mbeirt acu. Ach ba chuma le Maud iad sin ná an dá theaghlach ach oiread cur in aghaidh an phósta, agus chuaigh sí le Caitliceachas ar an 17 Feabhra 1903 gur phós sí MacBride ar an 21 Feabhra i bPáras. De réir dealraimh, go luath tar éis an phósta, thuig sí go raibh botún déanta aici. Is léir ó scríbhinní John MacBride ar ball gurbh aisteach leis an boihéamachas a bhain léi, agus go raibh súil aige go bhfágfadh sí gnéithe dá hiompar ina diaidh. Is comhartha é ar an gcoimhthíos a bhí ag éirí eatarthu an méid ama a chaith Maud in Éirinn, áit nach bhféadfadh MacBride í a leanúint ar eagla go ngabhfaí é. Le linn shamhradh 1903 d’eagraigh sí agóid de chuid Inghinidhe in aghaidh chuairt Edward VII, a raibh ‘cath’ iomráiteach Coulson Avenue mar thoradh uirthi, tráth a chroch Maud roinnt cótaí dubha ar a teach ag déanamh bróin don Phápa Leo XIII, ainneoin atmaisféar na féile a bheith go hoifigiúil ar fud chathair Bhaile Átha Cliath.

I mí Dheireadh Fómhair 1903 ghlac Maud agus Ó Gríofa páirt in agóidí náisiúnacha i gcoinne ‘The Shadow of the Glen’ le J.M. Synge, agus iad ag gearán in aghaidh an ‘insidious and destructive tyranny of foreign influence’ dar léi a bhí sa dráma (Nelson Ó Ceallaigh Ritschel, ‘In the shadow of the glen: Synge, Ostrovsky, and marital separation’, New Hibernia Review, vii, no. 4 [geimhreadh 2003], 85–102). D’fhill sí ar Pháras an geimhreadh sin; rugadh an dara mac Seán (Seaghan) MacBride di ansin ar an 26 Eanáir 1904. I ndeireadh na bliana sin tharla scoilt chinniúnach idir í féin agus MacBride, agus chuir Maud tús le próiseas an cholscartha. Rinne sí trácht le Yeats ar an déistin a bhí uirthi maidir le ‘a hero I had made’ (A. MacBride White agus A. N. Jeffares (ed.), The Gonne–Yeats letters, 1893–1938 [1992], 184). Ba shearbhasach an scoilt í, agus chuir Maud Gonne ina leith gurbh amhlaidh, anuas ar é bheith mífhreagrach míthaitheamhach, agus tugtha don ólachán, go ndearna MacBride ionsaí gnéis ar Iseult a bhí 10 mbliana d’aois san am, agus gur míchuí an caidreamh a bhí idir é féin agus Eileen Wilson (1886–1972), leathdheirfiúr neamhdhlisteanach Maud, sular phós Eileen a dheartháir níos sine, Joseph. Thug sí i láthair chomh maith fianaise faoi bhrí na mionn ó dhaoine de lucht an tí a thug le fios go ndearna sé ionsaithe gnéis ar dhaoine eile, agus go raibh iompar faoi thionchar an óil faoi, agus sin mar chuid de chomhluadar míchuí sóisialta. Rinneadh tuairisciú go forleathan ar an gcás, agus d’éirigh léi ar deireadh (8 Lúnasa 1906) scaradh dlíthiúil a fháil agus cuireadh Seán faoina cúramsa féin.

Scríobh James Joyce chuig a dheartháir Stanislaus Joyce (15 Márta 1905) á rá ‘‘I have read in the Figaro of the divorce of the Irish Joan of Arc from her husband. Pius the Tenth, I suppose, will alter catholic regulations to suit the case . . .’ (Richard Ellman, Selected letters of James Joyce [1975], 97). De réir dealraimh, níor pléadh riamh an neamhniú. Rinne MacBride caingean leabhail i gcoinne an Irish Independent ach is beag a ghnóthaigh sé as ó thaobh an airgid de, ná maidir le cúram a pháistí a ghabháil ach oiread, ach is é rud a chinntigh sé go mbeadh an cás ar fad i mbéal an phobail i mBaile Átha Cliath. De dheasca an scannail, bhí stádas Gonne millte i measc náisiúnóirí. Bhí daoine ag siosarnach go nimhiúil léi in 1906 in Amharclann na Mainistreach: ceithre bliana roimhe sin fuair sí bualadh glórmhar bos tar éis ‘Cathleen Ni Houlihan’. Ach arís go brách ní bheadh sí chun tosaigh san ardpholaitíocht mar a bhí sí sa tréimhse úd idir tús na 1890idí agus deireadh 1903. Tá sé léirithe go háititheach ag Karen Steele chomh tábhachtach agus a bhí sí sna ciorcail ardnáisiúnacha sna blianta sin, rud a thógann ar an obair cheannródaíoch a rinne Margaret Ward.

Rinne Padraic Colum trácht san am sin ar an dochar a rinne an eachtra don Ghríofach, a raibh tionchar Gonne anois caillte aige: ‘Maud Gonne's marriage has removed not only an inspiring figure, not only one who brought something of the great world to him, but one who kept him close to notable people . . . The group of intellectuals whom he had mingled with at Maud Gonne's reunions in Nassau St. were dispersed or were no longer on good terms with him’ (Padraic Colum, Ourselves alone! The story of Arthur Griffith and the origin of the Irish Free State [1959], 74, luaite in Steele, Women, press and politics, [2007], 79). Botún ba ea MacBride a phósadh, rud a bhí déanta ag Maud ainneoin nach raibh a croí ann, de réir dealraimh. Ba uafásach an iarmhairt a bhí ar an mbotún maidir leis an deoraíocht ó Éirinn. Bhí fórsaí suntasacha ina coinne anois, agus John O’Leary ina measc. Rinne R. Barry O’Brien iarracht ar idirghabháil idir í féin agus MacBride, rud a léiríonn an dearcadh ar Maud mar bhean chéile agus mar mháthair; ó bhí teipthe uirthi mar bhean chéile, ní raibh áit mheasúil ann di os comhair an tsaoil mhóir a thuilleadh. D’fhéadfaí go furasta go mbainfí a páiste di, óir níorbh ann a thuilleadh don diamhracht a thug cosaint di ar an ngnás sóisialta a bhain le mná, i ngeall ar an scaradh agus ar í bheith go poiblí ina máthair. Nuair a tháinig sí ar ais isteach sa pholaitíocht tar éis 1916 is mar bhaintreach agus mar mháthair a tháinig sí i láthair – bhí sí ar aire riamh arís gan í féin a chur i láthair an tsaoil mar bhean gan aon cheangal ar chor ar bith uirthi. Níor atoghadh í mar leasuachtarán ar Chumann na nGaedheal (Sinn Féin faoin am seo) ag an ardfheis i mí na Samhna 1905.

Is sa Fhrainc a bhí a saol ag Maud Gonne ina dhiaidh sin, óir is ansin amháin a bhí bailíocht ag an scaradh agus ag na téarmaí a bhain leis. Bhí an buaireamh ann ar feadh roinnt blianta go ndéanfadh MacBride iarracht ar fhuadach a dhéanamh. Mar sin féin, thug sí cuairt ó am go chéile ar Éirinn. Bhí sé i láthair ag cruinniú de chuid Inghinidhe in 1908 nuair a mhol Helena Moloney go seolfaí iris nua náisiúnach do mhná, Bean na hÉireann. Bhí sí gafa le cúiseanna sóisialta, agus d’eagraigh sí bia do pháistí na mbocht agus do theaghlaigh a bhí ar stailc le linn fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath in 1913. Thug Yeats cuairt go minic ar bhaile Maud Gonne in Colleville na Normainne agus bhí cumann eatarthu, a bhí ar bhonn spioradálta ag an tús, i Meitheamh 1908 ach cuireadh i gcrích é faoin Nollaig. Chuir sí deireadh leis an gcumann i mí Bealtaine 1909, ach mhair an dlúthchairdeas eatarthu. In 1910 bhí sí ag fóirithint go deonach tar éis tuilte i bPáras. In 1910 agus 1911 chaith sí tuilleadh ama in Éirinn ag iarraidh soláthar béilí a dhéanamh do pháistí scoile Bhaile Átha Cliath, rud a d’éiligh comhoibriú le grúpaí eile sóisialta agus náisiúnta. Idir sin agus tús an chogaidh, chaith sí a dúthracht le taighde a dhéanamh faoi bhéilí saor in aisce áiteanna eile, agus d’éirigh léi in 1914, le cabhair Stephen Gwynn, feidhm an achta um bhéilí saor in aisce a leathnú go hÉirinn. Is mór a ghoill an cogadh uirthi nuair a thosaigh sé. Chuaigh sí leis an altranas in otharlanna míleata Francacha, in éineacht lena hiníon Iseult, sna Piréiní ar dtús agus ansin i bPáras agus in Paris-Plage. Ansin tháinig claochlú ar a saol ar fad le hÉirí Amach na Cásca 1916 nuair a daoradh John MacBride chun báis. Chuir sí éide bróin uirthi agus thug sí Maud Gonne MacBride uirthi féin, ar teideal é a bhí fágtha ina diaidh aici le dhá bhliain déag, ó chlis ar a pósadh. Is é a dúirt sí: ‘Major MacBride by his death has left a name for Seagan to be proud of. Those who die for Ireland are sacred’ (White agus Jeffares, 375).

Baintreachas agus poblachtachas

D’iarr Yeats ar Maud é a phósadh i mí Iúil 1916, agus nuair nár ghéill sí, d’iarr sé ar Iseult é a phósadh, ach níor éirigh leis. Ní raibh cead aici dul go hÉirinn i ngeall ar an acht um chosaint na ríochta, ach d’fhill sí faoi rún go Baile Átha Cliath i mí na Nollag 1917. I mí Bealtaine 1918 gabhadh í as bheith gafa le comhcheilg ar son na na Gearmáine agus cuireadh í i bpríosún Holloway i Londain, áit ar imtheorannaíodh í in éineacht le Kathleen Clarke agus Constance Markievicz. Bhí a mac Seán, a bhí in aois 14, Yeats agus Joseph King MP chun tosaigh i bhfeachtas fada ar a son agus scaoileadh saor í ar chúinsí drochshláinte i mí na Samhna 1918 agus tháinig sí ar ais go Baile Átha Cliath – bhí an eitinn uirthi arís. I mBaile Átha Cliath arís dóibh d’éirigh go fíochmhar idir í féin agus Yeats; dar léi gur chóir dó seasamh leis an gcomhaontú a bhí eatarthu go bhfágfadh seisean an teach dá mbeadh sise ag iarraidh cónaí arís ann, ach ní raibh seisean toilteanach cur isteach ar a bhean féin, George, a bhí torrach an tráth sin agus í ag éileamh leis an niúmóine. Ainneoin gur réitigh siad an t-easaontas, ní raibh an cairdeas riamh arís mar a bhíodh eatarthu. I mí Eanáir 1919 fuair a deirfiúr Kathleen bás leis an eitinn san Eilvéis, agus ba mhór an buille é sin do Maud anuas ar an méid a tharla di le deich mbliana. Pósadh Iseult Gonne in 1920 leis an scríbhneoir Francis Stuart, a cheap Maud a bhí ina dhuine taghdach mailíseach. Bhí achrann sa phósadh ón tús, agus bhí foréigean agus cantal mór ar an dá thaobh. Scar an lánúin ar feadh píosa, agus ba fhaoiseamh é sin do Maud, agus tháinig siad le chéile arís nuair a rugadh iníon, Dolores, dóibh. Fuair an leanbh óg sin bás leis an meiningíteas i mí Iúil 1921, agus thug Maud tacaíocht d’Iseult ina bris, agus thóg sí an teaghlach ar fad chun na Fraince chun téarnamh a dhéanamh.

Le linn chogadh na saoirse, chuaigh Maud arís leis an ngníomhaíocht pholaitiúil. Bhíodh sí i láthair i dtosach na sluaite a bhí lasmuigh de na príosúin an lá a bhí daoradh chun báis le déanamh, agus is minic a thug sí tacaíocht do theaghlaigh na bhfear a bhí daortha. Bhí sí gafa chomh maith le heagraíocht na Croise Báine in Éirinn, a bunaíodh le fóirithint ar cheantair a bhí i ngátar. D’oibir sí ansin in éineacht le Charlotte Despard, deirfiúr an Tiarna French, a casadh uirthi i Londain in 1918. Ghlac Maud i dtosach le Conradh 1921, i ngeall lena cairdeas le Ó Gríofa, agus ba sheasamh é sin a bhí ina chúis le hachrann ar feadh tamaillín idir í féin agus a mac Seán a bhí 17 mbliana d’aois agus ina bhall den IRA. Ach tar éis bhás Ghríofa d’ionsaigh sí rialtas an tSaorstáit go géar binbeach agus cuireadh i bpríosún í faoi dhó le linn 1923. Bhí dlúthchairde aici a chuir in éadan an chonartha chomh maith, ar nós Dorothy McArdle agus Constance Markievicz. Bhí sí chun tosaigh i leirsithe poiblí i gcoinne rialtas an tSaorstáit, scríobh sí don phreas radacach poblachtach, agus choinnigh sí an luí a bhí riamh aici maidir le príosúnaithe polaitiúla agus riar ar a gcás. Ba ise an príomhcheannaire sa Women’s Prisoners’ Defence League agus bhí teagmhálacha idirnáisiúnta aici maidir le ceist na bpríosún. Bhí sí an-ghníomhach mar dhuine aonair i réimse feachtas polaitiúil sna blianta a lean sin, agus is tearc fós an taighde atá déanta orthu seo. Bhí fuinneamh dochloíte inti. Mhair cairdeas idir í féin agus mná eile sa ghréasán ban poblachtánach ina mbíodh sí ag oibriú, agus idir í féin agus Hanna Sheehy-Skeffington agus Helena Moloney go háirithe. Bhí Teach Roebuck, Cluain Sceach ceannaithe aici féin agus ag Charlotte Despard in 1922, agus ansin chuir sí leis an mórghníomhaíocht pholaitiúil a bhí ar siúl aici trí mhiontionscal suibhe agus eile a reáchtáil, chun fostaíocht a chur ar fáil do phoblachtánaigh a bhí i ngátar. Ba mhinic an teach á ionradh ag fórsaí míleata agus sibhialta an tSaorstáit. Ní bhfuair sí aon sásamh as teacht de Valera i gcumhacht in 1932. Dhírigh a hiris, Prison Bars, aird ar anchaoi na bpríosúnaithe poblachtánacha. Tar éis thús an chogaidh chuir sí arís lena hiarrachtaí ar son na bpoblachtánach a imtheorannaíodh sa Churrach, agus d’éirigh sí gafa go mór le cás na stailceoirí ocrais a fuair bás. Rinne a mac, Seán MacBride ionadaíocht dlí ar son cuid mhór de na príosúnaithe sin.

An dara cogadh domhanda; na blianta deiridh

Maidir leis an bpolaitíocht idirnáisiúnta, ba neamhghnách an dearcadh a bhí ag Maud Gonne: in 1938 d’áitigh sí go bhfóirfeadh na gnéithe is dearfaí den chumannachas agus den fhaisisteachas mar mhúnla d’Éirinn. Faoin am ar thosaigh an cogadh in 1939 bhí sí go láidir ar son na Gearmáine, óir bhí sí le fada i gcoinne Shasana agus meascadh sin anois lena frith-Ghiúdachas, agus scríobh sí ag lorg ábhar bolscaireachta ón Deutsche Fichte Bund. Bhí sí mór leis an Dr Eduard Hempel, aire na Gearmáine i mBaile Átha Cliath, agus a bhean Evelyn, agus ba mhinic iad sin ar cuairt aici i dTeach Roebuck. Bhí sí á faire ag lucht faisnéise míleata na hÉireann, óir bhí siad in amhras fúithi agus an bhaint a bhí idir í agus eachtra Hermann Goertz in 1940, eachtra lena raibh gach duine lánfhásta i dteaghlach Gonne-MacBride-Stuart gafa faoina dheireadh. Tar éis an chogaidh, in éineacht le Goertz, bhunaigh Maud Gonne an feachtas Save the German Children, a raibh d’aidhm aige tithe altrama a sholáthar do dhílleachtaí cogaidh caitliceacha na Gearmáine.

Chónaigh Maud i dTeach Roebuck go deireadh a laethanta, lena mac, lena hiníon cleamhnais Catalina (‘Kid’) Bulfin (1901–76), agus a garpháistí Anna agus Tiernan ar a raibh an-chion go deo aici. In 1938 d’fhoilsigh sí dírbheathaisnéis, A Servant of the Queen, a chríochnaíonn leis an bpósadh le John MacBride; bheartaigh sí an dara himleabhar de chuimhní cinn ach ní tháinig siad. Bhí bród uirthi as Seán MacBride agus as a ghairmréim, mar Cheann Foirne an IRA (1936) agus mar aire rialtais (1948-51). Bhí sí an-mhór i dtólamh lena hiníon, ainneoin nár admhaigh sí riamh an gaol eatarthu. D’éag Maud Gonne ar an 27 Aibreán 1953: ‘I feel now an ineffable joy’ na focail deireanacha a dúirt sí, más fíor dá hiníon (Iseult Stuart chuig Francis Stuart, 2 Bealtaine 1953; Southern Illinois University). Leagadh bróga beaga Georges Gonne isteach sa chónra léi, mar a d’iarr sí, agus bhí na sluaite i ndiaidh a sochraide go Reilig Ghlas Naíon ar an 29 Aibreán.

Tá portráid ola le Sarah Purser (c.1889) de Maud Gonne i nDánlann Náisiúnta na hÉireann, in éineacht le líníocht phastail le Purser (1898), líníocht phinn luaidhe agus uiscedhatha le J.B Yeats (1907) agus líníocht chailce agus ghualaigh le Seán O’Sullivan (1929). I nDánlann an Hugh Lane, Baile Átha Cliath, tá dealbh bhrád phlástair le Laurence Campbell agus an dara pictiúr ola eile le Sarah Purser. Tá grianghraif de Maud Gonne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Aistrithe ag Foclóir Stairiúil na Gaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann »

Margaret O'Callaghan

Caoimhe Nic Dháibhéid