An file seo a d’aistrigh go Béarla breis is leath na ndánta atá ag Hardiman in Irish Ministrelsy or Bardic Remains of Ireland, with English Poetical Translations, 2 iml., 1831. Tá a dhánta bailithe le chéile, agus eolas tugtha ar a shaol, ag Seán Mythen in Thomas Furlong, the Forgotten Wexford Poet, 1998. Dúirt Hardiman go raibh ionadh ar Furlong a chloisteáil aon litríocht a bheith i nGaeilge agus tuigtear as sin nach raibh Gaeilge aige agus gurbh é a rinne sé leaganacha fileata a bhunú ar aistriúcháin litriúla. Ach is dóigh le Mythen go bhfuil sé réasunta a cheapadh gur chuir sé eolas ar an teanga labhartha i Loch Garman, cé nach bhfuil fianaise aige air sin, ach nach raibh léamh na Gaeilge aige. Níor thaitin na haistriúcháin seo le Samuel Ferguson. Roghnaíodh ‘Róisín Dubh’ le cur in The Field Day Anthology of Irish Writing, 1991 agus cuireadh an nóta seo leis: ‘It is included here as a point of comparison with the later translations.’

Mac feirmeora é Furlong a rugadh i Scairbh Bhailis idir Fearna agus Inis Córthaidh. Cuireadh oideachas air i scoil scairte. Nuair a bhí sé 15 bliain d’aois fostaíodh é mar chúntóir grósaera i Sráid Shéamais i mBaile Átha Cliath. Bhí a chéad iarracht i gcló in Irish Magazine Watty Cox in 1814. Deirtear gur chaith sé tréimhse i Londain ag saothrú a bheatha mar iriseoir ach níl aon fhianaise gur chaith. Thug duine de mhuintir Jameson, driogairí, post dó in 1821 a chuir ar a chumas a bheith ag scríobh agus foilsíodh dánta fada leis in Dublin and London Magazine in 1825-7. Foilsíodh péire dán fada leis mar leabhair agus é ina bheatha: The Misanthrope, 1819 agus an aoir pholaitiúil, The Plagues of Ireland, 1824, agus in 1829 Doom of Derenzie, dán fada eile. Bhí sé díograiseach ar son Fhuascailt na gCaitliceach. D’éag sé den eitinn 25 Iúil 1827 agus tá sé curtha i reilig Dhroim Conrach, Baile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú