Scéalaí a rugadh sa Cheapach in aice le Teileann, Co. Dhún na nGall. D’éag sé díreach roimh Nollaig 1942 agus tá cuntas air ag Dr Seán Ó hEochaidh in Béaloideas 12, 1942. Deir sé go raibh saibhreas sonraíoch seanchais agus scéalta ag Séamus agus nuair a toghadh é ina bhailitheoir do Choimisiún Béaloideasa Éireann, ba é Séamus an chéad duine i dTeileann ar tharraing sé air: '"Maireann lorg an phinn, ach ní mhaireann an béal a chan". Sin an rud adeir an sean-fhocal, agus 'sé a dhálta sin ag Séamus bocht é. Tá sé imthighthe uainn anois, ach d'fhág sé saidhbhreas 'n-a dhiaidh a rachas 'un sochair dho sgoláirí nach dtáinic 'un t-saoghail go fóill'.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú