MAC GEARAILT, Piaras (1709–c.1792) Piaras MAC GEARAILT 1709 c.1792 Cill Mhic Dunmhóigh, Co. Chorcaí M file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

ThugRisteárd Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) [B1] cuntas air in Amhráin Phiarais Mhic Gearailt, an té ba Cheann Comhairle ar Chúirt na mBúrdún, maille le cunntas éigin ar a bheathaidh agus foclóir, 1905. Rianaigh sé sinsir a athar, Micheál, agus a mháthar, Máire Paor, Gearaltaigh Bhaile Uí Chríonáin i gContae Chorcaí agus Paoraigh Chnoc an Leathara i gContae Phort Láirge, siar na céadta blian. Ina measc bhí ridirí, tiarnaí agus iarlaí. Deir sé: ‘Ón méid sin is léir cad é an sórt fola a rith i bhféithe ár bhfile . . .’. Faoin am ar tháinig Piaras in oidhreacht a dhúchais ní raibh fágtha ach baile fearainn Bhaile Uí Chionnaola i bparóiste Bhaile Mhac Óda, Co. Chorcaí. Ba é an ceathrú mac de chúigear mac é agus bhí beirt deirfiúracha aige. I gCadiz sa Spáinn a cuireadh uachas ar bheirt de na deartháireacha ba shine. Faoi uacht an athar (d’éag c.1736) ba é an dara mac an t-oidhre agus is chuig Piaras a thiocfadh an talamh sa chás nach mbeadh ceachtar den bheirt ba shine ná é sásta dul ina bhun. Fuair an bheirt bás i 1753, Micheál sa Spáinn agus Gearóid in Éirinn; ní raibh muinín ag an athair as an mac ba shine ar fad, Réamonn a d’éag i 1722. Mártan a bhí ar an mac ab óige. D’éag duine de na deirfiúracha, Grás, i 1722 freisin. D’éag an mháthair i 1753 agus tuairim an ama sin phós Piaras Caitlín Nic Ghiobúin, col cúigir leis. D’éag sise tamall gairid i ndiaidh an phósta agus phós sé Eilís Ní Laidhléir ó Leac an Daire i bparóiste Chlais Mhór. Bhí ceathrar clainne acu ar a laghad, mac agus triúr iníonacha.

Is chun greim a choimeád ar an bhfeirm is ea d’iompaigh Piaras ina Phrotastúnach. Deir Ó Foghludha: ‘Ar a shon san, ba bhréagach an diúltú a thug sé féin agus na céadta eile don eaglais agus ba neamhchroíúil an t-aontú a thugadar do chreideamh na nGall.’ Nuair a chas Tomás de Barra i gCluain Meala an beart sin leis d’fhreagair Piaras é: ‘Is doilbh liom ceangal le Calvin is Luther claon, / Ach golfhairt mo leanbh ’s a gcreachadh gan triúch, gan tréad / Thug sruthanna óm’ dhearcaibh ’na gcaisibh, is túirlingt déar’. Fianaise eile a luaitear ar an iompú a bheith bréagach gur chum sé an liodán deabhóideach ‘Tréithe na Maighdine Muire’. San aithrí a chum sé i 1762 tá an líne ‘Do thréigeas-sa bréithre na Naomh is na nOrd’.

Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin[q.v.], Donnchadh Rua Mac Conmara [q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791. D’éag sé timpeall na bliana sin i dteach Uí Laidhléir sa Chlais Mhór, mar a raibh cónaí air le tamall de bhlianta, ach cuireadh é ina theampall dúchais i gCill Mhodhomhnóg, cúpla páirc ón áit a rugadh é. Luann Ó Foghludha a gharmhac Micheál, abhcóide a rinne ‘cion fir ar son na Gaeilge’, a bheith in aon uaigh leis.

45 dán leis atá i gcnuasach Uí Fhoghludha. Aislingí agus amhráin Sheacaibíteacha cuid díobh agus tugann Breandán Ó Buachalla ‘amhrán ríthaitneamhach meidhréiseach’ ar cheann díobh, ‘A Mhallaí Bheag Ó’, agus is léir ar na tagairtí don fhile ag an scoláire sin inAisling Ghéar: na Stíobhartaigh agus an aos léinn 1603-1788, 1996 go mbaineann tábhacht mar fhianaise stairiúil lena dhéantús. Tá ‘Rosc catha na Mumhan’ ar cheann d’amhráin mhóra na hÉireann; amhrán sármhaith é dar le Piaras Béaslaí[B1] in Éigse Nua-Ghaedhilge II, cé nár dhóigh leis gurbh fhile mór é Piaras. In The Hidden Ireland is i measc na mionfhilí a áiríonn Domhnall Ó Corcora[B5] an Gearaltach ach deir sé faoin amhrán sin: ‘It is so agile, so decorative in manner, that one might easily attribute it to Seán Clárach Mac Domhnaill.’ Tá ardmheas freisin ar an dán ‘Seán Ó Díghe’; glactar leis de ghnáth gurb é Seán Buí atá i gceist, cé go ndúirt Seán Ó Dálaigh[q.v.] gur ghabha den ainm sin i bparóiste Bhaile Mhac Óda a phós an ‘ceirtlín sneachtaidh mhná’! (Séamus Ó Casaide[B2] in The Irish Book Lover, Iúil-Lúnasa 1936). Tagraítear go minic don leabhar a scríobh sé d’ógbhean in Áth na Cise le linn dó a bheith tinn i 1769; tá sé i Leabharlann Ollscoil na hÉireann (Maigh Nuad).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »