Ba é an Caipisíneach seo a thionscain an mórshaothar Commentarius Rinuccinianus de sedis apostolicae legatione ad Foederatos Hiberniae Catholicos per annos 1645–1649 ar foinse thábhactach eolais é ar stair na tréimhse 1641–49. D’fhoilsigh Coimisiún na Lámhscríbhinní i sé himleabhar é 1932–49, é in eagar ag Stanislaus Kavanagh OFM Cap. Cé gurb é Ó Fearghail an príomhúdar ba é a chúntóir Riobard [Domhnall] Ó Conaill, Caipisíneach, a rinne an chuid is mó den scríbhneoireacht. Tá cuntas ar an mbeirt acu ag Kavanagh. In Irish Historical Studies, Márta 1953 tá aiste ag Patrick J. Corish (‘Two contemporary historians of the confederation of Kilkenny: John Lynch and Richard O’Ferrall’); b’fhéidir a rá gurbh é Ó Fearghail fear labhartha na nGael sin a raibh drochamhras acu ar na Sean-Ghaill sa Chomhchomhairle.

B’as dúiche Anghaile i gContae an Longfoirt, dó. B’fhéidir gur Brian, ainm coitianta i measc Fearghaileach, a baisteadh air; deir Ó Corráin agus Maguire (Gaelic Personal Names, 1981) gur mar Bernard, Barnaby agus Barney a galldaíodh an t-ainm sin i rith an 19ú haois. I bhFlóndras a cuireadh oideachas air ar dtús i 1630, sula ndeachaigh sé go dtí Coláiste Éireannach Lille agus ina dhiaidh sin go Douai. I 1634 chuaigh sé isteach sna Caipisínigh ina gcoinbhint Éireannach in Charleville sa Fhrainc. Ghlac sé le Risteárd mar ainm crábhaidh nuair a oirníodh é in Poitiers, mar a raibh a thuilleadh staidéir ar bun aige. Tar éis tamaill i mBaile Átha Cliath cuireadh go Gaillimh é i 1644 agus bhí sé ina uachtarán ar na Caipisínigh ansiúd nuair a shroich Rinuccini an chathair um Meitheamh 1648. Bhí an nuinteas go domhain i dtrioblóid le Comhchomhairle Chill Chainnigh um an taca seo i ngeall ar na géarcháintí a rinne sé 27 Bealtaine 1648 orthusan a rinne sos cogaidh leis an Tiarna Inse Cuinn. ‘These censures had divided the confederation beyond hope of reunion...’(Corish). Shroich Ó Fearghail an Róimh um Márta 1649 chun a thaispeáint gur ag Rinucciní a bhí an ceart, agus is fearr ná ionadaí an taoibh eile, John Rowe, Cairmilíteach, a d’éirigh leis dul i gcion ar an bPápa, Ceapadh é láithreach mar chomhairleoir ag an gComhthionól um Ghnóthaí na hÉireann sa Róimh agus bhí post den chineál céanna aige ar ball in Congregatio de Propaganda Fide. I 1650 thug Rinuccini cuireadh dó chun stair na gcúrsaí in Éirinn a scríobh ach cuireadh ar athló é i ngeall ar dhrochshláinte an eaglasaigh sin.

I 1655 bhí cuid d’easpaig na hÉireann ag áitiú gurbh fhearr apsalóid ghinearálta ná apsalóid aonair a thabhairt i gcás na mball sin de Chomhchomhairle Chill Chainnigh a bhí ciontaithe ag Rinuccini. Chuir sin tús arís leis an achrann. I 1658, mar chuid den díospóireacht, chuir Ó Fearghail meamram gairid sé leathanach i láthair an Congregatio de Propaganda Fide. Tugann Breandán Ó Buachalla éirim na hargóna: ‘Dar le Ó Fearghail, pé ceart a bhí ag ríthe Shasana le sinsearacht chun ríocht na hÉireann, go raibh an ceart sin forghéillte le tamall acu toisc gurbh eiricigh iad; b’é an dream is mó a chabhraigh le ríthe Shasana forlámhas a fháil ar Éirinn na Sean-Ghaill, dream nár Chaitlicigh in aon chor iad’ (Aisling Ghéar..., 1996). Gan fhios dó rinneadh an meamram a chóipeáil agus a chur sa timpeall. Chreid sé féin gur cuireadh leis. Deir Corish: ‘When an official of the congregation disclosed its contents to his opponents, and it proved to be the most sweeping attack which had yet been made on them, there was an immediate and angry reaction. O’Ferrall found that he had provoked more enemies than he might have anticipated. Ultimately, it lead to his losing his influence with the pope, and to his virtual banishment from Rome. It caused him trouble in his own order, where he seems to have made a number of enemies; King Charles II protested against the treasonable language the document contained; in Rome Oliver Plunkett flew to the defence of his kinsman, the bishop of Ardagh, who had also been attacked. All over Europe O’Ferrall’s memorandum was the subject of angry discussion in Irish circles’. An meamram sin a spreag John Lynch, príomhstaraí Shean-Ghall Chomhchomhairle Chill Chainnigh, chun Alithinologia ..., 1664, a bhfuil 350 leathanach ann, agus forlíonadh leis, Supplementum Alithinologiae, 1667, a scríobh faoin ainm pinn ‘Eudoxius Alithinologus’.

D’aistrigh Ó Fearghail go Flórans agus i 1661 thosaigh sé féin agus Ó Conaill ag cur Commentarius Rinuccinianus le chéile. Theip ar a shláinte agus d’éag sé 13 Lúnasa 1663 i gcoinbhint Montughi in aice le Flórans. Faoi 1666 bhí dlús curtha leis an saothar ag Ó Conaill. I Laidin a scríobhadh é agus is i seilbh mhuintir Rinuccini a bhí sé ar feadh i bhfad. Ag cathair Milano a bhí sé ar deireadh. Milleadh an bhun-lámhscríbhinn in ionradh buamála 1943. Is é atá sa saothar mór seo: suirbhé ar chúrsaí na hÉireann ó 1170 go 1642, cur síos ar stair na linne, bliain i ndiaidh bliana, as sin go 1654, agus ansin an stair anuas chomh fada le 1666. Chomh fada siar leis an staraí Thomas Carte tuigeadh a thábhachtaí a bhí sé. In Thirty-second Report of the Deputy keeper of the Public Records , 1871 dúradh faoi: ‘Of the importance of this manuscript as a means of enabling the historian of the Irish war of 1641 to strike the balance of truth between the conflicting narratives, it is impossible to speak too strongly.’

B’as Deasmhumhain don Athair Riobard Ó Conaill agus cuireadh oideachas air in Bordeaux agus i bPáras. Oirníodh é i 1651. Chuir sé dlús le stair mhisean Éireannach na gCaipisíneach i 1656 in Charleville sular ghluais sé go Flórans i 1661. Faoi 1669 bhí sé ina ghairdian in Sedan. Bhí sé ina phríomhionadaí ag an ord in Éirinn 1675–77. D’éag sé sa Róimh 16 Meitheamh 1678.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú