Nuair a d’éag an Rathileach dúirt Brian Ó Cuív ar Radio Éireann (16 Nollaig 1953) gur chuir a bhás deireadh leis an ré órga úd an léinn Ghaelaigh a thosaigh in 1853 nuair a foilsíodh Grammatica Celtica Zeuss; bhí Bergin marbh le trí bliana agus anois an Rathileach, an bheirt scoláirí Gaeilge ba mhó le rá le 50 bliain. Dúirt Proinsias Mac Cana (Comhar, Nollaig 1953), ag tagairt dá Early Irish history and mythology: “Scríobh an Rathileach an leabhar is tábhachtaí dá bhfuil ann faoi litríocht na Gaeilge agus is féidir liom céim eile a thabhairt gan eagla mo bhréagnaithe agus a rá gurbh é féin an fear ba mhó agus ba leithne eolas ar réimsí fada léinn na Gaeilge”.

Rugadh Tomás Ó Rathile ar 11 Samhain 1882 ag 6, An Chearnóg, Lios Tuathail, Co. Chiarraí. Thomas Francis Rahilly a athair, fear a fuair gnó ilchineálach rafar i mBéal Átha Longfoirt agus i dTairbeart óna athair agus, nuair a bhí ag teip ar an ngnó sin toisc a throime a bhíodh sé ag ól, a fuair post an chléirigh sa Chúirt Ghearr i Lios Tuathail. D’fhéadfadh sé gaol a mhaíomh ar an bhfile Aogán Ó Rathaille: shíolraigh sé go díreach ó dheartháir leis. Garneacht d’Eoghan Ó Comhraí a bhean Julia Mary Curry as an nGleann, Co. Luimnigh. Rugadh 15 leanbh dóibh agus ba é Tomás an cúigiú duine den 13 a mhair. Ina meascsan bhí Alfred a bhí ina Uachtarán ar Choláiste Ollscoile Chorcaí agus Sisile, an scoláire Gaeilge. Col ceathar dóibh Micheál Seosamh Ó Rathaille, duine de lucht ceannais 1916. Tá cuntas ar mhuintir Rathile agus a gcúlra ag Anthony Gaughan in Alfred O’Rahilly I: Academic (1986).

I ndiaidh bunscolaíochta agus tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, chaith Tomás tréimhse i gColáiste na Carraige Duibhe. Bhí spéis aige sa Ghaeilge go luath ina shaol. Dúirt sé le Brian Ó Cuív go gceannaíodh sé An Claidheamh Soluis as a airgead póca agus é ar scoil. Bhuaigh sé an chéad áit sna Clasaicigh agus sa Ghaeilge i scrúdú an Ghráid Sinsearaigh in 1900 agus scoláireacht sna Clasaicigh i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an bhliain dár gcionn. Bhain sé duais Uí Chomhraí sa Ghaeilge ann in 1903. Faoin Athair Éamonn Ó hÓgáin a bhí sé ag staidéar agus bhí sé ag múineadh sa choláiste ar feadh bliana sula ndeachaigh sé ag obair sna Ceithre Chúirt in 1905. D’fhan sé sa státseirbhís go dtí 1919.

Dúirt Eleanor Knott faoin staidéar a rinne sé ar feadh na mblianta sin (Ériu, Iml. XVII): “His unsurpassed knowledge of modern Irish dialects and manuscript literature was acquired in his early manhood when as a civil servant his chosen studies had perforce to be relegated to evenings, weekends and vacations. Unceasing application during this period together with recurrent attacks of influenza brought about a definite decline in his health and this should be taken into account in considering a characteristic asperity in criticising the work of other scholars”.

Bunaíodh Scoil an Léinn Ghaelaigh in 1903 agus an bhliain dár gcionn chuaigh Ó Rathile agus Bergin isteach i ranganna Sean-Ghaeilge John Strachan. Bhí treoir le fáil aige freisin ó Kuno Meyer agus ón Aimhirgíneach agus, i gcás na Breatnaise, ó Glyn Davies. Is beag cabhair a bhí le fáil aige i gcás na Nua-Ghaeilge: cheana féin ba é an Rathileach a bhí ina mháistir orthu go léir.

Bhí sé ag scríobh aistí in 1905–6 in Irisleabhar na Gaedhilge, dar le Brian Ó Cuív, ach níor chuir sé a ainm leo. Baineann siad le pointí in eagrán Uí Dhuinnín de dhánta Aogáin Uí Rathaille. Chuir sé a ainm a chéaduair le haiste fhoilsithe in 1908. Bhí ábhar i gcló aige freisin in Hermathena, An Claidheamh Soluis, Samhain, Studies. Bhí sé ina eagarthóir ar Ériu agus ar Celtica i bhfad ina dhiaidh seo.

In 1912 bhunaigh sé an iris Gadelica chun cabhrú le fás na teanga sa tsaol nua. Bhíodh ábhar ann ag Torna, de hÍde, Bergin, agus an Duinníneach ach an Rathileach féin a scríobhadh an chuid ba mhó de. Thit an iris ar lár ceal airgid tar éis bliana. Thuairimigh Proinsias Mac Cana gur chuir sin, chomh maith leis an neamhshuim ina iarrachtaí eile, leis an seirfean agus leis an bhfíochmhaireacht a luaitear leis go minic. Deirtear gur fhoilsigh sé cuid dá leabhair le cabhair a phóca féin.

Ba iad na leabhair a scríobh sé: Dánta grádha (1916); Papers on Irish idiom (1920); Dánfhocail (1921); A miscellany of Irish proverbs (1922); Búrdúin bheaga (1925); Dánta grádha, eagrán méadaithe (1926); Measgra dánta (1927); Desiderius (1941); Irish dialects past and present (1932); The Goidels and their predecessors (1936); The Two Patricks (1942); agus, ar ndóigh, Early Irish history and mythology (1946). A rogha féin de nótaí gramadaí an Athar Peadar a bhí in Papers on Irish idiom. In éineacht le Shán Ó Cuív agus Bergin bhí sé ina sheaimpín ar son scríbhinní Uí Laoghaire agus chabhraigh sé leis an mbeirt eile sna hiarrachtaí luatha a rinne siad chun caighdeán litrithe a sholáthar. Deir Micheál Ó Cearúil in Bunreacht na hÉireann: a study of the Irish text (1999) gurbh é an Rathileach a chuir Gaeilge ar bhrollach an Bhunreachta, nuair a d’iarr De Valera sin air.

Is léir gur mó an spéis a bhí sé a chur sa seanstair sna blianta deireanacha. Dúirt Brian Ó Cuív: “Those who knew O’Rahilly well often expressed regret that he had turned aside from modern Irish before giving us a grammar of Munster Irish and a grammar of classical Irish, two works which he was believed to have contemplated and perhaps even to a large extent prepared. But it is clear that O’Rahilly felt himself impelled to turn his attention to earlier things and especially to early history”.

In 1916 chuir sé isteach ar ollúnacht na Gaeilge i gCorcaigh, Bergin, Best, Mac Néill, Ó Máille, an Duinníneach, an tAthair Peadar agus scoláirí eile á mholadh, ach ba é Torna a fuair an post. Ina iarratas dúirt sé: “I should make it my aim to train up a band of young scholars who would recover for Munster that literary heritage of which she has reason to be proud”. Ceapadh ina Ollamh le Gaeilge é igColáiste na Tríonóide in 1919. D’aistrigh sé go Corcaigh in 1929 mar Ollamh Taighde. Ní mó ná sásta a bhí a dheartháir Alfred leis an gcaoi ar chomhlíon sé an gheallúint go n-oilfeadh sé scoláirí óga agus chuir sé d’iachall air scor den phost in 1935 ach fuair sé post den sórt céanna i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an bhliain chéanna. Dhealródh sé gurbh fhearr a d’oir an taighde dó ná an mhúinteoireacht.

Nuair a bunaíodh Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath ceapadh é ina Ollamh Sinsearach ar dtús agus ansin ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh. Nuair a d’éirigh sé as an bpost chuir James Dillon ceist sa Dáil faoi ar 16 Aibreán 1947. Dúirt sé féin i litir chuig an Irish Independent: “My resignation was the sequel to a series of intrigues by politicians and their henchmen, such as no self-respecting scholar would tolerate”. Dúirt Brian Ó Cuív i dtaobh na tréimhse a chaith sé san Institiúid: “For six years his was the controlling hand, and there is no one who studied under him who did not feel the effects of his energy and passion for work ... There were occasions when he could have been more generous with his knowledge, but one can hardly blame him if he was sometimes slow to hand over what he himself had acquired by dint of hard work and perseverence ... His criticisms though in general well-founded, could be sharp and at times were, perhaps, illconsidered”.

Nuair a d’fhoilsigh an tOllamh Tomás Ó Raghallaigh Filí agus filidheacht Chonnacht (1938) chuir an Rathileach ina leith go raibh a eagráinsean de dhánta ann gan chead agus chaith sé go neamhthrócaireach leis. B’éigean an leabhar a tharraingt siar, rud a chuir an Raghallach i bhfiacha troma. D’fhaightí lochtanna eile air: cé go dtugadh sé cuairteanna ar an mBlascaod, nach raibh sé in Albain ná i gcodanna eile den Ghaeltacht; gurbh i mBéarla a d’fhoilsíodh sé an saothar ba thábhachtaí; go raibh sé caolaigeantach (a ndúirt sé, mar shampla, i dtaobh Mherriman in Gadelica: “His rule of life consisted of the gratification of the lower appetites”). Ach, mar a dúirt Brian Ó Cuív, “His work may not be without error, but it has a quality of vastness which leaves one amazed”.

De réir an fhógra in Fáinne an Lae 2 Samhain 1918, phós sé Máire Ní Bhuachalla ó Bhaile Uí Annáin, Mainistir na Corann ar 17 Deireadh Fómhair 1918. Ní raibh aon chlann orthu. D’éag sé ar 16 Samhain 1953. Tá cuntas ag Diarmuid Ó Sé air in Scoláirí Gaeilge: léachtaí Cholm Cille XXVII (1997) in eagar ag Ruairí Ó hUiginn.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú