I gCnoc Sciatháin, Co. Ros Comáin, atá idir Baile Átha Luain agus baile Ros Comáin, a rugadh an scríobhaí seo. Bhailigh sé prós agus filíocht sa tréimhse 1772-78 agus tá an bailiúchán sin in Acadamh Ríoga na hÉireann (23.O.35). Tá beagán eolais faoin scríobhaí in Éigse Iml. IV, Cuid II, 1943 ag Marcus Mac Enery in a aiste ‘Úna Bhán’; sliocht is ea é as sraith dar teideal ‘High Hollow Townlands’ a bhí á fhoilsiú ag an am sin in Roscommon Herald. Tugtar le fios in Roscommon authors gurbh ainm cleite ag John Garvin (1904-86) ‘Marcus MacEnery’. Tá eolas freisin ag William Mahon (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní i nGaillimh 1700-1900’) in Galway History and Society, 1996 in eagar ag Gerard Moran agus Raymond Gillespie. Aoire bó ba ea Ó Fearghail agus bhí sé ag obair in áiteanna éagsúla ar fud an chontae: 14 bliain i mBaile Thomáis i bparóiste Óigeala, cúig bliana i gCaiseal Ruibhe i bparóiste Bhaislic, 23 bliain i nDún Diarmada in aice le Béal Átha Mó. Fuair sé feirm i mBéal Átha Mó féin in 1782 agus ann a chaith sé deireadh a shaoil. Sa bhailiúchán sin dá lámhscríbhinní atá an leagan is sine de ‘Úna Bhán’. ‘The Composition of Mr. Thomas Costello, formerly Baron of Costello, for Winifred McDermott, daughter of the then Great McDermott’ an teideal a chuir Ó Fearghail air. Deir Mac Enery: ‘The poem bears traces of folk corruptions and when written down by Ó Fearghail was probably taken from an oral version current in the middle-western district of County Roscommon where he lived. The original poem would then have been in circulation for at least a century and had no doubt sustained many losses, accretions and folk variants in that period.’

Chuir Alan Titley nóta chugainn: ‘Agus maidir le Brian Ó Fearghail, b’fhéidir gurbh fhiú a lua gurbh eisean a “chóirigh” (nó a d’athscríobh, b’fhéidir) Eachtra Thomáis Mhic Chaiside, agus dá réir sin go bhfuilimid buíoch de de bharr an lámhscríbhinn a shábháil, ach braithim go láidir gur chuir sé as a riocht é. Tuairim, gan amhras.’ Tá eolas breise in Na Caisidigh agus a gCuid Filidheachta, 1938 le Mairghéad Nic Philibín. An 15 Aibreán 1715 a rugadh é. Phós sé Neillí, iníon Dhomhnaill óig Uí Cheallaigh, le linn dó a bheith ag obair i mBaile Thomáis. Deir Nic Philibín go raibh sé beo go fóill in 1812. As lámhscríbinn 23 E. 7 san Acadamh Ríoga a fuair sí an t-eolas ar a bheatha; i 23 O. 5 atá an chóip a rinne sé de ‘Eachtra Thomáis Mhic Chaiside’. ‘Deir Brian Ó Fearghail gur chuir sé “comaoin bheag ar an aiste anonn ’s anall” .i. ar mheadar na filíochta. B’fhearr dá bhfágadh sé an scéal díreach mar a bhí sé’ (Nic Philibín). In An Caisideach bán: the songs and adventures of Tomás Ó Caiside, translated from the Irish ..., 1993 deir Adrian Kenny: ‘The scribe of the R.I.A. manuscript (and a fine scribe, but alas that he “polished” O Caiside’s work; what robust remarks did he remove?) ...’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú