Ó CASAIDE, Séamus (1854-1942) Séamus Ó CASAIDE 1854 1942 An Cheapach, Co. Dhún na nGall M scéalaí/seanchaí [B9] scéalaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scéalaí a rugadh sa Cheapach in aice le Teileann, Co. Dhún na nGall. D’éag sé díreach roimh Nollaig 1942 agus tá cuntas air ag Dr Seán Ó hEochaidh in Béaloideas 12, 1942. Deir sé go raibh saibhreas sonraíoch seanchais agus scéalta ag Séamus agus nuair a toghadh é ina bhailitheoir do Choimisiún Béaloideasa Éireann, ba é Séamus an chéad duine i dTeileann ar tharraing sé air: '"Maireann lorg an phinn, ach ní mhaireann an béal a chan". Sin an rud adeir an sean-fhocal, agus 'sé a dhálta sin ag Séamus bocht é. Tá sé imthighthe uainn anois, ach d'fhág sé saidhbhreas 'n-a dhiaidh a rachas 'un sochair dho sgoláirí nach dtáinic 'un t-saoghail go fóill'.