Rinne Risteárd Ó Foghludha taighde i dtaobh bheatha an fhile seo (Cois na Bríde: Liam Inglis, O.S.A. 1709–1778. A cuid Filidheachta da Chnuasach is da chur in eagar ag Risteárd Ó Foghludha, 1937) ach is tuairimíocht atá bunaithe ar shaothar an fhile is mó atá aige. Roimhe sin ní raibh d’eolas ina thaobh ach a raibh ag Seán Ó Dálaigh in Poets and Poetry of Munster, 1853 mar ar dúradh gurbh as an gCaisleán Nua i gContae Luimnigh dó. Sa chuntas sin is túisce a dúradh gurbh é a chum an t-amhrán ‘Caiseal Mumhan’. Ba dhóigh le Ó Foghludha, áfach, gur snaCoirríní, paróiste Theampall Doire i dTiobraid Árann, a rugadh é. Tuairimíonn sé gur leasainm ar dhream de na Rianaigh gurbh ea ‘English’; an fhianaise atá aige air sin gur nocht Eoghan Ó Comhraí an tuairim chéanna, gur scríobh Seán Lúid dán ina bhfuil tagairt do ‘an tAthair glan séimh Ó Riain... Is cé gallda a ainm is aithnid gur Gaelach Liam’, gurbh é Inglis a scríobh an t-amhrán ‘Ag tarraing ar Aonach na gCoirríní’, go raibh an file mór le muintir Bhriain ó Imleach, agus gur sa dúiche sin is líonmhaire atá an sloinne English. In Canfar an Dán: Uilliam English agus a Chairde, 2003 tá eagar curtha ag Úna Nic Éinrí ar 28 dán dá dhéantús. Is fearr léi 1695 mar bhliain a bhreithe ná an 1708-1709 atá ag Risteárd Ó Foghludha. Pléann sí na háiteanna go léir i dTiobraid Árann agus i Luimneach a raibh daoine den sloinne English ina gcónaí iontu agus i ndeireadh báire ba dhóigh léi gurbh in oirthear Chontae Luimnigh a bhí cónaí ar a mhuintir. Faoi 1733 bhí cónaí air i mbarúntacht Bharrach Mór, i gCoill na Cora. Bhí cónaí air seal i Múscraí sular thug sé tamall sna Doiminicigh i gCorcaigh. Ní ligfí dó fanacht san ord sin toisc nach raibh sé sásta aontú le riail na bochtaineachta, is cosúil. Bhí mainistir ag na hAgaistínigh i gCorcaigh freisin, i Scamlas an Éisc, agus glacadh leis ansiúd. Tar éis bliana nó dhó cuireadh go mainistir Merulano sa Róimh é. Oirníodh ina shagart é i 1749 agus d’fhill sé ar Chorcaigh. Dar leis an bhFoghludhach nár chum sé dán ar bith i rith na tréimhse 1740–50. Ó 1754 go ceann ceithre bliana bhí sé ina Leas-Phrióir. D’éag sé ar 20 Eanáir 1778 agus cuireadh é i Reilig Eoin, Sráid Dúglais, Corcaigh. In ainneoin caidreamh a bheith aige le filí mar Liam Rua Mac Coitir, Piaras Mac Gearailt, Seán Lúid, Seán Ó Murchadha na Ráithíneach agus Éadbhárd de Nógla níor scríobh aon fhile caoineadh air, go bhfios don Fhoghludhach.

Ceithre dhán is tríocha atá in eagar ag Ó Foghludha. Ní thig leis a dheimhniú gurbh é Inglis a scríobh cuid acu, na hamhráin ghrá go háirithe. Déanann sé talamh slán de nárbh é a cheap ‘Caiseal Mumhan’ agus fágann ar lár é. Is dóigh gurb é ‘An Déirc’ an t-amhrán is aitheanta dá dhéantús ach b’fhéidir amhras a bheith ann gurbh é a chum. In Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967, in eagar ag Cuthbert Mhág Craith, deirtear gurbh é an tAthair Pádraig Ó Broin (An Bráthair Bocht) nó an tAthair Uilliam Inglis a chum agus tar éis na foinsí a phlé in Dán na mBráthar II, 1980 ní rabhthas cinnte go fóill cé acu a chum.

Cuireann J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa (Traidisiún Liteartha na nGael, 1979) tábhacht le cuid dá dhánta mar fhianaise ar spéis fhilí a linne i gcúrsaí thar lear. In Radical Irish Priests 1660–1970, 1998, in eagar ag Gerard Moran, tá aiste dar teideal ‘A Voice from the Jacobite Underground: Liam Inglis 1709–1778’ ag Eamon Ó Ciardha. Deir sé: ‘Inglis is in many ways typical of the key figures in the underground intelligensia of eighteenth-century Ireland, not least by his obscurity.... The fact that the poet gleaned much of his information on the Seven Years’ War from contemporary newspapers, translated it to Irish and set it to well known airs... has implications for the poet’s role in the effusion of European war-news and Jacobite rhetoric to a monoglot Gaelic audience. Inglis was not an exception in this regard.’ I 2003 foilsíodh Canfar an dán: Uilliam English agus a chairde le Úna Nic Éinrí. In éineacht leis an leabhar tá dlúth-dhiosca ar a bhfuil scór d’amhráin Inglis á rá ag Pádraig Ó Cearbhaill a bhí ina eagarthóir cúnta ar Canfar an Dán.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú