Is í an t-aon bhanfhile amháin í ar roghnaigh Éamon Cuirtéis a déantús le cur in Cuisle na hÉigse, 1920 – roghnaigh sé péire dá dánta – tar éis dó gach uile phíosa filíochta nuadhéanta dá raibh i gcló ó thosach na haoise a léamh. Ní mór a rá gur sa tréimhse 1918–20 a bhaineann an beagán dán a chum Alice, an méid díobh atá i gcló sna hirisí.

I dteach darb ainm ‘Knocklaiquin Lodge’ in aice le Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh Alice Maud Mary Furlong ar 17 Eanáir 1871. ‘Knocklyon Lodge’ atá sa teastas beireatais. James Walter Furlong, a bhí ina dhíoltóir leathair (‘Leather merchant’) ag am a breithe, a hathair. Ba mhac é siúd le Philip Furlong, Corrán Dónaill, Loch Garman. Ba í Mary Josephine Murtagh a máthair. Nuair a rugadh a n-iníon Mary ar 26 Samhain 1866 is ag 54 Sráid Thomáis, siopa grósaera, a bhí cónaí orthu. ‘32 Back Lane’ a thugann treoirleabhair Thom timpeall 1866 mar sheoladh – bhí cuid mhaith díoltóirí leathair ag cur futhú ansiúd.

Chaith Alice an chuid ba mhó dá hóige sa teach ‘Fernvale’, Bóthar na Bruíne. ‘Old Bawn Villa’, Tamhlacht, an teach is mó a luaitear leis an gclann, toisc gurbh ann a chruinníodh na scríbhneoirí. Eagarthóir spóirt ag nuachtán ba ea a hathair faoin am seo. Ba iad na rásaí capall an spórt ba mhó a thaitin leis.

Bhí triúr deirfiúracha ag Alice. Fuair Katie bás nuair a bhí sí 22 bliain d’aois. Banaltra ba ea Mary ach bhí gealladh fúithi mar fhile, más fiór, agus fonn uirthi éirí as an mbanaltracht. Le linn tíofas a bheith i Ros Comáin thogair sí dul ann le haire a thabhairt d'othar agus fuair sí féin bás den ghalar ar 22 Méan Fómhair 1898. Phós Margaret an file P. J. McCall.

Deir Kathleen O’Brennan (Scéala Éireann 29 Deireadh Fómhair 1946) gur ‘chóilíneacht liteartha’ ba ea teach mhuintir Furlong, go mbíodh tarraingt ag W.B. Yeats, Seoirse agus Dora Sigerson, an Fínín John O’Leary, agus ag an Athair Matthew Russell, eagarthóir Irish Monthly, air. Tuairimíonn sí gurbh as na cruinnithe ann a tháinig an National Literary Society ar an saol in 1892.

D’éag an t-athair ar 3 Meitheamh 1897 – ag iarraidh capall gan mharcach a stopadh ag rásaí in City and Suburban Sporting Ground, Jones’s Road, a gortaíodh go dona é. Bhí Mary ar dualgas san ospidéal nuair a tugadh ann é. Cibé maoin a bhí aige uair b’éigean dá chairde anois airgead a bhailiú dá bhaintreach agus dá chlann iníonacha. D’éag an bhaintreach ar 24 Lúnasa an bhliain chéanna. Is ansin a d’fhág na hiníonacha an teach i dTamhlacht.

File aitheanta ba ea Eilís faoi dheireadh an chéid. Tháinig a bailiúchán tosaigh amach in 1899, Roses and rue. I 1907 foilsíodh Tales of fairy folks, queens, and heroes. Scríobh an tAthair Arthur Little C.Í. cuntas ar Alice in Irish Monthly, Aibreán 1947. Dúirt sé: ‘Alice Furlong was for some years supreme amongst the living poets of this century’ agus arís’ ... it is not too much to claim that between the death of Yeats and her own she had a mastery of pure lyric song unequalled by any other Irish poet’. Ní deir iontráil an Macmillan dictionary of Irish literature ach: ‘She was a better poet than Mary and has had a few successes’. Bhí ardmheas ag Arthur Little ar a muintir: ‘I well remember the thrill with which I read in the Irish Monthly her prose description of Ethna Carbery reciting her poems in the family circle at Tallaght. That scene seemed a picture of the ideal of Irish culture with her generous father and his daughters keeping open house for the young enthusiasts of the National Literary Society. Enlightenment there meant firm and clear-cut convictions and loyalty to them: it meant vision. Now it means knowledge of other people’s convictions and rejection of them all: it means groping. But if ever true enlightenment existed it was in such people as the Furlongs’. Nuair a foilsíodh a húrscéal Ethna Vathach mar shraith in St Patrick, 1903 dúradh gurbh í údar A Passionate shepherd, The Fidelity of Maurya, A Quest for vengance, etc. í. Níl tagairt dóibh ag Stephen Brown in Fiction in Ireland.

Ní deacair a shamhlú, ó bhí gaol cleamhnais aici le P.J.McCall agus í cairdiúil leis an Dr Sigerson, gur thosaigh sí ag foghlaim Gaeilge a luaithe a cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun. Bhí sí ar dhuine de na mic léinn i gColáiste Laighean i 1907 agus bhí sí ina ball de Choiste na mBan ag na hOireachtais ón mbliain sin amach. Bronnadh teastas múinteora Gaeilge uirthi in Iúil 1908. Scríobh sí caoineadh ar Mhicheál Breathnach i 1908: ‘Och, mo bhrón, mo leon ar lár’. Léigh Tomás Ó Colmáin an dán sin ag an gcruinniú i gCois Fharraige an lá a nochtadh leacht Mhichíl Bhreathnach Meán Fómhair 1909.

Foilsíodh ábhar i nGaeilge uaithi in Fáinne an Lae agus An Claidheamh Soluis. Díoladh dán léi, Dublin Easter 1916, mar dhuilleoigín ar phingin ar mhaithe leis an Irish National Aid Association. Tuairim an ama chéanna scríobh sí féin agus Alice MilliganTwo poems of triumph in death. Ansin d’éirigh sí ar fad nach mór as scríobh i mBéarla agus chrom feasta ar an nGaeilge. Foilsíodh Comhrá beirte, ceachta comhrá i bhfoirm ríme, i 1918. Bhí scéal i gcló aici in An Claidheamh Soluis 13 Samhain-18 Nollaig 1909. Agus bhí ceachta gramadaí do thosaitheoirí i gcló aici in Nationality 19 Eanáir go 22 Meitheamh 1918.Deirtear in DIB gur aistrigh sí Macbeth go Gaeilge. Ní léir gur foilsíodh é.

Deir Kathleen O’Brennan: ‘A few years before her death she told me that she always felt she had some responsibility for the sufferings after 1916 with her fiery poems at that period previous to the Rising’. Ach séanann Arthur Little aon fhírinne a bheith ansin.

Fuair sí bás ar 20 Deireadh Fómhair 1946 agus tá sí curtha i Reilig Thamhlachta. Ag 378 Bóthar Chrois Araild, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí uirthi ag an am.

Bhí péire leagan Gaeilge dá sloinne á úsáid aici: Eilís Ní Phartholáin agus Eilís de Fhurlaing.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú