Thug Risteárd Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) cuntas air in Amhráin Phiarais Mhic Gearailt, an té ba Cheann Comhairle ar Chúirt na mBúrdún, maille le cunntas éigin ar a bheathaidh agus foclóir, 1905. Rianaigh sé sinsir a athar, Micheál, agus a mháthar, Máire Paor, Gearaltaigh Bhaile Uí Chríonáin i gContae Chorcaí agus Paoraigh Chnoc an Leathara i gContae Phort Láirge, siar na céadta blian. Ina measc bhí ridirí, tiarnaí agus iarlaí. Deir sé: ‘Ón méid sin is léir cad é an sórt fola a rith i bhféithe ár bhfile . . .’. Faoin am ar tháinig Piaras in oidhreacht a dhúchais ní raibh fágtha ach baile fearainn Bhaile Uí Chionnaola i bparóiste Bhaile Mhac Óda, Co. Chorcaí. Ba é an ceathrú mac de chúigear mac é agus bhí beirt deirfiúracha aige. I gCadiz sa Spáinn a cuireadh uachas ar bheirt de na deartháireacha ba shine. Faoi uacht an athar (d’éag c.1736) ba é an dara mac an t-oidhre agus is chuig Piaras a thiocfadh an talamh sa chás nach mbeadh ceachtar den bheirt ba shine ná é sásta dul ina bhun. Fuair an bheirt bás i 1753, Micheál sa Spáinn agus Gearóid in Éirinn; ní raibh muinín ag an athair as an mac ba shine ar fad, Réamonn a d’éag i 1722. Mártan a bhí ar an mac ab óige. D’éag duine de na deirfiúracha, Grás, i 1722 freisin. D’éag an mháthair i 1753 agus tuairim an ama sin phós Piaras Caitlín Nic Ghiobúin, col cúigir leis. D’éag sise tamall gairid i ndiaidh an phósta agus phós sé Eilís Ní Laidhléir ó Leac an Daire i bparóiste Chlais Mhór. Bhí ceathrar clainne acu ar a laghad, mac agus triúr iníonacha.

Is chun greim a choimeád ar an bhfeirm is ea d’iompaigh Piaras ina Phrotastúnach. Deir Ó Foghludha: ‘Ar a shon san, ba bhréagach an diúltú a thug sé féin agus na céadta eile don eaglais agus ba neamhchroíúil an t-aontú a thugadar do chreideamh na nGall.’ Nuair a chas Tomás de Barra i gCluain Meala an beart sin leis d’fhreagair Piaras é: ‘Is doilbh liom ceangal le Calvin is Luther claon, / Ach golfhairt mo leanbh ’s a gcreachadh gan triúch, gan tréad / Thug sruthanna óm’ dhearcaibh ’na gcaisibh, is túirlingt déar’. Fianaise eile a luaitear ar an iompú a bheith bréagach gur chum sé an liodán deabhóideach ‘Tréithe na Maighdine Muire’. San aithrí a chum sé i 1762 tá an líne ‘Do thréigeas-sa bréithre na Naomh is na nOrd’.

Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Donnchadh Rua Mac Conmara, Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791. D’éag sé timpeall na bliana sin i dteach Uí Laidhléir sa Chlais Mhór, mar a raibh cónaí air le tamall de bhlianta, ach cuireadh é ina theampall dúchais i gCill Mhodhomhnóg, cúpla páirc ón áit a rugadh é. Luann Ó Foghludha a gharmhac Micheál, abhcóide a rinne ‘cion fir ar son na Gaeilge’, a bheith in aon uaigh leis.

45 dán leis atá i gcnuasach Uí Fhoghludha. Aislingí agus amhráin Sheacaibíteacha cuid díobh agus tugann Breandán Ó Buachalla ‘amhrán ríthaitneamhach meidhréiseach’ ar cheann díobh, ‘A Mhallaí Bheag Ó’, agus is léir ar na tagairtí don fhile ag an scoláire sin inAisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an aos léinn 1603-1788, 1996 go mbaineann tábhacht mar fhianaise stairiúil lena dhéantús. Tá ‘Rosc catha na Mumhan’ ar cheann d’amhráin mhóra na hÉireann; amhrán sármhaith é dar le Piaras Béaslaí in Éigse Nua-Ghaedhilge II, cé nár dhóigh leis gurbh fhile mór é Piaras. In The Hidden Ireland is i measc na mionfhilí a áiríonn Domhnall Ó Corcora an Gearaltach ach deir sé faoin amhrán sin: ‘It is so agile, so decorative in manner, that one might easily attribute it to Seán Clárach Mac Domhnaill.’ Tá ardmheas freisin ar an dán ‘Seán Ó Díghe’; glactar leis de ghnáth gurb é Seán Buí atá i gceist, cé go ndúirt Seán Ó Dálaigh gur ghabha den ainm sin i bparóiste Bhaile Mhac Óda a phós an ‘ceirtlín sneachtaidh mhná’! (Séamus Ó Casaide in The Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1936). Tagraítear go minic don leabhar a scríobh sé d’ógbhean in Áth na Cise le linn dó a bheith tinn i 1769; tá sé i Leabharlann Ollscoil na hÉireann (Maigh Nuad).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú