‘Ní raibh éinne, lena linn, a rinne níos mó ar a shlí féin chun Gaeilge a leathnú agus a shaothrú’, an meas a thug Dubhghlas de hÍde air in Mise agus an Connradh (1937). Ba nasc é idir na cumainn go léir a bunaíodh 1845-53 agus Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge in 1876, a raibh sé ina bhall de in 1876-7, agus bhí aithne aige ar athbheochanóirí mar Sheán Pléimeann, Uilleog de Búrca, George Sigerson, Euseby Cleaver , ar Dhubhghlas de hÍde, gan amhras, agus ar scoláirí mar Standish Hayes O’Grady agus James Goodman. Bhí comhfhreagras aige le scríobhaithe theas agus thuaidh agus thug misneach dóibh (cuid de i gcló in Éigse 1939-1943) agus fuair eolas beathaisnéiseach agus leaganacha uathu dá shraith The poets and poetry of Munster. D’fhoilsigh sé níos mó leabhar Gaeilge ná aon duine aonair eile ó thús na clódóireachta anuas go haimsir Phádraig Uí Bhriain .

I bhFearnán, paróiste Leic Dhobhráin, in aice le Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge, a rugadh é 5 Feabhra 1800 (Séamus Ó Casaide in Journal of the Waterford Historical Society; 1913, agus Colm Ó Lochlainn in Irish Book Lover, Bealtaine 1943). Seán mac Éamainn mhic Dhónaill Uí Dhálaigh—is mar sin a scríobh sé a ainm sa réamhrá a chuir sé le Kings of the race of Eibhear (1847). Tá a líne ghinealaigh siar go Niall Naoi nGialla ag Seán Ó Donnabháin in The tribes of Ireland ... (1852). Chuir a athair faoi i bhFearnán in 1798. Bhí sé pósta ar Bhíd Ní Chadhla (Kyley) ó Chill Bhriain agus ba é Seán an duine ba shine den triúr mac agus triúr iníonacha a bhí acu. I scoil scairte a cuireadh oideachas air. Dúirt sé uair i dtaobh máistrí na scoileanna sin gurb é a bhí ann féin ‘a living witness to the vile attempt made by this strange crop of beings to put down the language’ le cabhair an bhata scóir (i gcló ag Pádraig de Brún ar lch 330 in Éigse, Iml. XIX, 1982-3).

Ina óige chloiseadh sé i dtaobh Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin a theacht go teach a athar: ‘There [sna Paoracha] he passed the latter years of his life and frequently sojourned at the house and sat at the table of the father of the writer of this sketch’ (Poets and poetry of Munster). Ba chuimhin leis Donnchadh Rua Mac Conmara a theacht go dtí an scoil: ‘In person Donnchadh was tall and athletic; but becoming blind towards the close of a life considerably extended beyond the average term allotted to man, and being rather straitened in pecuniary circumstances, he was compelled to appeal to the beneficence of the schoolmasters of his neighbourhood who imposed a “Rate-in-Aid” for him on the scholars. We saw him ourselves in 1810 and paid our mite of the impost’ (idem).

Phós sé Ellen Shea ó Dhún Guairne, Co. Chorcaí, deirfiúr leis an bhfile Corcaíoch Labhrás Ó Séaghdha, in 1827. Rugadh ceathrar iníonacha agus seisear mac dóibh a raibh cúigear díobh beo in 1852. Thosaigh sé ag obair don Irish Society i gceantar Eochaille in 1826 agus faoi 1828-9 is feitheoir Gaeilge in Eochaill faoin gcumann sin a bhí ann agus é iompaithe ina Phrotastúnach. Obair an chumainn sin, teagasc agus cigireacht, a thug go Cill Chainnigh é in 1829. Tá cuntas mion ar an gcuid sin dá shaol ag Pádraig de Brún in Éigse Iml. XXI, 1986 (‘The Irish Society’s Bible Teachers, 1818-27’). Casadh ar an bhfile John Keegan (1809-49) ansin é in 1833 agus dúirt seisean gur i scoil Veislíoch a bhí sé ag obair (James Coleman in Irish Book Lover, Bealtaine 1924). Deir Ó Casaide nach bhfuil aon scríbhinn óna láimh go dtí 1844. Sa bhliain sin freisin a d’fhoilsigh sé Reliques of Irish Jacobite Poetry, with biographical sketches of the authors, interlinear literal translations and historical illustrative notes, by John Daly; together with metrical versions by Edward Walsh agus tá tagairt sna litreacha don leabhar sin a bheith idir lámha aige in 1843. Bhí siopa leabhar aige i gCill Chainnigh, i Sráid Eoin agus ina dhiaidh sin i Sráid an Roisín. Bhí éirithe as obair an bhíobla aige in 1841 agus d’iompaigh sé ar ais ina Chaitliceach; chuala de hÍde gurbh é sagart cáiliúil Bhaile Átha Cliath, C.P. Meehan (1812-90), faoi deara é.

Is i gCill Chainnigh a bhí sé go fóill i mBealtaine 1845; tá litreacha aige ón seoladh sin dar dátaí Aibreán agus Bealtaine in The Nation agus é ag iarraidh tacaíochta don ‘Hibernian-Celtic Society’. Deir sé rud uaillmhianach i gceann díobh: ‘Now or never is the time to work for a glorious revival. The Irish language will die out, if we of the present day do not make an effort worthy of our ancestry, and which will be prided in by our posterity. What grand work is there for enterprise. The literature of our country should appear in native dress. The philosophic orations of our Burke—the fine essays of our Swift—the simple splendour of our Goldsmith—the magnificent orations of our Flood, Grattan, Sheridan, Curran, Plunket, O’Connell, Shiel, etc., and other varied works of such minds should appear in the native language. Were such the case, our’s would be a great people, and never can we be great till we appropriate Irish intellect by investing the ideas of our writers, our poets, philosophers and statesmen, in an Irish dress. So much for the advantages to be gained by a revival of the language.’ Ó phointe ama éigin in 1845 is i mBaile Átha Cliath a bhí sé agus ba é 25 Sráid Anglesea a ghnáthsheoladh agus seoladh a shiopa leabhar.

Bhí sé ina rúnaí ag an gCumann Ceilteach a bunaíodh in 1845. D’fhoilsigh sé Féin-theagasg Gaoidheilge: self instruction in Irish: or, the rudiments of that language brought within the comprehension of the English reader, without the aid of a teacher (1846) (an 4ú heagrán in 1871) agus réitigh sé i gcomhair a fhoilsithe The poets and poetry of Munster: a selection of Irish songs by the poets of the last century. With poetical translations by the late James Clarence Mangan, now for the first time published, with the original music, and biographical sketches of the authors (1849): deirtear go labhraíodh Ó Dálaigh a aistriúcháin gharbha féin os ard agus go gcromadh an Mongánach, agus é leath ina luí ar chuntar an tsiopa bhig, ar a chuidse ‘aistriúchán’ ar an toirt. George Sigerson a rinne na haistriúcháin don dara sraith in 1860.

Bhí sé ina rúnaí oinigh agus ina fhoilsitheoir ag an gCumann Oisíneach ó 1855, chuir eagar ar imleabhair IV agus VI d’imeachtaí an chumainn (Laoithe Fiannuigheachta; or, Fenian Poems, 1859 1961) agus i measc na leabhar a d’fhoilsigh sé tá: ‘Cúirt an Mheán Oíche’ faoin teideal Mediae Noctis Concilium ... (1850) (an dara heagrán in 1879); The tribes of Ireland: a satire by Aenghus O’Daly ... (1852) (John O’Donovan); Adventures of Donncha Ruadh Mac Conmara (1853) le S. H. O’Grady; The prophecies of SS Columbkille, Maeltamhlacht ... (1856) le Nioclás Ó Cearnaigh; The college Irish grammar (1856) le Uilleog de Búrca; Pious Miscellany Thaidhg Gaelaigh in 1868 (eagráin eile ina dhiaidh sin); Irish Miscellany, being a selection of the poems of the Munster bards of the last century (1876), agus leabhair eile. Ó Dálaigh is túisce a chuir dán Mherriman i gcló agus tráchtann Liam P. Ó Murchú (Cúirt an Mheon-Oíche [1982]) ar an bhfoilseachán sin; d’úsáid Ó Dálaigh cóip a rinne Anthony Ó hÍomhair de lámhscríbhinn Mherriman féin (Add.6562 in Cambridge anois) agus in 1862 rinne Seán cóip mhíchruinn den bhun-lámhscríbhinn.

Tá i gcló ag Colm Ó Lochlainn (Irish Book Lover, Meán Fómhair 1939) cárta poist a chuir sé chuig an staraí John T. Gilbert ar 20 Aibreán 1878 ó 9 Sráid Anglesea. ‘Dear Sir, I think I have the book you want, but I can’t refer to my books just now to see. At all events I am in a bad way this evening having been prepared for eternity by Father O Hanlon during the evening, ever yours truly, John O Daly.’ D’éag sé ar 23 Bealtaine 1878. Tá sin lánsoiléir in Freeman’s Journal agus in The Irish Times 23 Bealtaine agus i bpáipéir an 24ú lá: ní foláir nó d’éag sé um meán oíche. Tugtar an 17ú lá agus an 27ú lá go minic. Cuireadh é i nGlas Naíon. Chruinnigh Proinsias Ó Drisceoil breis eolais faoi san aiste ‘Blianta Déanacha Sheáin Uí Dhálaigh (c. 1862-1878) in An Linn Bhuí: iris Ghaeltacht na nDéise 8, 2004. Fuair a chéad bhean bás in 1849 agus phós sé baintreach, Mary Murphy (alias Griffith), an bhliain dár gcionn. Bhí iníon amháin acu agus d’éag sí seachtain i ndiaidh a hathar. Ag an Acadamh Ríoga atá an chuid is mó de na trí scór lámhscríbhinn a rinne sé. Lean an ceant ar a chuid leabhar ar feadh trí lá, 19-21 Lúnasa 1878, agus gheofar tuairim ar na leabhair agus na lámhscríbhinní agus ar an airgead a tugadh ar chuid díobh in The young Douglas Hyde: the dawn of the Irish revolution and renaissance 1874-1893 (1974) le Dominic Daly. Foilsíodh Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá (2007) le Proinsias Ó Drisceoil (487 lch). In Foinn agus focail: Léachtaí Cholm Cille XL (2010) tá léacht Phroinsiais, ‘Díolamóir de chuid an Rómánsachais’ i gcló.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú