Aistritheoir, staraí, seandálaí, dochtúir leighis, néareolaí, file, míoleolaí, luibheolaí, polaiteoir, iriseoir, scoláire Gaeilge...bhí an tUltach ildánach seo ina bhall den Chumann Oisíneach (1859), de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge (1876), d’Aontacht na Gaeilge agus de Chonradh na Gaeilge. Rugadh é in aice an tSratha Báin ar 11 Eanáir 1836. B’as Doire dá athair William ach as Baile an Sceilg, Co. Chiarraí, dá mhuintirsean le sinsearacht. Bhí máthair Sheoirse, Nancy Neilson, gaolmhar leis an Éireannach Aontaithe Samuel Neilson. Chaith sé tamall ar scoil i Leitir Ceanainn sular cuireadh go dtí Auteuil na Fraince é tuairim 1852–3. Chaith sé tamall dá scolaíocht in Montrouge sa Fhrainc agus tamall i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. In 1855, chrom sé ar staidéar ar an leigheas in Ollscoil na Banríona, Gaillimh. Bhuail an tíofóideach ansiúd é agus d’aistrigh go dtí an ollscoil i gCorcaigh. Chaith sé na blianta 1857–8 i gColáiste na Banríona, Corcaigh, agus faoi 1859 bhí sé ag freastal ar léachtaí i dtaobh na máinliachta i Scoil Leighis na hOllscoile Caitlicí i Sráid Shisile, Baile Átha Cliath. Is cosúil go raibh eolas maith aige ar an nGaeilge. Bhain sé onóracha den chéad ghrád sa Cheiltis agus sa tSanscrait i scrúdú speisialta san Ollscoil Chaitliceach in 1859, an bhliain ar bhain sé an M.D. amach. Chaith sé cúpla bliain eile san Fhrainc ansin ag déanamh staidéir faoi Duchenne (1806–1875), ceannródaí mór na néareolaíochta. Rinne sé staidéar uair éigin ar ball faoi Charcot (1825–1893) ag La Salpetriere (bhí Freud ar an mac léinn ba cháiliúla aige riamh). Sigerson a d’aistrigh leabhar Charcot ar na galair néaracha.

Bhain sé an chéim M.Ch. amach in 1865. In Aibreán na bliana sin ceapadh é ina léachtóir le luibheolaíocht san Ollscoil Chaitliceach. Ó shin amach go 1923 ní raibh sé riamh gan phost ansin nó sna hinstitiúidí a tháinig i ndiaidh a chéile. I dtosach Ollscoil na hÉireann ceapadh é ina Ollamh le Míoleolaíocht. Bhí sé ina bhall dá seanaid ó 1908 go 1919. Mar gheall ar an bhaint a bhí aige go han-luath leis an bhfeachtas ar son ollscoile náisiúnta agus toisc a raibh déanta aige ar son na Gaeilge bhí Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde ag iarraidh gurbh é a cheapfaí ina Leas-Seansailéir in 1909.

Bhí cleachtas néareolaí ar bun aige ar feadh an ama go léir agus ardmheas ag lucht leighis agus eolaíochta an domhain air. Toghadh ina bhall onórach de na cumainn éagsúla léinn é. Darwin a mhol é mar shaoi de Chumann Linnaeus.

Tuairim 1865 phós sé Hester Varian as Corcaigh. Úrscéalaí agus file ba ea í. D’éag sí ar 15 Aibreán 1898. Bhí ceathrar clann acu. Dora Sigerson Shorter an iníon ba shine. File ba ea a iníon eile Hester freisin. Phós sise Arthur Donn Piatt, Leas-Chonsal Mheiriceá i mBaile Átha Cliath.

Sigerson a d’aistrigh an dara sraith de Poets and Poetry of Munster do Sheán Ó Dálaigh in 1860. James Clarence Mangan a d’aistrigh an chéad sraith. Ar Sigerson a thit sé, oiriúnach go leor, busta cuimhneacháin an Mhongánaigh i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, a nochtadh. In 1897 foilsíodh a mhórshaothar Bards of the Gael and Gall. Comhartha ar an tábhacht a bhain le Sigerson i ndomhan na litríochta gur dó a thiomnaigh an Craoibhín a Amhráin Ghrádha Chúige Chonnacht agus Thomas McDonagh a Literature in Ireland. Bhí sé ina uachtarán ar an gCumann Náisiúnta Liteartha ó 1893 go 1925.

Tá a bheatha lán den eachtraíocht. É féin agus T. D. Sullivan a bhronn an claíomh onóra ar an Mharascal Pádraig Mac Mathúna in 1860. Fuair sé post comhfhreagraí do Sheán Mistéal i bPáras agus tá sé luaite in The Jail Journal. Tá tagairtí ag James Joyce dó in Ulysses agus Finnegan’s Wake. Scríobhadh sé aistí agus eagarfhocail faoi chúrsaí reatha agus polaitiúla in The Irishman. Ba é a chum an bailéad ‘The Mountains of Pomeroy’. In 1878–80, nuair a bhí idir ghorta agus thíofas go rábach san iarthar, bhí sé ina choimisinéir faoin Dublin Mansion House Committee. Tá an t-alt ‘Doctor George Sigerson and those “Mountains High”’ le Proinsias Ó Conluain in Dúiche Néill 9, 1994. Trí bliana ina dhiaidhsean bhí sé ina bhall den choimisiún ríoga chun na príosúin a iniúchadh. Dá thoradhsan a leabhar ar na príosúnaigh pholaitiúla in 1890. In 1871 scríobh sé A History of Land Tenures and Land Classes in Ireland, leabhar a chuaigh i gcion go mór ar Gladstone. Bhí sé ar bhunaitheoirí na Feise Ceoil. I measc lucht spóirt tá a ainm in airde fós mar gheall ar an gcorn a bhronn sé ar Chumann Lúthchleas Gael do chomórtas peile na nOllscoileanna.

An saothar staire is iomráití uaidh, The Last Independent Parliament of Ireland (1918), d’aistrigh a gharmhac Donn Piatt (d’éag 7 Aibreán 1970) go Gaeilge é faoin teideal Saor-Pharlimint Dheireannach na hÉireann in 1938. D’éag an dochtúir léannta ar 17 Feabhra 1925. Ag a chara Dubhghlas de hÍde atá an cuntas is faide air in Studies, Márta 1925.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú