Ar an Inse Mhór i gCúil Aodha, Co. Chorcaí, a rugadh é. Ba é Tadhg (Aindrias) Ó Scanaill a athair agus ba í Siobhán Ní Chuill a mháthair. Feirmeoir an t-athair. I ndiaidh dó bheith sa scoil áitiúil i mBaile Bhuirne chaith sé an tréimhse 1897–8 i gColáiste De La Salle i bPort Láirge. Chaith sé cúig bliana ag múineadh i scoil Bhaile Bhuirne sular aistrigh sé go dtí scoil Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Phós sé Martha Nic Chárthaigh as Dún Mánmhaí. D’fhoghlaim sise Gaeilge. Bhí seisear clainne acu ach cailleadh triúr díobh go hóg. Chuaigh Tadhg amach ar pinsean i 1934.

Tá dúthracht Thaidhg timpeall na Gaeilge soiléir i gcaint a thug sé uaidh ag comhdháil de mhúinteoirí i nDoire in Aibreán 1900. ‘A chairde, is baolach go maslófar ár n-ainmneacha fós ag daoine a thiocfaidh inár ndiaidh, gur sinne, máistrí scoile na hÉireann, atá tar éis níos mó ná ár gceart a dhéanamh chun ár dteanga a chur chun báis ar fud na tíre. Critheann gach órlach díom le náire nuair a airím nithe mar sin curtha inár leith ach faraor ní féidir iad go léir a shéanadh. Is cinnte an scéal go bhfuil na scoileanna náisiúnta tar éis níos mó díobhála a dhéanamh ná mar a thuigimidne.... Foghlaimímis féin ar dtús í agus is fusa í a mhúineadh do na scoláirí ina dhiaidh sin.... B’fhéidir go bhfuil cuid agaibh nach bhfuil fhios agaibh gur fearr chun foghlama go mór an scoláire óg ag a bhfuil dhá theanga—Gaeilge agus Béarla—ná an té nach bhfuil aige ach aon teanga amháin’.

Bhí cuid mhaith d’ábhar na múinteoirí taistil féin nach raibh léamh ná scríobh na teanga acu. Dá leithéidí a chuir Tadhg agus Pádraig Ó Séaghdha (Gruagach an Tobair)ranganna ar siúl. Le cead an tsagairt paróiste bhí bothán adhmaid i gclós an tséipéil i mBéal Átha an Ghaorthaidh mar theach scoile acu. Bhí an mhúinteoireacht féin mar ábhar léinn acu ann freisin mar ba rud é a raibh na múinteoirí taistil dall air. Ag Feis na Mumhan i 1903 socraíodh ar Choláiste na Mumhan a bhunú chun an gnó sin a ghlacadh ar láimh. Bhí Tadhg ar an gcoiste a thug faoin obair. Ón tosach i 1904 bhí sé ina chúntóir ag an Athair Risteard Ó Dálaigh agus Diarmuid Ó Foghlú (Feargus Finnbhéal) agus ina ollamh ann. ‘A college where native speakers can be trained to be effective teachers’, a dúirt An Claidheamh Soluis faoin gColáiste. Tá cur síos ag Aindrias Ó Muimhneacháin ar an obair a rinneadh ann in Feasta, Iúil 1954.

Bhronn an tAthair PeadarCorn Liam Uí Bhriain ar Thadhg i 1903. I 1922 foilsíodh a leabhar do mhúinteoirí Scannell’s School Orders in Irish. Scríobh sé freisin Stair na hÉireann, ceist agus freagra (1927) agus d’aistrigh sé Outlines of Irish History le P. W. Joyce. Cailleadh é ar 20 Lúnasa 1939 agus tá sé curtha i mBaile Bhuirne. Col seisir dó Tadhg Ó Scanaill(1883–1967).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú