Is geall le pearsa sa bhéaloideas an file seo agus is ina chuid dánta agus san eachtra a scríobh sé atá an beagán eolais atá ar fáil ina thaobh. Tá a ainm i mbéal an phobail go fóill i ngeall ar an amhrán breá úd ‘An Caisideach Bán’. Tá eolas ar a shaol ag Mairghréad Nic Philibín in Na Caisidigh agus a gCuid Filidheachta, 1938 agus i gcló sa leabhar sin tá sé chinn dá dhánta, ina measc ‘An Caisideach Bán’, ‘Béal Átha hAmhnais’ agus ‘An Bráithrín Buartha’. Tá ann chomh maith: ‘Eachtra Thomáis Mhic Chaiside’, agus ‘Sealgmhór Lissbrandóige’, ar sórt laoi é; ba é Brian Ó Fearghail a chóipeáil idir eachtra agus laoi i 1773 as lámhscríbhinn Uí Chaiside agus a chuir ‘comaoin bheag’ orthu; bhí súilaithne aige ar an bhfile. Mar aguisín sa leabhar tá leagan de chuid den eachtra as lámhscríbhinn in Acadamh Ríoga na hÉireann a bhfuil an dáta 1754 leis (cé gurb é 1782 an dáta ceart dar le hÉamonn Ó Tuathail in Éigse, samhradh 1939); deir Nic Philibín faoi: ‘Is cosúil go bhfuil an chóip seo níos bunúsaí ná cóip Uí Fhearghail agus gur díreach as scríbhinn an údair a tarraingíodh í, gan aon “chomaoin a chur ar an aisde”.’ D’aistrigh Adrian Kenny na dánta agus eile go Béarla in An Caisideach Bán: the Song and Adventures of Tomás Ó Casaide, 1993. Tá beagáinin eile eolais, go háirithe ar mhuintir Chaiside, agus ar an áit cois na hÉirne arbh as iad, ag Éamonn Ó Tuathail sa léirmheas a rinne sé ar leabhar Mhairghréad Nic Philibín in Éigse, samhradh 1939; tá dánta Éamoinn Uí Chaiside sa leabhar aici freisin agus dearbhaíonn Ó Tuathail go raibh gaol aigsean le Tomás.

I nDriseachán in aice leis an gCaisleán Riabhach, Co. Ros Comáin, is cosúil a rugadh an file seo ach ag pointe éigin is ó Fhear Manach a tháinig a shinsir; bhí bá aige le hUlaidh agus ‘bráthair Ultach nó Connachtach’ a thugadh sé air féin. Dar le Eoin Mac Cárthaigh a scríobh an cuntas in DIB ba mhac é Ó Caiside le hEoghan, ar mhac é le hÉamonn Odhar. Rugadh is tógadh é i Leacht an Driseacháin, Co. Ros Comáin. Tuairimíonn Nollaig Ó Muraíle (in Irisleabhar Mhá Nuad, 1990) gur dóigh gurbh iad Micheál agus Gréagóir Ó Caiside, a luaitear i ndaonáireamh áitiúíl agus a raibh cónaí orthu in ‘Drissughan,’ a dheartháireacha. Chuaigh sé isteach sna hAgaistinigh, sa chlochar a bhí acu i mBéal Átha hAmhnais, is dóigh. ‘Fá phósadh dona gan bhrí, díbríodh mise i gcoigrích’, a deir sé i gceann dá dhánta ach deireann Nic Philibín: ‘D’fhéadfadh sé gur mar gheall ar lánúin a phósadh gan dlí na heaglaise a chomhlíonadh a díbríodh an Caisideach; ach tá sé le léamh sna hamhráin gur pósadh é féin, agus gurb é sin fáth a dhíbeartha.’ B’fhéidir gurbh i ‘Máire Bhéal Átha hAmhnais’ an bhean.

Insíonn sé san Eachtra gur thaistil sé Éire sular fuadaíodh thar muir é le díol le hoifigeach Francach in aice le Strasburg. Throid sé i gCogadh Chomharbacht na Polainne 1733–34. Tar éis cúpla bliain d’éalaigh sé amach as an arm agus ag pointe éigin díoladh é le harm na Prúise: tuairimíonn Níc Philibín go raibh airde mhaith ann agus gur bhall de gharda cosanta an rí é. Thréig sé bratach Rí na Prúise agus tar éis gach contúirt agus guais a shárú d’éirigh leis Hamburg a bhaint amach agus ansin Briostó. Chaith sé cúpla seachtain in arm Shasana ach d’éalaigh le beirt eile gur chaith sé sé seachtaine fada geimhridh in Devonshire. D’éirigh leis teacht go Cionn tSáile ar deireadh. Dhealródh go raibh sé tamall arís sna hAgaistinigh ach chuaigh ag fánaíocht ar fud na hÉireann, é ar an drabhlás go minic. ‘Rinne mé síolchur trí shléibhte agus mionlathacha na Éireann le falradh feadóg ag innsint seanscéalta, ag fiannaíocht agus ag briadaíocht is ag síogaíocht, is ag cliaraíocht is ag rannaireacht, sealad ag staraíocht agus ag abhlóireacht, tamall ag fidléireacht is ag trumpóireacht, ag dordánacht is ag breallánacht is ag feadánacht, agus ag ól Sheebang nó Mundungus.... Bhaininn stiall den aimsir in gach áit dá mbinn ag fuaimthoirnigh seanmóire, is gan seanmóir ag altóir ba mhó ná mé féin, ina dhiaidh sin ag stealladh mo dhéirce le fireannacha agus baineannacha doscúcha na bpoibleacha.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú