Ní raibh teacht ar a teastas beireatais, ach i ndaonáireamh 1911 dúirt sí gurbh i gContae Ros Comáin a rugadh í agus go raibh sí 43 bliana d’aois. Tugann Íde Ní Thuama (Acadamh Ríoga na hÉireann) 7 Márta 1868 mar dháta breithe. I nóta eagarthóra in The Diaries of Mary Hayden [Ó hAodáin, Máire B1] 1878-1903, 2005 in eagar ag Conan Kennedy is é a deirtear gur rugadh í 7 Márta 1868 ag Woodbury House, Co. Ros Comáin. Ach sa chuntas ‘Descendants of Henry Joynt’ ar an idirlíon deirtear gurbh in Ratnigiri san India a rugadh í. Bhí seisear clainne ag Christopher Joynt: beirt mhac agus ceathrar iníonacha. San India a rugadh cúigear díobh – an chéad duine in 1865, duine eile in 1866. Am éigin ina dhiaidh sin a rugadh Maud, an tríú duine clainne. In Éirinn in 1873 a rugadh an duine ab óige. B’as Co. Mhaigh Eo dá hathair Christopher, Leas-Phríomh-Mháinlia i Seirbhís Sláinte na hIndia. De bhunadh na Fraince muintir Joynt agus de réir an tseanchais bhí siad ina gCaitlicigh tráth go dtí gur iompaigh seanathair Christopher ina Mhodhach nuair a tháinig sé faoi thionchar an tseanmóirí taistil Gideon Ouseley. Deartháir le Christopher ba ea Richard Watson Joynt, athair Earnáin de Siúnta. Phós Christopher a chéaduair Lily Anna Holton ó Woodbury House, Co. Ros Comáin. Bhí ar a laghad triúr mac agus ceathrar iníonacha acu agus ba í Maud Anna Evans an dara hiníon.

San India a d’fhoghlaim sí Gréigis óna hathair agus gan aici ach cúig bliana d’aois. Ón ayah a bhí aici a d’fhoghlaim sí Hiondúis, teanga ab éigean di a athfhoghlaim ar ball nuair a bhí sí glandearmadta aici. Tar éis tamaill i scoil ullmhúcháin i mBré d’fhreastail sí ar Scoil Alexandra in 1881 agus ar Choláiste Alexandra ón mbliain dár gcionn amach. Ghnóthaigh sí ocht mbonn sna scrúdaithe idirmheánacha in 1883–84. Bhuaigh sí an chéad áit sa nualitríocht i scrúdú an BA in 1890 agus arís san MA. Fuair a máthair bás tuairim 1888 agus phós an t-athair arís.

Chuaigh sí le múinteoireacht ar feadh trí bliana, tamall i Jersey Ladies’ College, tamall eile sa Choláiste Modhach i mBéal Feirste. Bliain ansin i mbun staidéir i bPáras, i Heidelberg agus i bhFlórans. Bhí Gearmáinis, Iodáilis agus Fraincis ar a toil aici de thoradh na bliana sin. Ó 1895 amach bhí sí ag léachtóireacht i gColáiste Alexandra, i Halla Loreto agus i gColáiste na nDoiminiceach (Ardscoil Mhuire), í ag ullmhú iarrthóirí ban do scrúdaithe na hOllscoile Ríoga. Bhí sí ina scrúdaitheoir ag Bord an Mheánoideachais freisin. Ag tagairt don tréimhse sin, is é a dúirt M. E. Scarlett, duine dá hiardhaltaí, fúithi: ‘Except for Alice Oldham, a very different type of scholar. I was never taught by anyone who embodied so much my ideal of the selfless scholar, seeking learning for its own sake, as Maud Joynt did’. (Alexandra College Magazine, Nollaig 1940). Tuairim an ama seo a thosaigh sí ag foghlaim na Sanscraite. Deirtear gur ag pointe timpeall 1899 a d’áitigh a col ceathar Earnán de Siúnta uirthi Gaeilge a fhoghlaim. Um Cháisc na bliana sin chuaigh sí in éineacht le Máire Ní Aodáin go dtí Garmna. Ba í an chéad chuairt ar an nGaeltacht aici í. Mar chabhair di ina staidéar ar an seanlitríocht léadh sí an Nua-Ghaeilge ar feadh tamaill gach lá.

I Scoil Ard-Léinn na Gaeilge 1906–07 rinne sí staidéar ar an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, ar an mBreatnais agus ar an bpaileagrafaíocht. Ar cuireadh ó Kuno Meyer chaith sí 1906–07 in Ollscoil Learphoill agus deirtear go ndearna sí obair trí bliana in aon téarma amháin faoi stiúir an mhórscoláire ann. I 1909 a thosaigh sí ag obair san Acadamh Ríoga. D’ullmhaigh sí trí chuid den Fhoclóir ansiúd i gcomhpháirt le Eleanor Knott. I 1939 foilsíodh mar Contributions codanna eile a d’ullmhaigh sí. Timpeall 1914 d’aistrigh sí go Gearmáinis scéalta ón Mheán-Ghaeilge le foilsiú i sraith Marchen. Theip ar an bhfiontar foilsitheoireachta sin mar gheall ar an gCogadh Mór agus cuireadh leagan Béarla de na scéalta amach i 1924 faoin teideal Golden legends of the Gael. D’aistrigh sí Vita Sancti Galli le Walahfrid Strabo (1927). Ba í a roghnaíodh chun aistriúchán de Chretientes Celtiques le Dom Louis Gougaud a chur ar fail (Christianity in Celtic lands, 1932).

Chuir sí eagar ar: Tromdhámh Guaire, 1931; Feis Tighe Chonáin, 1936. Bhí ábhar i gcló aici in Celtica, Ériu, Celtic Review, Alexandra College Magazine .... Dán a chuir sí in eagar, foilsíodh é in A miscellany presented to Kuno Meyer by some of his friends and pupils on the occasion of his appointment to the chair of Celtic Philology in the University of Berlin, 1912. Ba é an tuairim a bhí ag Eleanor Knott di: ‘If the volume of her published work in Irish seems comparatively small, this is mainly the result of her incurable diffidence and modesty. Her actual accomplishment was large. She was a singularly industrious worker, rigidly methodical and conscientious, unfailingly clearheaded and with such unusual powers of concentraton that she worked with uncommon rapidity’ (Éigse Iml. 11, cuid a 111).

Bhí suim aici sa litríocht, sa phéintéireacht, sa liníocht, san fhealsúnacht agus sa mhisteachas. Ba fheoilséantóir í agus tá sé ráite gur ‘leath-Bhudaíoch’ í. Deirtear freisin gur di siúd, agus í i dteach an Rí sa Bhlascaod, a bhí Desmond FitzGerald ag tagairt ina Memoirs, 1969: ‘When I had been on the island for some time another visitor arrived, a lady from Dublin. She was a vegetarian who brought her own special nut food with her. She also brought her stretcher bed and she wore sandals. Of course she was a theosophist. She spoke Irish with a high English voice. The islanders should certainly have appreciated her for all the amusement she gave them. I often watched them as they struggled to keep from laughing as she held forth to them’. Bhí tuairimí láidre aici i dtaobh stádas na mban. I bhfoirm an daonáirimh i 1911 is é a scríobh sí go lom sa cholún ‘Respective infirmities’ ná ‘Unenfranchised’. Bhí sí mar rúnaí ar feadh i bhfad ag Cumann na gCéimithe Ban.

Bhí sí bodhar le tamall de bhlianta sula bhfuair sí bás ar 24 Iúil 1940. Ag 69 Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí uirthi ag an am. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. uirthi 1937. Tharraing an tOllamh Máire Ní Mhaicín an pictiúr seo di in Struggle with fortune; a miscellany for the centenary of the Catholic University of Ireland, 1854-1954, g.d., in eagar ag Michael Tierney: ‘I could never forget her face; small, as she was herself, and lacking any particular distinction of features, it was full always of a dreaming quiet. Born in India, she always looked cold; her heart was very warm. She was reputed a Buddhist. I glimpsed her in Donegal in 1909 with another Gael, her friend Miss Scarlett, MA, also of Alexandra. They were both “performing the round” with the people of the district at Doon Well in honour of St Columcille’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú