Sa Mhuileann, an Ghráig, Dún Mór, Co. na Gaillimhe, a rugadh an múinteoir taistil seo 17 Márta 1878. Bhí muileann agus feirm bheag ag a athair Michael Comer agus ba í Margaret Lyons a mháthair. Bhí triúr deartháir agus beirt deirfiúracha aige. Shíl iníon Phádraig nár chainteoirí dúchais Gaeilge na tuismitheoirí. Bhí tuairim aici freisin gur cuireadh oideachas maith ar Phádraig. Timpeall 1901 bhí sé ina mhúinteoir taistil i gceantar Chaisleán an Bharraigh (Micheál Ó Maoláin in Irish Independent 11 Nollaig 1938) agus d’fhan ann gur ceapadh ina thimire é i mBealtaine 1906. Bhí contaetha Shligigh, Liatroma agus Ros Comáin ina chúram. Deir Donncha Ó Súilleabháin (Na timirí i ré tosaigh un Chonartha 1893–1927, 1990) gurbh i gContae Shligigh is mó a bhí sé ag obair. I nGaeltacht Mhaigh Eo a chaith sé 1908–9 cés moite de sheal i gContae Ros Comáin. Bhí sé sa dá chontae sin go fóill i 1910. Tuairiscíodh ag Ardfheis na bliana sin: ‘Chailleamar beirt thimire le deireanas. Beirt a bhí linn le seal fada agus beirt a rinne dea-obair ar gach taobh den ghluaiseacht.... Is iad Pádraig Ó Máille agus Pádraig Ó Maoilchiaráin atá i gceist...’. Ganntanas airgid faoi deara an laghdú a rinneadh ar líon na dtimirí.

Sa leathanach deiridh de Mise agus an Connradh cuireann Dubhghlas de hÍde síos ar an iarracht a bhí ar siúl ar son na teanga ina bhaile féin. Bealach an Doirín: ‘Acht níor lean siad den obair, óir tháinig timire ón gConradh agus mheasc sé polaitíocht lena chuid soiscéil i dtaobh na Gaeilge. An pholaitíocht sin—ní raibh sí i bhfabhar na bhfeisirí—chuir sí fearg ar Sheán Diolúin, an fear ba mheasúla san áit’. Ba é deireadh an scéil nach ligfeadh an Diolúnach dá bhuachaillí siopa bheith sa Chonradh agus ba iad na daoine ab fhearr ann iad. Ní luann de hÍde ainm an timire ach ní foláir nó ba é Pádraig s’againne é.

Chaith sé tamaill ina mhúinteoir taistil ansin i gcontaetha , Thír Eoghain, an Dúin agus Mhuineacháin. Is i gCarraig Mhachaire Rois a casadh a bhean, Anne Keelan, air. Monatóir ba ea í san áit sin agus ba as Baile na Lorgan di ó cheart. Phós siad i 1918 (Fáinne an Lae 15 Meitheamh 1918) agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Shocraigh sé síos i gCill Dalua i 1914, é fostaithe ag an gConradh ar dtús agus faoin gCoiste Gairmoideachais sa deireadh.

Gabhadh é tar éis Éirí Amach 1916 agus chaith sé tamall in Frongoch agus Wakefield. Nuair a d’fhill sé abhaile bhí na Coimisinéirí ag diúltú táillí a íoc leis agus bhí comhfhreagras le A.N. Bonaparte Wyse ar siúl aige (An Claidheamh Soluis 6 Eanáir 1917). Agus é i ngéibheann i mBaile Coinleora bhí sé ina aodhaire ar ghasra den Fháinne ann. Tá bonn óir a bhuaigh sé ar aiste faoi shaol an champa i seilbh a mhuintire. Bhí ailt aige i dtaobh Bhaile Coinleora in Fáinne an Lae 8 Deireadh Fómhair 1921 agus Misneach 10 Nollaig 1921.

Bhí sé ina rúnaí ar chraobh Chill Dalua ar feadh i bhfad agus bhí ina bhall den Choiste Gnó i 1930–1. Dúradh in Nenagh Guardian: ‘If to-day East Clare boasts a larger number of Irish speakers than most other areas outside the Gaeltacht a big part of the credit must go to the initiative and enthusiasm of Paddy Comer...’. Bhí baint aige le gach gné de shaol Chill Dalua. Chuireadh sé tuairiscí ar an áit chuig na páipéir áitiúla agus náisiúnta. Bhí colún aige in The Nenagh Guardian ar feadh 35 bliain beagnach. D’éag sé ar 9 Meitheamh 1950 agus tá sé curtha i nGarrán Buí, Cill Dalua.

‘Is iomaí oíche fhuar fhliuch a chaith sé amuigh ar bhóithre na hÉireann—an seanrothar agus na troscaí go rímhinic, gan mórán tairbhe ná buntáiste ...’, a dúirt Micheál Ó Maoláin. Bhí máchail ar lámh leis—‘lámh mharbh’ a thugtaí ar an mháchail áirithe sin—ach deirtear nár lagaigh sin ar a chumas chun obair mhaslach an mhúinteora taistil a sheasamh. In Clare Champion 17 Meitheamh 1950, áfach, thagair Seán Hayes don mháchail seo a d’fhág go raibh sé ‘not fully fit for active service on the hillsides’, tagairt, is dóigh, do Chogadh na Saoirse.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú