I dTeileann, Co. Dhún na nGall, a rugadh é agus ba iad Patrick McShane agus Kate Hegarty a thuismitheoirí. Tar éis a cháilithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí sé ag múineadh i Latharnach ar dtús go dtí gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil na Cóguise, Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall. I 1922 phós sé Margaret, múinteoir, ar dheirfiúr í le Micheál Óg Mac Pháidín. Bhí buachaill agus beirt chailín acu. D’aistrigh Pádraig The green cockade le Mrs Pender (An cnota glas, 1941). Nuair a foilsíodh An cnota glas is é a shíl cúpla nuachtán i nDún na nGall féin gurbh é Pádraig (1895-1981) an t-aistritheoir ach níor chuir sin isteach beag ná mór ar an bPádraig sinsearach, rud a chabhraigh, is dóigh, chun an botún a chur i bhfad. Bhí gaol cleamhnais acu le chéile: bhí deartháir le haistritheoir In aimsir Eoghain Ruaidh pósta ar dheirfiúr le haistritheoir An cnota glas! D’éag sé ar 3 Lúnasa 1954.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú