I mBalla, Co. Mhaigh Eo, 23 Iúil 1868, a rugadh Pádraig Mac an Fhailghe nó Patrick James Nally. Ag an am sin bhí siopa ag a athair John. Maria Walsh ab ainm dá mháthair agus bhí trí dhuine déag sa chlann. Deir a mhuintir gur dheartháir dó ba ea Thomas Henry Nally (c.1869–1932) a scríobh an dráma The Spancel of Death a bhíothas le léiriú in Amharclann na Mainistreach Luan Cásca 1916.

I mBaile Átha Cliath dó fuair sé post cléireachais sa Bhardas agus bhí baint aige ó thosach leis an Celtic Literary Society, cumann a bhí ann sular bunaíodh an Conradh agus ar shórt réamhtheachtaí ag Sinn Féin é. Bhí sé i láthair ag cruinniú den Chonradh 27 Meán Fómhair 1893: tá grianghraf de shíniúcháin na mball ag an gcruinniú sin ag ‘S. Ó C.’ in Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926 agus ainm Phádraig ina measc. Ar 29 Márta 1896, léigh sé páipéar ar an gcogadh i Matabeleland ag cruinniú den Ard-Chraobh.

I gcraoladh de chuid Radio Éireann, dúirt Micheál Ó Maoláin (as Árainn): ‘Ba é an chéad duine i mBaile Átha Cliath ba tsiocair le Gaeilge a chur dá múineadh mar theanga bheo’ (Irish Independent 24 Eanáir 1940). Tar éis a bháis, scríobh Éamonn Ceannt ina thaobh in An Claidheamh Soluis: ‘Thaistil sé Cúige Laighean tráth in éineacht le Liam Ó Maolruanaidh ag tóraíocht píobairí agus amhránaithe. Bhí lán a mhála de sheanscéalta aige a bhain le muintir na tuaithe. Bhí eolas cruinn aige ar rince, ar scéalta fiannaíochta agus ar bheatha na ndaoine. Is é a chuir Cumann na bPíobairí ar bun i mBaile Átha Cliath, tig liom a rá. Murach eisean, bheadh na píobaí agus lucht a seinnte i gcruachás inniu. Maidir le múineadh na Gaeilge, ní fhaca mé riamh a shárú de mhúinteoir. Chuir sé An Modh Réidh le chéile agus chuir i gcló é. B’in é an chéad leabhar múinteoireachta ar an modh díreach ... chaill sé roinnt mhaith airgid leis.’ Tosaíodh ar cheachtanna den ‘Modh Réidh leis an nGaedhilg d’Fhoghluim’ in An Claidheamh Soluis 16 Samhain 1901. Bhí rang ar siúl aige i gCraobh Shliabh Arguis den Chonradh ag an am. Mhúineadh sé rang i gCraobh an Ardeaspaig Mhic Héil freisín. ‘Pádraig had studied French and German from an Alsation whose child spoke both languages. The practical acquaintance with language learning thus acquired he put to use in the Dublin Gaelic League and, prior to the League, in the Celtic Literary Society. In the latter society he taught an Irish class continuously for seven years. Later on, in the Ard-Chraobh, he undertook special teaching on the Berlitz method. Finding no materials at his hand he composed An Modh Múinte’ (Sinn Féin 23 Lúnasa 1913).

Chuir sé eagar ar An Gadaidhe dubh Ó Dubháin, 1899, scéal a fuair sé ó Mháire Ní Chillín. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chumann na bPíobairí agus d’ullmhaigh sé leabhar teagaisc píbe. Moltóir ar rincí ba ea é ag an Oireachtas agus bhí sé ina bhall den choiste ceoil agus ealaíon i 1903 agus ina rúnaí ag an gCoimisiún Fiosrúcháin a chuir an tOireachtas ar bun d’fhonn a chinntiú cad ba rince gaelach. An bhliain chéanna d’fhreastail sé ar an gcúrsa sa tSean-Ghaeilge a bhí ar siúl ag John Strachan i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge. Bhí iníon agus beirt mhac aige féin agus a bhean Elizabeth Smyth, de réir Dhaonáireamh 1911, agus cónaí orthu ag 32 Ascal Ráth Garbh. Rugadh mac eile dóibh 13 Bealtaine 1911. Faoin am sin, bhí sé tinn agus fuair sé bás i dteach mhuintir a mhná, Elmville i gCrois Araild, 3 Deireadh Fómhair 1911. Bhí a athair beo go fóill ag an am, é 94 bliana d’aois agus cónaí air i dTeach Mealóg. Bhí spéis ag Séamus Ó Casaide in cibé lámhscríbhinní agus páipéir a bhí ina sheilbh.

I gcuntas ar an bpíobaire dall Máirtín Ó Raghallaigh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1903, deir ‘Craobh Rua’: ‘Ní raibh aon trácht ar Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeachaigh Pádraig Mac an Fhailghe ar lorg na bpíobairí timpeall is a hocht nó naoi de bhlianta ó shin. Casadh isteach i dteach beag i nGaillimh é agus is ann a fuair sé mo phíobaire bocht Máirtín. Ní tuisce chuala Pádraig é ná bhí fhios aige gurbh iontach an píobaire a bhí ann’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú