Ar feadh deich mbliana bhí sé ina eagarthóir ceoil sa Ghúm. Tá cuntas air in Irish Times 13 Meán Fómhair 2003. Sa Mhuileann Rua, Co. an Longfoirt, a rugadh é ar 16 Márta 1907. Múinteoirí bunscoile sa Chluainín a thuismitheoirí, John Cassidy agus Elizabeth Coen, agus ba é Seán an ceathrú duine den trí dhuine déag a rugadh dóibh. Scoláireacht an Rí a thug go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é. Is i Scoil Lána Eoin i gceantar Shráid Thomáis, Baile Átha Cliath, a bhí a chéad phost bunmhúinteoireachta aige. 90 a bhí sa rang aige ansiúd, cuid acu cosnochta. Deirtear san Irish Times faoin tréimhse sin: ‘From this experience stemmed his conviction that education is the key to the alleviation of poverty. This and a clear understanding of the enormous challenges that faced the educator in deprived places were central to his life’s work in education. He had little interest in material comforts and sent his salary home to provide an education for his younger siblings, after the untimely death of his father.’ I 1931 d’aistrigh sé go Scoil Phádraig, bunscoil a bhí bainteach le Coláiste Phádraig maidir le hoiliúint múinteoirí. I rith na tréimhse sin d’éirigh leis Dioplóma san Oideachas agus céim mháistir a ghnóthú sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; bhí tionchar mór ag Dubhghlas de hÍde air sa Choláiste. Bhí cáil ar Scoil Phádraig freisin i ngeall ar ar éirigh lena cuid múinteoirí poist chigireachta a fháil. Ceapadh Seán ina chigire ceoil i 1937. I nGaillimh agus i gCorcaigh a bhí sé ag obair sular ceapadh ina chigire bunscoile in iarthar na tíre é i 1941. Chaith sé deich mbliana ó 1955 ina chigire ceantair agus ina roinnchigire i dTír Chonaill, cúpla bliain díobh sa Chlochán Liath agus an chuid eile i nGaoth Dobhair. Faoi 1965 bhí sé ar ais sa phríomhchathair agus ceapadh é ina Phríomhchigire Cúnta i 1969. Is mar Eagarthóir Ceoil sa Ghúm a chaith sé na deich mbliana ó 1972 amach. An phrintíseacht fhada a bhí déanta aige a d’oir don phost sin é. Ba é a bhunaigh cór cáiliúil Chraobh an Chéitinnigh i 1935. Bhailíodh sé amhráin Ghaeilge i nDún na nGall; luaitear go háirithe na hamhráin a thug Róise Mhic Grianna dó. Ba é a chuir ina luí ar an Aire Oideachais £150 sa bhliain a thabhairt do Carl Hardebeck. Ar feadh i bhfad bhí sé ina mholtóir ar chomórtais sean-nóis an Oireachtais. Chumadh sé amhráin do pháistí agus luaitear go háirithe ‘Teidí beag álainn’. Mar stiúrthóir ar chór na heaglaise i Raghnallach chum sé ceol le haghaidh an Aifrinn i nGaeilge. A chlann páistí a bhunaigh an grúpa cáiliúil Na Casadaigh. Deichniúr, triúr iníonacha agus seachtar mac, a rugadh dó féin agus a bhean Nóirín. Bhí a dheirfiúr Síle pósta ar Gerald O’Grady agus iníonacha leo sin is ea Eily, a bhí pósta leis an amhránaí Frank Patterson, agus Geraldine O’Grady, ceoltóirí cáiliúla. D’éag sé ar 3 Meán Fómhair 2003 agus tá sé curtha i reilig Chill Mochióg.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú