Bhí fear den ainm céanna agus bhí drochmheas ag Micheál ar an gcinéal Gaeilge a scríobhadh sé. Sin é an fáth a dtugadh sé ‘Micheál Ó Maoláin as Árainn’ air féin. Ar éigean a bhí aon chainteoir dúchais Gaeilge eile a raibh cion chomh mór air ag lucht oibre thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Dúirt an tÍosánach Seosamh Ó Muirthile faoi:

Isé rinne Micheál don aos óg eolas a dhéanamh dóibh cá bhfuil an meon dúchais ina iomláine, á gcur isteach dó i dtithe na Gaeltachta. Rinne sé, amhlaidh sin, snaidhm iomaithne agus iomcharadais a cheangailt idir chathair seo Bhaile Átha Cliath inar chónaigh sé agus Gaeltacht an iarthair as ar fáisceadh é (Feasta, Eanáir 1957).

Sóisialach ba ea é ach ina theannta sin Caitliceach cráifeach. Ar nós go leor de ‘charachtair’ ghluaiseacht na Gaeilge níor ghlac sé riamh leis an Litriú Simplí, an Caighdeán Oifigiúil ná an cló rómhánach.

I dtús an chéid ba ghnách a rá gurbh as Inis Meáin dó ach deirtear freisin go mba as an oileán mór é agus sin é a thabharfá leat ón ‘as Árainn’ úd a chuireadh sé lena ainm. Níor shloinne choitianta riamh í in Inis Meáin. Múinteoir scoile a rugadh i nGaillimh ba ea a mháthair, Brigid Murray. Phós sí Tomás Ó Maoláin, Árannach, Rugadh Micheál ar 17 Aibreán 1881. Chaith an mháthair tamall ag múineadh i gCill Rónáin sular aistrigh an chlann go hInis Meáin. Is ann a d’éag a fear céile. Bhí ar a laghad beirt mhac eile aici, Peadar agus Tomás. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí sí ina cónaí in Inis Meáin go fóill, í 52 bliana d’aois agus gan ach aon duine amháin clainne sa teach aici, Peadar, an mac ab óige. Faoi 1911 bhí an mháthair imithe as Inis Meáin. Is lena mac Tomás, a bhí ina bhúistéir i gCnoc an Línsigh, Co. na Mí, a bheadh sí ina cónaí ar ball.

Luaitear Micheál Ó Maoláin a bheith ag óráidíocht agus ag casadh amhráin ag cruinniú mór a thug Micheál Ó hIceadha le chéile i dteach na scoile in Inis Meáin 2 Iúil 1899 agus is cinnte gurb é an Micheál s’againne é. Ag cruinniú mór i gCill Rónáin 15 Lúnasa 1899 luaitear go raibh i láthair thar ceann na craoibhe in Inis Meáin ‘Messrs T. Mullin and M. Mullin’ agus. ‘Mrs Mullin, V.P., Female Branch, Inishmaan’. Ar 13 Meán Fómhair 1899 bhí sé ag cruinniú den Ard-Chraobhi mBaile Átha Cliath: ‘Mr Michael Mullin, Inis Meáin, gave in the vernacular an interesting account of the work of the League in his native island’ (An Claidheamh Soluis 23 Meán Fómhair 1899).

Dúirt Cathal Ó Tuathail in aiste ar Mhicheál in Sunday Independent 6 Bealtaine 1934 gurbh in 1899 a tháinig sé chun cónaithe sa phríomhchathair. Dúirt Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Meán Fómhair 1956, gur fhág sé Inis Meáin nuair a bhí sé 18 bliana d’aois. Tá cuntas aige féin dar teideal ‘Mar a chaith Baile Átha Cliath liomsa’ in Ar Aghaidh, Iúil agus Lúnasa 1941, agus arís ó Bhealtaine 1953 amach. Is cuntas é freisin ar ghluaiseachtaí an lucht oibre agus na Gaeilge lena linn féin. Glantóir agus giolla i siopa mór éadaigh agus bróg ba ea é ar dtús go dtí go bhfuair ball de Bhráithreachas na Poblachta obair dó i mBardas na Cathrach ag gearradh díog le haghaidh sreangán leictreachais.

Bhí baint aige leis na cumainn náisiúnta go léir i dtús an chéid: Cumann Oliver Bond, An Cumann Liteartha Ceilteach, Bráithreachas na Poblachta, Cumann na nGael, Sinn Féin . Toghadh é ina leasuachtarán ar Chraobh Mhichíl Uí Dhuibhir in Iúil 1900. An chéad alt a bhí i gcló aige bhain sé le bás Liam Uí Mhaolruanaidh (The United Irishman 1 Meitheamh 1901). Deirtear go mbíodh rang aige gach oíche den seachtain. Ceapadh é ina mhúinteoir taistil i bhFine Gall in 1903. Chaith sé ceithre bliana leis an obair sin. Ní raibh rothaíocht ar a chumas toisc radharc na súl bheith go dona aige agus tuairimítear gur shiúil sé 8,000 míle i mbun dualgais an phoist sin agus is cosúil go raibh eagla roimh an oíche air i rith a shaoil agus gur mhaith leis riamh píolóta bheith lena chois.

Chaith sé téarma i gColáiste Chonnacht in 1905 (An Claidheamh Soluis 23 Meán Fómhair 1905). Bhí sé ina rúnaí ag Feis Bhaile Átha Cliath in 1911 agus ina rúnaí an bhliain chéanna ar Choiste an Mhórshiúil (ibid 13 Bealtaine agus 9 Meán Fómhair 1911) agus ina bhall de Choiste an Oireachtais (Donncha Ó Súilleabháin, Scéal an Oireachtais 1897–1924, 1984). Bhíodh baint mhór aige le bailiúchán náisiúnta an Chonartha.

Mar gheall ar ghníomhaíocht ar son an lucht oibre chaith sé téarma i bpríosún i Loch Garman in éineacht le Jim Larkin an bhliain sin. Chaith sé tréimhse eile i bpríosún tar éis mhórchorraíl 1913. Tar éis 1916 bhí sé i ngéibheann i bhFrongoch agus chuir rang Gaeilge ar bun ann. Bhí baint mhór aige le bunú agus neartú chraobhacha Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann ar fud na tíre. In The Irish Transport and General Workers’ Union: The Formative Years 1909–1923, 1982 deir C. Desmond Greaves faoin iris The Irish Worker in 1911: ‘Micheál Ó Maoláin provided interesting if occasionally indiscreet Gaelic League notes’. Cheap an ceardchumann ina thimire i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh é in 1913. Ba é a d’eagraigh an cruinniú poiblí sa cheantar sin in 1914 chun complacht d’Arm na Saoránach a bhunú. B’fhéidir a rá go mba dhuine ‘trioblóideach’ é. Bhí sé ar dhuine díobh sin a chuir picéad ar oifigí an cheardchumainn in 1919 mar gheall ar an éagóir a shíl siad a rinneadh ar P.T. Daly, namhaid William O’Brien (1881–1968). Deir Greaves: ‘The disruptive genius was undoubtedly Micheál Ó Maoláin’. Ní hionadh nach luann an Brianach Micheál ina dhírbheathaisnéis Forth the banners go, 1969.

Ceapadh é ina mhúinteoir Gaeilge faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath in 1923. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1929 go 1933 agus ar dhuine díobh sin a d’eagraigh cruinniú poiblí thar ceann Chumann Cosanta na Gaeltachta i bhfómhar 1929. ‘Choinnigh sé ón am sin dhá cheist os comhair an phobail, mar atá, staid na Gaeltachta agus faillí an Choiste Gnó maidir le tógáil Halla Thomáis Ághas’, a dúirt Cathal Ó Tuathail. In éineacht le Cathal, Seán Beaumont, Earnán de Siúnta, Seán Ó hUadhaigh, agus Séamus Ó Tallamhain bhunaigh sé Coiste na bPáistí in 1932 d’fhonn páistí an lucht oibre a chur chun na Gaeltachta ar saoire; b’eisean an rúnaí agus an duine ba ghníomhaí, b’fhéidir, den seisear. Sna 1930idí freisin ghlac sé páirt in eagrú Chlann na hÉireann, gluaiseacht Gaeilge don óige. Bhí baint mhór aige le páipéar Sheáin Beaumont, An t-Éireannach. Tá tagairtí ag Éamon Ó Ciosáin dó in An t-Éireannach 1934–1937: nuachtán Sóisialach Gaeltachta, 1993. Tá ann freisin cóip den alt moltach a scríobh Breandán Ó Beacháin air in Scéala Éireann 21 Lúnasa 1956. Léiríonn Éamon gurb é Micheál ba thúisce a mhol ‘go mbeadh ceangal idir lucht oibre na gcathracha agus muintir na Gaeltachta de bhrí gurb aon aicme amháin iad’. Deir Éamon faoi Mháirtín Ó Cadhain go mba nós leis a rá ‘gur spreag giotaí le Micheál Ó Maoláin as Árainn san iris sin [Honesty ] é féin chun machnaimh, agus gur chuir siad i mbun pinn é’.

Scríobh sé mórchuid alt agus litreacha sna hirisí agus sna nuachtáin ó 1901 amach agus ba mhinic é ag craoladh ó Radio Éireann sna 1930idí. Dúirt an tAthair Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Meán Fómhair 1956: ‘Ní raibh le cloisteáil roimhe ná ó shin, sílim, cainteoir ba cheolmhaire, ba shoiléire ná ba spéisiúla ná é. Ba mhór ar fad an chailliúint don lucht éisteachta nuair a stop na cainteanna úd’. Scríobh Seosamh Ó Duibhginn in Feasta Meán Fómhair 1956:

Ba togha Gaeilgeora é. Foclóir fairsing aige mar aon le soiléireacht chainte agus glór taitneamhach. Blianta ó shin bhíodh sé le cloisteáil ó Radio Éireann. Cuimhnítear go fóill air agus moltar é i ngeall ar a fheabhas a labhraíodh sé. Ach, féach, ní raibh sé sách maith ina dhiaidh sin. Dá gcleachtaíodh sé na trí rudaí a rathaíonn ... ach ní Micheál Ó Maoláin a bheadh ann.

Is cosúil go raibh an ghráin dearg aige ar na trí rudaí sin a rathaíonn: ‘the profound bow, the appropriate phrase, the psychological moment’. Rud nár éirigh leis gan amhras ba ea an pholaitíocht. Sheas sé ar son Pháirtí an Lucht Oibre i nGaillimh Thiar in olltoghchán 1944 agus ní bhfuair ach 442 vóta sa chéad chomhaireamh.

Bhí cónaí air ar feadh i bhfad agus anuas go 1956 le muintir Schweppe ag 35 Cearnóg Mountjoy. Thug sé bheith istigh ina sheomra dá chara Seán O’Casey ar feadh cúig mhí ó Nollaig 1920 amach. Thagair an drámadóir dó i litir dar dáta 18 Aibreán 1942 mar ‘The Aranman who gave me a shake-down in his room’. Ar Mhicheál a bhunaigh sé carachtar Shéamuis Shields in The Shadow of a Gunman. Tá cuntas Mhichíl féin ar an eachtra ba bhun leis an dráma in Feasta, Bealtaine 1955, faoin teideal ‘An ruathar úd agus a ndeachaigh leis’. Is cuntas beo inléite é ar mhaidin Aoine an Chéasta 1921. Bhí miontuairiscí Arm na Saoránach sa tseomra ag an gCathasach oíche an ruathair ach níor aimsigh na saighdiúirí iad. I seomraí eile bhí idir ghunnaí agus phléascáin, agus fir a bhí ar a gcoimeád. ‘Bhuail uafás Seán O’Casey nuair a chuala sé an rí rá agus an t-oibriú ag an doras. Níor Chúchulainn ag an áth mise an uair úd, admhaím, ach b’uamhan agus imeagla Seán O’Casey i gcumraíocht duine’. Tá cur síos san aiste freisin ar na húdair a léadh an bheirt acu agus ar na hábhair chomhrá a bhíodh acu.

Tá litir bharrúil ghearánach i nGaeilge ó Sheán in An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912 faoin gcaoi ar chaith Micheál, agus é ina rúnaí ar Fheis Bhaile Átha Cliath, le Cumann Píobairí Lorcáin Uí Thuathail. Ní bhfuair siad ach fógra gairid ó ‘Mr Michael Mullen of the Gaelic League’ máirseáil tríd na sráideanna chun an Fheis a phoibliú. Bhí sé ag stealladh báistí. ‘Nuair a thángamar bhuaileas isteach i seomra Choiste na Feise agus dúirt go raibh sinn ann agus réidh chun na hoibre a dhéanamh. D’fhéach an rúnaí orm agus tar éis tamaillín d’fhiafraigh sé díom “An bhfuil sé fliuch?”’.

Deir Éamon Ó Ciosáin gur ar Mhicheál a bhunaigh Liam Ó Flaithearta an carachtar The Rat Mulligan san úrscéal The Informer. Tuairimíonn sé nach raibh gean ag an mbeirt Árannach ar a chéile.

Lean sé air anuas go samhradh 1956 ag obair do Choiste na bPáistí. ‘Thug sé na páistí ar ais go Baile Átha Cliath ach ní raibh sé féin in ann an traein a fhágáil. Níor mhór é a iompar amach agus isteach i dtaxi. Bhí a théarma istigh’, a scríobh Seosamh Ó Duibhginn (Tuairisc, 1982). D’éag sé ar 16 Lúnasa 1956. Thug Tomás Ó Muircheartaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, aitheasc os cionn na huaighe i nGlas Naíon.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú