“Sa chéad leath den aois seo ní raibh Gael níos dúthrachtaí ná níos léannta ná Séamus Ó Casaide. Chaith sé a shaol ag bailiú agus ag scaipeadh eolais ar ábhair a bhain, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le stair, le teanga agus le litríocht na nGael”, a dúirt Máirín Ní Mhuiríosa faoi in Feasta Márta 1982.

Sa tSráid Mhór i bhFiodh Ard, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 24 Iúil 1877. Ball den Chonstáblacht Ríoga sa bhaile sin a athair Michael Cassedy (is mar sin a litríodh an sloinne sa teastas breithe). Ba í Honora Manning a mháthair. Nuair a d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath bhí sé ag freastal ar Scoil Uí Chonaill sular chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. I 1909 a fuair sé an B.A. Fuair sé post i Roinn na nOibreacha Poiblí ach lean air ag staidéar gur ghnóthaigh M.A. agus ina dhiaidh sin B.L. Tugadh post cigire Árachais Sláinte Náisiúnta faoi Roinn an Rialtais Áitiúil dó. Bhí sé i gCorcaigh i mbun chúraimí an phoist sin ar feadh tamaill ó 1918 amach.

Níl fhios cad é ná cé hé a spreag a dhúil sa Ghaeilge. Laistigh de bheagán blianta i ndiaidh bhunú an Chonartha bhí sé ina bhall gníomhach den Ard-Chraobh. Bhí sé i láthair ag Oireachtas 1899. Bhí sé orthusan a thaithíodh Stad na Gaeilge i Sráid Fheardorcha Thuaidh (feic MAC GARBHAIGH) agus chuidigh sé le hÉamonn Ceannt chun Cumann na bPíobairí (1901–1913) a bhunú ann. Ba é a scríobhadh agus a leagadh amach An Píobaire dóibh, iris nach gclóbhuailtí. Cheannaigh sé a ghléas píbe ó William Phair, sean-Ghaeilgeoir i gContae Chorcaí. Deirtear nár phíobaire maith é. Sa taobh liteartha agus stairiúil den cheol ba mhó a bhí a shuim. Chuir sé liosta de phíobairí ar fáil chomh maith le nótaí beathaisnéise fúthu.

I 1902 bhí sé páirteach sa turas a thug baill an Chonartha síos go dtí an Rinn ar dúradh faoi san Irish Book Lover, Iml. XXIX, Uimh 2, Márta 1944: “One of the little known factors which aided in the founding of the Irish College”. Toradh eile ar an turas sin gur spreag sé spéis Uí Chasaide sna Déise agus i bhfilí an cheantair. Ba é a d’aimsigh uaigh Thadhg Ghaelaigh Uí Shuilleabháin agus a rinne suirbhé bibleagrafach ar an Pious Miscellany agus ar shaothar Phádraig Denn. Níl áit is fearr a bhfuil léargas le fáil ar mhéid a eolais ná sa léirmheas a scríobh sé in Irisleabhar na Gaedgilge, Aibreán 1906, ar eagrán Fhiachra Éilgeach de dhánta Phiarais Mhic Ghearailt.

Léacht a thug Eoin Mac Néill a d’adhain a spéis sa cheannródaí Pilib Barún. D’éirigh leis paimfléid agus lámhscríbhinní a bhain leis an mBarúnach a bhailiú.

Go luath sa chéad thug sé faoi leabharlann a chur ar fáil don Ard-Chraobh. Bhronn Standish H. O’Grady, Dáithí Coimín, An Craoibhín agus scoláirí eile leabhair air agus ar deireadh bhí 231 teideal cruinn aige. Faoi 1905 is saineolaí ar an gclódóireacht a bhí ann. I gcomhar le E. R. McClintock Dix d’fhoilsigh sé sa bhliain sin A list of books and pamphlets etc. published partly or wholly in Irish from the earliest times until 1820. Is é a dúirt M. J. McManus: “Of Irish books in the Gaelic character there seemed to be nothing with which he was not familiar and his learning was at the disposal of all” (IBL, Márta 1944). Toghadh ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann é i 1914.

Ba é ba thúisce a chuir sleachta as cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin i gcló (Gadelica I 1912–13). D’fhoilsigh sé A guide to old Waterford newspapers (1917), A topical gazetteer of Ireland (1923), The Irish language in Belfast and Co. Down 1601–1850 (1930), Watty Cox and his publications (1935). In Index to articles in Irish periodicals tá breis is ceithre chéad alt óna pheann liostaithe ag Risteard de Hae, iad san Journal of the Co. Louth Archaeological Society, Journal of the Waterford and South East of Ireland Archaeological Society agus a leithéidí ach an mhórchuid díobh san Irish Book Lover. Chuir sé eagar ar imleabhair XVI agus XVII den iris sin. Bhí sé ina uachtarán ar an Bibliographical Society i 1933.

Phós sé Máire “Dot” Ní Chonchubhair ó Ráth Loirc i 1918 agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu. Deir Máirín Ní Mhuiríosa: “Mar dheimhniú ar a dhíograis i leith na teanga, ba í an Ghaeilge a labhraíodh sé lena chlann i gcónaí”. I gCluain Tarbh a bhí cónaí orthu. Nuair a d’éag sé ar 8 Aibreán 1943 bhí an méid seo le rá ina thaobh ag Donnchadh Ó Liatháin in An Glór 8 Bealtaine 1943: “Níor chas éinne riamh liom go raibh eolas níos cruinne aige ar lámhscríbhinní agus ar fhoilseacháin Ghaeilge, ar stair áitiúil agus ar stair choitianta na tíre, nó ar litríocht na Gaeilge. Agus ní móide go bhfaighfí scoláire níos fonnmhaire chun cúnamh a thabhairt do scríbhneoir nó chun a bheachteolas a chur fá bhráid an té a mbeadh gá aige leis”.

Bhíodh comhfhreagras ar siúl aige i dtaobh na clódóireachta, i dtaobh shaothrú na teanga i gcéin agus i dtaobh go leor ábhar eile. D’fhág sé na litreacha sin go léir agus a cháipéisí agus lámhscríbhinní le huacht ag an Leabharlann Naisiúnta. Cheannaigh leabharlann i Manchain a bhailiúchán luachmhar leabhar agus paimfléad agus cheannaigh an Gailearaí Náisiúnta a chnuasach pictiúr.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú