Mac le Richard Watson Joynt, eagarthóir an Ballina Herald, agus Charlotte Soresby, iníon le ministir Preispitéireach i gCill Rois, Co. an Chláir, ba ea é. Bhí a athair pósta faoi dhó; bhí airgead dá cuid féin ag an chéad bhean agus d’imigh sí léi go Meiriceá. Phós sé arís nuair a d’éag sí. Rugadh é ar 11 Samhain 1874 i Sráid Knox, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Triúr deirfiúracha a bhí ag Earnán. Chaith sé a chéad 14 bliana sa bhaile sin. Leis an gcreideamh Modhach a tógadh é agus is go dtí an Coláiste Modhach i mBéal Feirste a cuireadh é. An innealtóireacht a rogha gairm bheatha. Bhí sé ina bhall d’Institiúid na nInnealtóirí Meicniúla (Londain). Chaith sé dhá bhliain ina uachtarán ar an Engineering and Scientific Association of Ireland. Anuas go 1919 bhí sé ina Ard-Línitheoir i siopaí oibre Bhóthar Iarainn an Deiscirt. Ó 1919 go 1942 ba é an Príomhoide é i gCeardscoil Shráid Bholton i mBaile Átha Cliath.

Agus é ina gharsún chuir sé spéis sa Ghaeilge a bhí le cloisteáil i mBéal an Átha agus sa chomharsanacht. An chéad aiste Gaeilge dár scríobh sé, in An Claidheamh Soluis in 1901, bhain sé leis an teanga sa cheantar sin. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge sna blianta tosaigh agus bhí cairdeas pearsanta aige le Dubhghlas de hÍde. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó, ina uachtarán ar An Fáinne (1925–27) agus ina Leas-Uachtarán san Ard-Chraobh ó 1929 amach.

‘An Buachaillín Buidhe’ an t-ainm cleite a d’úsáideadh sé. Ó 1904 go 1911 bhíodh almanag agus dialann dár teideal Féilire na Gaedhilge á thabhairt amach aige. Tá an tagairt seo do Earnán ag W. P. Ryan in The Pope’s green island (1912): ‘A young Protestant, Mr Earnest Lane [sic] Joynt, one of our most interesting Irish writers, first made his mark before he reached the age of 20 by an Irish study of Dr Geoffrey Keating, the Irish historian and Catholic apologist of Shakespeare’s time’. D’fhoilsigh Engineering and Scientific a leabhar Industrial education, c.1928. D’fhoilsigh Comhlucht Thom aistriúchán a rinne sé ar The Pilgrim’s Progress (Turas an Oilithrigh) le John Bunyan in 1929. D'aistrigh sé freisin An té is treise (1944) (The greatest of all le Philip Tillard); San Nioclás, is dóigh liom? (1944) (Santa Claus, I presume? le Philip Tillard). In 1951 d’fhoilsigh an Hibernian Bible Society Tiomna Nua ár dTighearna agus ár Slánaightheora Íosa Críost do hathscríobhadh as Gaedhilg na haimsire seo le Earnán De Siúnta (An Buachaillín Buidhe) ón Tiomna Nua a d’aistrigh Uilliam Ó Domhnaill, Ardeaspog Thuaim, ón nGréigis i mbliadhain 1602. Bhí an-dúil aige sa Fhraincís agus in 1935 foilsíodh a Histoire de l’Irlande des origines á l’Etat Libre i Rennes. Chuir sé ar fáil cuid de mhiotais na Gréige in Airgead beo (1944). D’fhoilsigh an Gúm freisin drámaí gairide don aos óg a d’aistrigh sé ón mBéarla: ceithre cinn le R. K. agus M. I. R. Polkinghorne agus péire eile le Philip Tillard.

Thaistil sé cuid mhaith den Eoraip sula raibh sé coitianta a leithéid a dhéanamh. In 1896, mar shampla, bhí sé i Moscó nuair a bhí Nioclás II áchorónú ina impire. I 1900 chonaic sé an Passionspiel in Oberammergau. Trua nár fhág sé cuntas againn ar a shaol. I Lúnasa 1947 dúirt sé: ‘Ba maith liom, faoina bheith slán dom, cuntas ar mo shaol féin a scríobh, á insint conas mar rugadh mé im’ Ghall agus mar d’éirigh mé chun bheith im’ Ghael díograiseach’. Bhí sé pósta faoi dhó. Ethel Bray a chéad bhean; bhí mac agus iníon acu. Frances Young ab ainm don dara bean agus rugadh aon iníon amháin dóibh. D’éag sé ar 18 Deireadh Fómhair 1949. Tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm i mBaile Átha Cliath. Tá a thuilleadh eolais faoi mhuintir Joynt faoi JOYNT, Maud .

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú