I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh í ar 17 Nollaig 1894. Ba í deirfiúr Thomáis Uí Rathile í agus an 11ú duine den 13 clainne a mhair. I gClochar na Toirbhirte, Lios Tuathail, a cuireadh bunoideachas uirthi. Faoi 1906 bhí a máthair ina baintreach le seacht mbliana agus bhí an teaghlach aistrithe go Baile Átha Cliath. Ag 66 Bóthar Gharraithe na Lus, Glas Naíon, a bhí cónaí orthu. D’éag an mháthair 18 Iúil 1928. I ndiaidh scolaíochta i Scoil Chlochar na nDoiminiceach i Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, ghnóthaigh sí BA, céim le céad onóracha, sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. I gcomhartha na hócáide scríobh Bergin dán molta di. Fuair sí scoláireacht taistil in 1916 agus rinne sí staidéar in Bangor na Breataine Bige faoi stiúradh John Morris-Jones agus Ifor Williams. Dar le Williams gurbh í an scoláire ab fhearr dá raibh riamh aige í. Bronnadh M.A. uirthi in 1919. Fuair sí post sa Scoil Ghramadaí i mBeaumaris ag múineadh na Fraincise. In 1925 chuir sí isteach ar phost i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ach ní bhfuair é. In 1928 d’aistrigh sí go Cardiff agus bhí ag múineadh in Ard-Scoil na gCailíní ansin go 1946. Bhí sí chomh mór i gcumas na Breatnaise agus bhí sí i gcumas na Gaeilge. In 1920 bhuaigh sí duais ag an Eisteddfod le haiste i dtaobh an chaidrimh a bhí ag Éirinn leis an mBreatain Bheag idir 1055 agus 1200 A.D. As sin a d’fhás an leabhar Ireland and Wales: their historical and literary relations a foilsíodh in 1924. Foilsíodh The Pursuit of Gruaidh Grian-sholas an bhliain chéanna. Bhí sí ag múineadh in Cardiff 1928–46. Rud ar bith, aiste ná leabhar, níor fhoilsigh sí idir 1925 agus 1949.

D’fhill sí ar Éirinn in 1946 agus ceapadh mar Ollamh Cúnta í i Scoil an Léinn Cheiltigh i mBaile Átha Cliath agus bhí sí ina hOllamh ann faoi 1956. Tar éis di dul ar pinsean in 1964 ceapadh í ina hOibrí Seachtrach Taighde sa Scoil, ach deir Ó Catháin gur mhó d’Oibrí Inmheánach Taighde a bhí inti, mar gur chinn an Scoil ar sheomra oibre a chur ar fáil di sa Scoil féin. Tá measúnú déanta ag Ó Catháin ar a saothar acadúil sa tréimhse 1946-81 agus ar a rannpháirtíocht in obair Fhoclóir na Gaeilge Clasaicí agus tá liosta cuimsitheach déanta aige dá leabhair, dá haistí agus léirmheasanna agus d’fhoinsí eolais uirthi ('Cecile O’Rahilly: saol agus saothar', Léachtaí Cholm Cille 35, 2005). Tugann sé freisin eolas ar a thaitneamhaí a bhí a pearsantacht. Ghnóthaigh sí DLittCelt in Eanáir 1957 (bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. uirthi 1977). Faoi threoir a dearthár Tomás chuir sí eagar ar Five seventeenth century political poems (1946), Eachtra Uilliam (1949) agus Trompa na bhFlaitheas (1955). Ansin chomh luath is a bhí an deartháir mór marbh dhírigh sí ar a rogha féin ábhair – an Táin. Foilsíodh The Stowe version of Táin Bó Cuailgne (1961), Cath Finntrágha (1962), Táin Bó Cuailgne from the Book of Leinster (1967), Táin Bó Cuailgne Recension I (1976). Bhí staidéar anailíseach den Táin ionann is críochnaithe aici nuair a d’éag sí ar 2 Bealtaine 1980.

Lean an gaol a bhí aici leis an mBreatain Bheag ar feadh a saoil. D’fhan a buanchara Breatnach Myfanwy Williams in aontíos léi ag tabhairt síoraire di: bhí sí bacach agus bhí sí riamh leochaileach ina sláinte; i ndeireadh a saoil bhí radharc na súl ag teip uirthi. Ag 17 Bóthar Raglan a bhí cónaí uirthi féin agus Williams ar fhág sí a maoin phearsanta ar fad aici. Bhí ardcháil uirthi sa Bhreatain Bheag mar mhúinteoir. In Éirinn mholtaí í go hard ar a shéimhe agus a fhoighní a chaitheadh sí le scoláirí óga agus mar dhuine oirirc grástúil i gcontrárthacht le Tomás. Cé gur chaith sí tamall fada faoina scáilsean d’éirigh léi ar deireadh a ceart féin de chlú a fháil in am agus i dtráth. Tá sí curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú