WHITAKER, Thomas Kenneth (1916–2017)
Le caoinchead ó Martin Dwan

In 2001 ba é T.K. Whitaker rogha lucht féachana RTÉ mar Éireannach an chéid. An t-ardrúnaí ab óige riamh ar an Roinn Airgeadais (1955–69) agus ina dhiaidh sin ina ghobharnóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann (1969–76), ina sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann (1976–96) agus ina sheanadóir (1977–82). Thar aon rud eile ba é an páipéar Economic Development (1958) a bhain cáil dó. Áirítear Tuaisceart na hÉireann agus an Ghaeilge ar na ceisteanna náisiúnta ar chuir sé spéis faoi leith iontu. Chaith sé tréimhse ina chathaoirleach ar Chomhairle Bhéaloideas Éireann (1972–96) agus ba é an chéad chathaoirleach é ar Bhord na Gaeilge (1974–78). Bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1975, de bhord Scoil an Léinn Cheiltigh ó 1976 go 1995 agus de Chomhairle an Stáit ó 1991 go 1998.

I Ros Treabhair, ar thaobh an Dúin de Loch Cairlinn, ar an 8 Nollaig 1916, a rugadh Thomas Kenneth Whitaker, mac le Edward Whitaker, bainisteoir cúnta i muileann beag línéadaigh, ó Chill Liúcainne, Co. na hIarmhí, ó dhúchas, agus Jane O’Connor, banaltra ó Chúil Mhín, Leaba Shíoda, Co. an Chláir. Nuair a rugadh Ken bhí bliain agus leathchéad slánaithe ag a athair agus triúr iníonacha aige óna chéad phósadh le Kathleen Lowe, bunmhúinteoir a bhí básaithe: May, a chuaigh chun cónaithe i Sasana; Teresa (an tSiúr Mary Attracta) misinéir san Afraic; agus Kathleen a bhí dall agus a d’fhan sa bhaile. Bhí deirfiúr eile, Peggie, a bhí dhá bhliain ní b'óige ná é. Sé bliana d’aois a bhí sé nuair a d’aistrigh an teaghlach go Droichead Átha. Maidir le Kenneth – ainm carachtair ab ea é i leabhar le Walter Scott a bhí á léamh ag a mháthair.

D’fhreastail sé ar scoileanna na mBráithre Críostaí – bunscoil an Gheata Thiar agus meánscoil Gheata Rí an Domhnaigh. Chuaigh a mhúinteoir Gaeilge, Peadar McCann, a thugadh ranganna Fraincise dó tar éis am scoile, go mór i bhfeidhm air: ‘Ba é Peadar a mhúscail mo shuim sa Ghaeilge agus a chothaigh mo bhá léithe. Is saibhride mo shaol dá bharr’ (Chambers 2014). Ba ar a chomhairle sin a chuaigh sé ar thóir na gcainteoirí dúchais deireanacha sa cheantar; thóg sé síos paidreacha ó bhean i dTulaigh Álainn, Droichead Átha, agus in aois 16 bliana thug sé cuairt ar Ó Méith agus labhair sé i nGaeilge le mná ar oilithreacht Lá Fhéile Muire Mór san Fhómhar. Blianta ina dhiaidh sin thug sé cuairt eile ar an gceantar le cara leis, an Cairdinéal William Conway, agus labhair siad leis an gcainteoir deireanach ann. Cúig bliana déag a bhí sé nuair a chonaic sé trí sheans ag feis go raibh agallaimh ar siúl do scoláireachtaí do chúrsa sa Ghaeltacht. D’éirigh leis agus chaith sé mí i Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, ceantar a raibh cuimhní geala aige air go deireadh a shaoil. Ar ais ar scoil bhunaigh sé cumann Gaelach. D’fhill sé an bhliain dár gcionn. In 1934, tar éis na hArdteistiméireachta, chaith sé mí ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe, ach in 1935 bhí sé ar ais arís i Rann na Feirste. In 1937 rinne turas rothair timpeall Fhánada, Ros Goill agus Ghleann Cholm Cille. Faoin am seo bhí sé trí bliana sa státseirbhís.

Bhí sé ag smaoineamh ar dhul le leigheas ach nuair a bhí sé ag ullmhú le haghaidh scoláireacht ollscoile agus go bhfuair sé an chéad áit in Éirinn sna scrúdaithe d’oifigigh chléireachais, shíl sé gurbh fhearr glacadh leis an bpost. Is i gCoimisiún na Státseirbhíse a thosaigh sé, agus ar feadh ceithre bliana bhí sé ar thraein 8.20 gach maidin ó Dhroichead Átha, ach nuair a fuair a dheirfiúr post i gCoimisiún na Talún d’aistrigh an teaghlach go Cromghlinn ar imeall na cathrach. Taobh istigh de shé mhí bhí ardú céime faighte aige go fo-oifigeach feidhmeach sa Roinn Oideachais, agus roinnt míonna ina dhiaidh sin fuair sé ardú céime eile nuair a ceapadh é in aois a fiche bliain, an rúnaí ab óige riamh, ag an Aire Tomás Ó Deirg, ó Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, a bhí go mór chun cinn in athbheochan na Gaeilge mar theanga na tíre. An bhliain dár gcionn agus d’éirigh leis i scrúdú do chigire cánach cúnta agus aistríodh é go dtí Oifig Chánach Bhaile Átha Cliath. Bhí tosaithe aige faoi seo ar chúrsa céime comhfhreagrais sa Mhatamaitic, sa Léann Ceilteach agus sa Laidin, le hOllscoil Londan, céim a ghnóthaigh sé in 1938, an bhliain chéanna a thosaigh sé mar fho-oifigeach riaracháin sa Roinn Airgeadais. Lean sé ag staidéar le hOllscoil Londan agus bhain sé amach BSc agus MSc san Eacnamaíocht in 1944 agus in 1952 faoi seach. Sa bhliain 1962 bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht san Eacnamaíocht air.

Faoi na 1950idí ba léir nach raibh polasaithe cosantais an Stáit ag dul i ngleic leis an drochbhail a bhí ar gheilleagar na tíre agus ar an imirce leanúnach. In 1956, cheap an Taoiseach John A. Costello Whitaker mar ardrúnaí sa Roinn Airgeadais. Réitigh Whitaker agus an tAire Gerard Sweetman go maith lena chéile. Díreach roimhe sin bhí páipéar tugtha ag Whitaker don Statistical and Social Inquiry Society of Ireland, ‘Capital Formation, Saving and Economic Progress’, a fuair aird na meán agus na Roinne agus a spreag é chun grúpa státseirbhíseach a chur ag obair ar an bplean Economic Development (1958). Bhí athrú rialtais ann in 1957 agus tháinig Seán Lemass isteach mar aire airgeadais. De bhrí go raibh dlúthbhaint ag Lemass leis an bpolasaí cosantais a bhí i bhfeidhm ó na 1930idí, d’oir sé dó ainm státseirbhísigh a bheith luaite leis an gcinneadh casadh i dtreo na hoscailteachta.

Bhí Whitaker chun tosaigh freisin in iarratais na hÉireann ar bhallraíocht sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, sa Bhanc Domhanda agus san Aontas Eorpach. Bhí sé páirteach freisin i mbunú an Fhorais Riaracháin agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Stiúir sé an idirbheartaíocht don chomhaontú trádála idir Éirinn agus an Bhreatain. Luann Chambers (2014) go raibh sé i gceannas ar suas le daichead coimisiún agus coiste eile.

D’fhág sé an Roinn Airgeadais in 1969 le bheith ina ghobharnóir ar an mBanc Ceannais, agus d’fhan sé ansin go 1976, nuair a ghlac sé le ceapachán ón Taoiseach Seán Ó Loingsigh chuig an Seanad, ar an gcoinníoll gur ball neamhspleách a bheadh ann le saoirse labhairt amach, rud a rinne sé go minic in aghaidh pholasaithe eacnamaíochta an rialtais.

Mar ardrúnaí, mar ghobharnóir agus ar feadh a shaoil, chuir Whitaker suim faoi leith sa Tuaisceart. Ba é a thionscain an cruinniú stairiúil in Stormont idir an Taoiseach Seán Lemass agus an Príomh-Aire Terence O’Neill in 1965. In 1969 dhréachtaigh sé óráid a thug Seán Ó Loingsigh i dTrá Lí, inar luadh prionsabal na tola mar pholasaí an rialtais i leith athaontú na tíre. In 1971 scríobh sé meamram don Taoiseach, ‘Northern Ireland – a Possible Solution’, scéim a rachadh i bhfeidhm ar Chomhaontú Sunningdale (1973) agus ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (1998). Luadh sé go minic an baol a bhain le caint chorraitheach a bheadh dírithe ar náisiúnaithe amháin. Thugadh sé le chéile, go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta, polaiteoirí, státseirbhísigh, lucht baincéireachta agus gnó, agus grúpaí deonacha an Tuaiscirt agus a macasamhlacha ó dheas. Bhí sé ar bhunaitheoirí an British–Irish Association (1972) agus ina chomhchathaoirleach ar Anglo-Irish Encounter (1980). Ba ar an Tuaisceart a scríobh sé a phlépháipéar deireanach, ‘Northern Ireland – In Search of a Solution’ (1997). Ábhar iontais dó féin ab ea an dua a chaith sé leis. Cuid de, dar leis, ab ea gurbh as an Tuaisceart ó dhúchas é.

Mar gheall ar an spéis a léirigh Whitaker in Tuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge (1963) faoi chathaoirleacht an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich, aistríodh cúram an pháipéir bháin go dtí an Roinn Airgeadais agus d’oibrigh sé le Séamus Ó Ciosáin ar Athbheochan na Gaeilge (1965). Ba é tuairim Whitaker, cé gur chuid luachmhar d’oidhreacht chultúrtha na tíre í agus gur cheart go múinfí sna scoileanna í, nach n-éireodh le hiarrachtaí teanga oibre na tíre a athrú ó Bhéarla go Gaeilge agus mar sin gur chóir deireadh a chur le prionsabal an éigeantais. Mar a tharla le Economic Development, bhí an Taoiseach Seán Lemass ar aon intinn leis agus d’athraigh polasaí an rialtais i leith na Gaeilge. De réir a chéile d’athraigh stádas na teanga sa státchóras. Níor iarradh stádas oifigiúil don Ghaeilge agus Éire ag dul isteach i gComhphobal na hEorpa, ná ní bheadh sí riachtanach don Ardteistiméireacht ó 1973, ná le post a fháil sa státseirbhís ó 1974, agus lean an laghdú suntasach ar líon na scoileanna a bhí ag teagasc trí mheán na Gaeilge, próiseas a bhí tosaithe ó dúnadh na coláistí ullmhúcháin in 1961.

Mar ghobharnóir ar an mBanc Ceannais chuir Whitaker tús le sraith alt i nGaeilge in Bulletin, iris ráithiúil an bhainc, a fheictear ann go fóill. Sa bheathaisnéis le Anne Chambers, tá liosta de 174 alt leis, 12 acu i nGaeilge ar réimse leathan ábhar san iris sin, An tUltach, Comhar agus mar sin de.

In 1975 d’iarr Aire na Gaeltachta, Tomás Ó Dómhnaill, ar Whitaker a bheith ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge, a bhí le teacht in áit Chomhairle na Gaeilge, a raibh sé ina bhall di. Ghlac sé leis ar bhonn deonach, go dtí go mbeadh sé ina chomhlacht reachtúil, go dtí 1978, mar a tharla sé. Le bonn eolaíochtúil a chur faoi pholasaithe an Bhoird, rinneadh taighde ar dhearcadh an phobail i leith na teanga. I rith na tréimhse seo, mhol sé don fhile Thomas Kinsella, a rúnaí príobháideach nuair a bhí sé sa Roinn Airgeadais, agus do Sheán Ó Tuama, obair ar An duanaire: poems of the dispossessed (1981), dánta Gaeilge ón seachtú go dtí an naoú céad déag, le haistriúcháin agus nótaí i mBéarla. Thiomnaigh siad an leabhar dó. Nuair a bhásaigh Seán Ó hÉigeartaigh go tobann in 1967 bhí Sáirséal agus Dill, a chomhlacht foilsitheoireachta, le dúnadh ach gur shocraigh Whitaker go gcuirfí cúnamh airgid ar fáil chun é a choinneáil ag imeacht.

Nuair a bhí Whitaker sa Roinn Oideachais chas sé le Nora Fogarty, Baile Átha Cliathach trí bliana níos sine ná é, iarscoláire de chuid Loreto Fhaiche Stiabhna a raibh teach tábhairne ag a hathair, Fogarty’s i Margadh an Arbhair sna Saoirsí. Pósadh iad ar an 6 Lúnasa 1941 in Eaglais San Audeon. Chaith siad mí na meala i gCaisleán Cheapach Corcóige, Co. Mhaigh Eo, agus leis na mná rialta i Mainistir na Coille Móire, Co. na Gaillimhe. An samhradh dár gcionn rinne siad turas rothair i dTír Chonaill. Seisear clainne a bhí orthu idir 1943 agus 1952: Kenneth Oliver, Gerald, Raymond, David, Catherine agus Brian.

Nuair a thógadh an teaghlach teach saoire cois farraige sa Ros i dtuaisceart Cho. Bhaile Átha Cliath, d’fhéadadh sé dul ag obair ar an traein, agus galf a imirt le Nora sna tráthnónta. Théidís níos faide ó bhaile freisin, go Rann na Feirste, Baile an Sceilg, Múscraí, Carna agus, ó 1972, go hIorras, Co. Mhaigh Eo, áit a raibh seanteach scoile mar theach saoire acu. Teileagram óna chara Séamus Ó Duilearga a thug go hIorras i dtosach é: ‘Tá tuile san abhainn, gaibh i leith.’ Óna óige, nuair a d’fheiceadh sé na hiascairí ar an mBóinn, bhí spéis aige in iascach bradán agus cé go raibh sé amach sna daichidí sular thug sé féin faoi, ba dhlúthchuid dá shaol ina dhiaidh sin é. Bhí Seán Ó Loingsigh agus Pádraig Ó hIrghile orthu siúd a dtéadh sé amach leo. Bhí sé ina chathaoirleach ar mhórán coistí, idir thaighde, pholasaí agus thacaíocht, a bhain le cúrsaí iascaireachta. Spéis eile fós dá chuid ab ea an Fhraincis. Thug an chlann a gcéad chuairt ar an bhFrainc in 1946 agus d’fhill siad go rialta, ag campáil, uaireanta ag dul chomh fada le Oberammergauan Róimh. Le páirt níos iomláine a ghlacadh i gcruinnithe idirnáisiúnta, rinne Whitaker cúrsa Fraincise san Alliance Française. Bheadh sé ina uachtarán air ó 1976–92 agus ar bhord an College Irlandaise, Páras, ó 1989. Go gairid tar éis dó dul ar scor ón mbanc in 1976, bhí sé ar an gcéad Éireannach ar bronnadh an gradam Commandeur de la Légion d’Honneur air agus ón am sin amach théadh sé lena bhean ar thuras bliantúil iascaireachta sa Fhrainc, ‘ma deuxieme patrie’.

Bhí dúil riamh aige sa cheol clasaiceach. Ina óige d’fhoghlaim sé féin agus a dheirfiúr Peggie pianó agus veidhlín agus bhí sé páirteach i gceoldrámaí mar a bhí na buachaillí eile i gcór an pharóiste. Chaith sé blianta fada i gcór pharóiste Dhomhnach Broc. In aois a 88 bliain thosaigh ar an dordveidhil, thug cuairt ar Leòdhas lena chuid Gàidhlig a chleachtadh, agus sna nóchaidí rinne cúrsa san fhealsúnacht eolaíochtúil.

Bhásaigh a bhean Nóra in 1994 in aois a 81 bliain, agus beirt dá gclann ina dhiaidh sin, Catherine in 1998 agus Gerry in 2002. In 2005 phós sé Mary Moore, cara lena dheirfiúr Peggie. Cailleadh ise in 2008 agus cailleadh Peggie féin in 2010. Ochtar is fiche a bhí sa tríú glúin. Luann siad a chúnamh praiticiúil agus an chomhairle a chuireadh sé orthu agus chomh mórtasach a bhídís ag freastal ar ócáidí leis. Bhásaigh T.K. Whitaker ar an 9 Eanáir 2017 agus tá sé curtha i Reilig Sheangánaí, Co. Bhaile Átha Cliath.

Foilsíodh Ireland in the coming times: essays to honour T.K. Whitaker’s 80 years (1996) in eagar ag Fionán Ó Muircheartaigh agus beathaisnéis, T.K. Whitaker: portrait of a patriot (2014) le Anne Chambers. Ar na cuntais iarbháis ar na meáin Ghaeilge bhí ‘Fathach fir a rinne leas a thíre ar chuile dhóigh’, le hÁine Ní Chiaráin, Tuairisc.ie, 10 Eanáir 2017 agus ‘T.K. Whitaker – nóta pearsanta’ le Mícheál Ó hUanacháin, Feasta, Feabhra 2017.

Éilis Ní Anluain

Leabhair

Ailt