‘With this simple and courtly scholar an interesting link with the past is gone. Seán was the last person employed officially in Trinity College Dublin and in the Royal Irish Academy on the transcription of documents in the Irish language’ (Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1928).

I dTailteann, Co. na Mí, a rugadh é. Ba iad James O’Farrelly agus Jane Boland a thuismitheoirí agus bhí ar a laghad beirt deartháireacha aige. Tar éis tamaill i Meiriceá chaith sé an chuid eile dá shaol, tuairim caoga bliain, i gceantar Chnoc an tSamhraidh i mBaile Átha Cliath. Is dóigh go bhfaigheadh sé poist mhúinteoireachta. Chuir sé síos ar fhoirm Dhaonáireamh 1901 go mba scríobhaí Gaeilge é agus múinteoir Gaeilge, Béarla, Laidne, Gréigise agus Fraincise, agus go raibh sé 56 bliain d’aois. 31 an aois a bhí ag a bhean agus ní cosúil go raibh aon chlann acu. Ag 45 Bóthar Bhaile Bhocht a bhí cónaí air ag an am agus i 1901 freisin bhain sé an dara duais ag Feis Laighean ar bhailiúchán d’fhocail Ghaeilge. Bhí sé ar dhuine díobh sin ar ghabh Pádraig Ó Duinnín buíochas leo i dtaobh liostaí focal a chur chuige.

Bhí sé ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus de Chonradh na Gaeilge. Deir Séamus Ó Casaide go raibh sé gafa go mór le ceol traidisiúnta agus go háirithe le ceol píbe, agus go bhfostaíodh Meiriceánaigh é chun taighde ginealais agus staire a dhéanamh. Nuair a bhíothas ag féachaint le mairtírigh Éireannacha a bheannú ba é a chláraigh agus a chóipeáil na cáipéisí a bhí ag tacú leis an gcás. Níor fhoilsigh sé mórán. Tá alt dar teideal ‘The Annals of Inisfallen’ aige in Journal of the Ivernian Society, Deireadh Fómhair 1908.

Tháinig tinneas a bháis air i Leabharlann na bProinsiasach., Cé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath, agus d’éag 11 Samhain 1927 sula bhféadfadh sé a theach a shroichint. Tá sé curtha sa Ráth Mhór in aice lena áit dhúchais. Bhí sé pósta ar Mary Anne Flynn arbh as Baile Átha Cliath di.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú