Chaith sé bliain is fiche, ó 1964 go 1985, ina Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta. Meastar gurbh ar éigean a chaith aon duine eile tamall chomh fada sin mar rúnaí roinne. Feirmeoir in aice le Cill Uird, Co. Chorcaí, a athair, agus is ann a rugadh é ar 8 Eanáir 1920. I gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhearmaí, fuair sé an marc is airde in Éirinn i scrúduithe ardteistiméireachta 1937, chomh maith le scoláireacht ollscoile. Chaith sé bliain ag gabháil don innealltóireacht i gColáiste Ollscoile Chorcaí ach ghlac le post státseirbhíse an bhliain dár gcionn. Bhí sé tamaill in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus i gCoimisiún na Talún sular ceapadh é ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Iascaigh agus gan ach 41 bliain slán aige. I 1963 ceapadh é ina Rúnaí i Roinn na Gaeltachta agus bhí sa phost sin le linn do Sheoirse Ó Colla, Pádraig Ó Fachtna, Micheál Ó Móráin [B8; 268], Máire Geoghegan-Quinn, Donncha Ó Gallchóir, Tom O’Donnell agus Pádraig Flynn a bheith ina nAirí. Air a thit sé cur leis na gealltanais a tugadh i bPáipéar Bán an Rialtais 16 Eanáir 1965 (Athbheochan na Gaeilge) agus tathant ar an Roinn Airgeadais a raibh i gceist a mhaoiniú. Le linn a rúnaíochta freisin a forbraíodh Údarás na Gaeltachta agus na comharchumainn Ghaeltachta. Bhí sé pósta ar Helen Gallery agus bhí mac agus iníon acu. D’éag sé 20 Meán Fómhair 2003 agus cuireadh é i Seangánach in aice na Seanchille, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú