Bhí sí ar dhuine de cheannasaithe Chonradh na Gaeilge i bhfíorthosach na gluaiseachta: ba bhall den Chomhairle í i nDeireadh Fómhair 1894. In Irisleabhar na Gaedhilge 1 Márta 1895, i mír nuachta faoin bhFeis Cheoil, luaitear í in aon anáil le Eoin Mac Néill, George Sigerson, Annie Patterson, Seosamh Laoide agus Tomás Ó Néill Ruiséal mar bhall coiste a sheasfadh an ceart don Ghaeilge. Phós sí (Emily Caroline Atkinson) Alfred St. George Hamilton ar 24 Samhain 1896 in Ardeaglais Naomh Pádraig.

Richard Atkinson, dlíodóir, a hathair agus bhí cónaí orthu ag Meadow Brook, Dún Droma. Mac leis an gCanónach Hamilton, Teach Náithí, Co. Bhaile Átha Cliath, ba ea Alfred. Ní léir go raibh spéis aigesean sa teanga. Faoi 1911 bhí cónaí orthu ag ‘Cluain na Gréine’, Bóthar Westminster, Carraig an tSionnaigh, Co. Bhaile Átha Cliath. Sa Daonáireamh scríobhadh faoi Eibhlín, nó Emmeline, go raibh sí 51 bliana d’aois, gur Phrotastúnach í, gurbh i gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh í. Bhí Alfred 59 bliana d’aois agus is i mBedfordshire a rugadh é. Bhí siad pósta le 14 bliana agus ní raibh aon chlann acu.

Tá a hainm ar liosta na ndaoine a thug síntiús do chiste na teanga i 1903 (An Claidheamh Soluis 31 Márta 1903): punt a thug sí, pá seachtaine ag go leor den lucht oibre san am sin. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Meitheamh 1907 go raibh sí san ardrang i gColáiste Laighean. D’iarr Coiste Ceantair Chualann uirthi bheith ina teachtaire acu chuig scoileanna an cheantair (idem 17 Iúil 1909). Bhí sí ina rúnaí ag Craobh Chabán tSíle (idem 16 Deireadh Fómhair 1909). £5 a chuir sí chuig ciste na teanga i 1911 (idem 28 Eanáir 1911). Luadh sa pháipéar céanna 2 Nollaig 1911 go raibh sí ina leasuachtarán ar an gcumann The United Irishwomen: ‘The vicePresident and one of the moving spirits in the organisation is Mrs Alfred Hamilton (Eibhlín Ní Aitchin) whose service to the Gaelic cause is one of the longest and most tireless in the records of the Conradh . . .’. Sórt réamhtheachtaí ag Bantracht na Tuaithe ba ea an eagraíocht sin. Chuir sí síntiús arís chuig ciste na teanga i 1912 (idem 3 Lúnasa 1912). Bhí sí sa láthair nuair a chuir An tEaglaiseach Gaelach fáilte roimh Éamonn de Valera ar 10 Samhain 1921 (An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990 le Risteár Giltrap).

Nuair a d’éag Alfred 18 Deireadh Fómhair 1932 bhí cónaí ar an lánúin ag 79 Bóthar Palmerston, Baile Átha Cliath. D’éag Eibhlín i dTeach Banaltrais Mellifont, Dún Laoghaire, 16 Meitheamh 1956. Tá siad curtha i nGráinseach an Déin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú