Is dóigh gur faide an tréimhse oibre a chaith sé i seirbhís Chonradh na Gaeilge ná aon duine eile. I 1906 a thosaigh sé agus níor éirigh as a phost go 1955: beagnach leath-chéad bliain.

Ba mhac le Thomas John Cooling agus a bhean Teresa Farrell é agus rugadh é ar 19 Meitheamh 1892 in Ascaill na bhFolcadán, Baile Átha Cliath. James Charles Stewart Parnell na hainmneacha a baisteadh air agus James Stewart Parnell atá ar a theastas breithe. Múinteoir ba ea an mháthair sular phós sí. Cléireach sna hiarnróid ba ea an t-athair ach ní éiríodh leis fanacht in aon phost ar feadh i bhfad. ‘Bhí cuimhne ag Séamus ar bheith ag aistriú ó áit chónaithe amháin go háit eile go minic. Bhíodar i Manchain, fiú.... Is minic a chuir an fhuacht agus an t-ocras isteach air freisin’ (‘Séamus Mac Conglinne’, le Treasa Nic Conglinne in Feasta, Lúnasa 1991). An t-eispéaras sin an fáth, b’fhéidir, a raibh bá aige le Séamus Ó Lorcáin. Do Pháirtí an Lucht Oibre a thugadh sé a thacaíocht.

Tar éis bunoideachais i scoil náisiúnta i Sráid Dorset fuair sé post mar theachtaire sa Chonradh. Faoin am seo bhí an t-athair marbh agus chaitheadh Séamus cibé a thuilleadh sé a thabhairt dá mháthair chun a clann óg a thógáil. In oifig An Claidheamh Soluis a bhí sé ar dtús, é ag cabhrú freisin sa tsiopa leabhar. Ní raibh aige ag an am ach cibé beagán Gaeilge a d’fhoghlaim sé sa bhunscoil.

Deir Seán Mac Gearailt (Feasta, Bealtaine 1979) gur tairgeadh post státseirbhíse dó i 1922, tharla aithne mhaith bheith aige ar threoraithe polaitiúla na linne sin, ach gurbh fhearr leis bheith ag obair don Chonradh. Deir sé freisin gur thairg Séamus go laghdófaí a thuarastal le linn géarchéime aigeadais sna 1940idí.

Phós sé ach fuair a bhean bás go hóg agus d’fhág triúr iníonacha aige le tógáil. Chuir Seán Mac Gearailt síos air: ‘Fear beag ab ea Séamus Mac Conglinne, gan aon ró-théagar ann. Chaitheadh sé gloiní i gcónaí mar bhí radharc na súl go lag aige. Chítí é coitianta ina shuí laistigh den fhuinneog sa seomra cúil ar an gcéad urlár in uimhir a 14 [Cearnóg Pharnell] mar a raibh Ard-Oifig an Chonartha, clóscríobhán den seandéanamh os a comhair agus é ag obair leis. Uaireanta eile is ag glinniúint ar na leabhair chuntais a bhíodh sé, mar ba dhuine é go mbíodh iomad dualgas air, é ina chlóscríobhaí, é ina chuntasóir, é ina Ard-Rúnaí, agus go minic san aon lá amháin, mar nárbh acmhainn don Choiste Gnó cabhair bhreise a fhostú’.

D’éag sé 15 Aibreán 1979.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú