Duine mór le rá i gConradh na Gaeilge ba ea é i rith na tréimhse 1940-70. Tá cuntas air in Irish Times 1 Meitheamh 2002. Ag 31 Sráid na Banríona, Cluain Meala, mar a raibh a athair John ina fhear poist, a rugadh é (John Gerald) 1 Samhain 1916. Ba í Mary Allen a mháthair agus bhí beirt deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aige. In Ardscoil na mBráithre Críostaí sa bhaile sin bhuaigh sé scoláireacht de thoradh na Meán-Teiste. D’éirigh leis scoláireacht ollscoile a bhuachan lena thorthaí san ardteistiméireacht ach thóg de rogha post mar oifigeach feidhmiúcháin sa státseirbhís. Sa Roinn Oideachais a bhí sé ar dtús, ó 1935 amach. Fuair sé céim le honóracha sa tráchtáil de thairbhe a bheith ag freastal ar léachtanna oíche sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; an Spáinnis a bhí roghnaithe aige mar theanga eachtrannach. Ó 1944 go ndeachaigh sé ar pinsean i 1981 is in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas is Ciste a bhí sé, cé is moite den tréimhse 1958-63 a chaith sé ina rúnaí ag an gCoimisiún um Athbheochan na Gaeilge. Tar éis dó cuid mhaith post a líonadh sa roinn sin d’éirigh leis a bheith ina Ard-Reachtaire i 1973; luaitear go háirithe go raibh baint mhór aige leis an bhfiosrú a rinneadh ar chaitheamh an £100,000 a bhí ceaptha mar chúnamh dóibh sin a bhí thíos le trioblóidí 1969 i dTuaisceart na hÉireann. Chabhraigh sé go mór i gcúrsaí iniúchta Chomhphobal na hEorpa.

Bhí státseirbhísigh óga an-ghníomhach i ngluaiseacht na hathbheochana i mBaile Átha Cliath timpeall 1935-45. Chláraigh Seán mar bhall de Chraobh Moibhí, Conradh na Gaeilge, agus bhí ina rúnaí acu tar éis tamaill. Faoi 1942 bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha agus ina Thánaiste. Is é a bhí ina Uachtarán 1945-46 agus arís 1952-55. Bhí sé ar dhuine den choiste triúir, le Tomás Ó Muircheartaigh agus Leon Ó Dubhghaill, a ceapadh i 1947 chun an míosachán Feasta a thabhairt ar an saol. Bhí sé ina chathaoirleach ar an Oireachtas 1967-70 agus deirtear gur éirigh leis cur le tábhacht Thaispeántas Ealaíne na féile sin. Iománaí ba ea é ina óige agus bhí sé ina chathaoirleach tamall ar an gcomhchoiste a d’eagraíodh comórtas iomána an Oireachtais. Bhain dua mór le hobair an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge. Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 ..., 1993: ‘Tháinig an Coimisiún le chéile 39 n-uaire agus tionóladh thart ar 110 gcruinniú eile d’fhochoistí a bhí ag fiosrú gnéithe ar leith den athbheochan. Tá 486 leathanach sa Tuarascáil Dheiridh (Eanáir 1964) agus iad lán le heolas agus le moltaí éagsúla.’ D’éag sé 21 Bealtaine 2002. Bhí sé pósta ar Mhona Ní Fhainín agus bhí mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú