O’DONNELL, Tom (1926–2020)
Le caoinchead ó oifigí Fhine Gael

Nuair a d’fhógair Liam Cosgrave, Taoiseach na linne, comh-aireacht an 20ú Dáil cúpla lá roimh Lá Fhéile Pádraig 1973, ba é Tom O’Donnell a d’ainmnigh sé mar Aire Gaeltachta – an chéad uair riamh a bhí aireacht iomlán dá cuid féin ag an limistéar sin.

Ba in 1961 a toghadh O’Donnell ina Theachta Dála den chéad uair agus choinnigh sé greim ar a shuíochán do pháirtí Fhine Gael in Oirthear Luimnigh sna seacht gcinn d’olltoghcháin a tionóladh idir sin agus deireadh 1982.

Ba bheag de theanga a shinsear a bhí aige nuair a ceapadh ina Aire Gaeltachta é, ach dhírigh sé ar líofacht a bhaint amach, cé gur fhág bodhaire a bhí air ina óige go raibh máchail fhánach ar a chuid foghraíochta, mar a bhí freisin i mBéarla. Más tada é, is amhlaidh a tharraing sin gnaoi an phobail air. Duine thar a bheith taitneamhach ab ea é freisin, rud a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir na Gaeltachta, áit a shiúil sé ó bhun go barr, go mion agus go minic.

Faoin am a ceapadh é ní raibh ach cosamar dhá mhí caite ag Éirinn mar bhall de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Fós, ba léir cheana féin go raibh deis ar an tairseach cúnamh a fháil do réigiúin shainiúla a bhí taobh istigh den Chomhphobal – áiteanna nach raibh ar aon dul lena gcomharsana ó thaobh suímh, thorthúlacht na talún, infreastruchtúir, nó i gcás na Gaeltachta, theanga na ndaoine.

In 1971, bliain sular reáchtáladh an reifreann a thug Éire isteach sa gComhphobal, d’fhoilsigh Gaeltarra Éireann agus Cuideachta Forbartha Aerfort na Sionainne (SFADCO) tuarascáil dar teideal ‘Gníomh don Ghaeltacht.’ Chomh maith le moltaí maidir le forbairt phobail agus polasaithe eacnamaíochta agus sóisialta sa dá limistéar a bhí faoi chúram, bhí moltaí maidir le cothú agus athbheochan na Gaeilge. Bhí athruithe bunúsacha molta sa tuarascáil i gcás na Gaeltachta: tús áite mar aon le mórchuid an airgid dlite don ‘Fhíor-Ghaeltacht’ agus dliteanas na ‘Breac-Ghaeltachta’ ag brath ar an gcruthúnas a bheadh ann go raibh an teanga á caomhnú ansiúd agus méadú ag teacht ar an líon daoine a bhí á labhairt.

Bliain díreach tar éis dó a bheith ceaptha mar Aire, d’fhógair Tom O’Donnell go raibh údarás nua Gaeltachta ar na bacáin a bhí bunaithe cuid mhaith ar an múnla a bhí curtha chun cinn ag Gaeltarra/SFADCO. Bheadh cumhachtaí leathana ag an mbord stiúrtha, ar a mbeadh triúr as an nGaeltacht.

Chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go láidir ina aghaidh ar an mbonn nach raibh i bplean an Aire ach athrá ar chumhachtaí a Roinne agus Ghaeltarra mar a bhí. Údarás tofa a theastaigh uathusan, a mbeadh smacht aige ar rialtas áitiúil, oideachas, iascaireacht, turasóireacht agus talmhaíocht freisin. Dhiúltaigh fiche comhairle paróiste i gConamara dó agus fuair siad roinnt mhaith tacaíochta ó na ceantair eile agus ó Chonradh na Gaeilge. Easaontas a bhí ann a mhair fad an achair a bhí O’Donnell i mbun a chúraim, agus go deimhin i bhfad ina dhiaidh. Loic cuid de na hairí eile a bhí ina Rialtas féin ar Ó Domhnaill freisin agus ba bheag meas a bhí ag ranna stáit ar a phlean.

Dá bharr sin, ba leagan a raibh tanú go leor déanta air a chuaigh os comhair na Dála faoi dheireadh. Go deimhin bhí an comhrialtas imithe as oifig agus Fianna Fáil ar ais i gcumhacht nuair a thug an 21ú Dáil isteach an reachtaíocht a thug Údarás na Gaeltachta ar an saol in 1979. Agus é ag dul i mbun a chúraim sé bliana roimhe sin, dúirt an tAire nua Gaeltachta go mbeadh aird faoi leith aige ar na hoileáin, ar thurasóireacht, ar fhorbairt eacnamaíochta agus ar a dhul ar thóir airgid as cistí de chuid an Chomhphobail.

Cheap Gaeltarra oifigeach forbartha oileán den chéad uair le linn a aireachta agus tógadh aerstráicí in Inis Meáin agus in Inis Oírr. Fuair oileánaigh gealltanas ar sheirbhís ingearáin le linn drochaimsire agus rinne O’Donnell a chion le cinntiú go mbunófaí seirbhís farantóireachta go hÁrainn Mhór.

Cheap an tAire O’Donnell an gníomhaí pobail an tAthair Séamas Mac Duibhir ar bhord Ghaeltarra Éireann agus ba faoina réimeas freisin a bunaíodh Bord na Gaeilge faoi chathaoirleacht T.K. Whitaker.

Toghadh Tom O’Donnell freisin mar fheisire do Chúige Mumhan i bParlaimint na hEorpa sa mbliain 1979, nuair a bhí sé ceadaithe do Theachtaí Dála freastal ar an dá thrá, agus atoghadh é in 1984. Ba é a bhí mar urlabhraí ar Pholasaí agus ar Phleanáil Réigiúnach ag the European People's Party le linn na deich mbliana a chaith sé sa bParlaimint.

Ar 30 Lúnasa 1926 a saolaíodh Tom ar an mBuilgidín, nó Béal Átha Gadáin mar a thugtaí air ag an am sin, in aice Chill Mhocheallóg i gCo. Luimnigh. Feirmeoir ab ea a athair, Paddy, ansiúd agus ba as Cathair Chinn Lis sa gcontae céanna a mháthair, Josephine Ní Chonaill. Ba é Tom an té ba shine d’ochtar clainne – ceathrar mac agus ceathrar iníonacha.

Poblachtánaigh ab ea muintir a mháthar. Bhí deartháir léi, Dick O’Connell, ina cheannasaí ar cholún reatha an IRA i Luimneach Láir le linn Chogadh na Saoirse agus ina Theachta Dála do Chumann na nGaedheal idir 1924 agus 1932.

Ar an gCeapach Mhór a fuair Tom O’Donnell a chuid bunscolaíochta agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sé ar Scoil na mBráithre Críostaí, an Ráth, Co. Chorcaí, ar Choláiste an Chorráin i gcathair Luimnigh agus ar Choláiste na Sailéiseach i bPailís Chaonraí. Chuaigh sé as sin go Coláiste Naomh Pádraig i nDurlas, agus ansin bhain céim BA amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Chaith sé tréimhsí ag teagasc i gColáiste Fhiontáin i gCill Fhionntain agus sa gCeardscoil ar an Trá Thuaidh sa bpríomhchathair sular fhill sé ar cheantar a dhúchais, áit ar toghadh mar Theachta Dála é den chéad uair in 1961. Bhí sé ina ionadaí poiblí gur éirigh sé as in 1989.

Nuair a d’éirigh sé as an bpolaitíocht, bhí Tom O’Donnell gníomhach i gcónaí in imeachtaí pobail. Bhí sé ina uachtarán ar Institiúid Síochána na hÉireann in Ollscoil Luimnigh; ina Chathaoirleach ar Chomhpháirtíocht Chathair Luimnigh (PAUL), ina Chathaoirleach ar Ghrúpa Straitéiseach Chathair agus Chontae Luimnigh, agus páirteach in eagraíochtaí go leor eile.

Sna blianta 2001 agus 2005 reáchtáil Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh fáiltithe mar chomharthaí aitheantais ar a chuid oibre. Bhronn a chomhghleacaithe sa European People's Party Bonn Schuman air.

Phós sé Helen O’Connor as Sligeach, a bhí ina rúnaí náisiúnta ar Fhine Gael tráth agus bhí aon mhac amháin acu. Bhásaigh Tom O’Donnell ar 8 Deireadh Fómhair 2020 agus tá sé curtha i Reilig an Ospidéil, Luimneach.

Mártan Ó Ciardha