In eagrán 1962 de Lucerna Fidelium tugann Pádraig Ó Súilleabháin eolas ar bheatha an údair. Tá beagán sa bhreis air sin ag Parthalán Mac Aodhagáin OFM in The Franciscan College Annual, 1947 (‘An tAthair Froinsias Ó Maolmhuaidh, O.F.M.’). Sa chuid d’Uíbh Fhailí atá i ndeoise na Mí a rugadh é, i mbarúntacht Bhaile Mhic Abhain, is cosúil; ‘Tír na Maolmhuaidheach’ a thugann Mac Aodhagáin ar an gceantar sin agus léigh sé i dteastas amháin sa Róimh ‘gur tháinig sé de shliocht na n-uasal (“E nato di Nobil famiglia”)’. Chuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i gColáiste San Isadóir sa Róimh 2 Lúnasa 1632. Thosaigh sé an cúrsa sagartachta 2 Samhain 1638. Ceapadh é ina léachtóir le fealsúnacht i Klosterneuberg, gar don Vín, i 1642. Trí bliana ina dhiaidh bhí sé ina ollamh le diagacht in Gratz agus d’fhoilsigh a chéad leabhar ann i 1645, Disputatio theologica de Incarnatione Verbi ad mentem Joannis Duns Scoti.... Bhí sé in Mantua i 1647 agus ansin cuireadh ar ais go Coláiste San Isadóir é i 1652 chun fealsúnacht a mhúineadh. Bhí sé sa láthair ag caibidil ghinearálta an Oird i 1664 agus bhí tamall ag gníomhú ar son na mball den Ord a bhí in Éirinn. Aithníodh é mar Primarius Lector Jubilatus ag Caibidil na mBráthar Mionúr i 1669. Moladh i 1671 go gceapfaí é ina easpag ar dheoise Chill Dara. Ar na daoine a bhí á mholadh don phost bhí an tImpire Leopold, Oilibhéar Pluincéad agus Signora Maria Altieri, deirfiúr an Phápa. Níor tugadh an chéim sin dó. Bhí sé i gceannas ar Choláiste San Isadóir go sealadach an bhliain chéanna sin.

Leabhair leis a foilsíodh is ea: Iubalatio Genethliaca in honorem Prosperi Balthasaris Philippi Hispaniarum Principis, 1658 (dán); Theologia Sacra, 1666, imleabhar dá Cursus philosophiae, saothar nár cuireadh a thuilleadh de i gcló; Lucerna Fidelium seu Fasciculus decerptus ...de Doctrina Christiana ... Lóchrann na gcreidmheach.i. Diosgan dioghlomtha ...1676; agus an Grammatica Latino-Hibernica, 1677. Deirtear gur scríobh sé leabhar dar teideal ‘Historia Hiberniae’ ach ní cosúil gur foilsíodh é agus níl tásc ná tuairisc air. Tá an dá thuairim ann faoi dháta agus áit a bháis. Más fíor a bhfuil scríofa ar leacht i gColáiste San Isadóir, is ann a d’éag sé í 1684, é ina ghairdian ar an gcoláiste ag an am. Ach is i dtosach an 20ú haois a tógadh an leacht agus deir Pádraig Ó Súilleabháin gur ródhóigh nach bhfuil sa dáta ach buille faoi thuairim agus tá sé in amhras an raibh sé ina ghairdian riamh: bhí tamall de 1671 caite aige mar praeses nó uachtarán. Deir an tAthair Éamonn Ó hÓgáin i gcuntas ceannródaíoch (Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897 agus arís in Irish Book Lover Eanáir-Feabhra, 1930) gur léigh sé i scríbhinn a bhí i gCartlann na nIosánach sa Róimh gur sa Fhrainc a cailleadh é i 1677 agus é ar a bhealach go hÉirinn. Ní raibh puinn amhrais air ina thaobh: ‘... it is now certain that he died in the last quarter of the year 1677. I hope to have before long the precise date and place of his death.’ Ní cosúil gur deimhníodh an t-eolas sin ó shin ach bhí Mac Aodhagain ar aon intinn leis an Ógánach.

Seachas an teideal Laidine is i nGaeilge atá Lucerna Fidelium. Ba iad an Sacra Congregatio de Propaganda Fide a d’ordaigh go scríobhfaí é gan mhoill agus ba é an chéad leabhar Gaeilge é a chuir a gclóphreas amach. Tugann Pádraig Ó Súilleabháin eolas ar fhoinsí an leabhair. Deir sé gur bhain Ó Maolmhuaidh an chéad chuid den obair as Parrthas an Anma le hAntoin Gearnon, gur aistriúchán ar theagasc críostaí Bhousset an dara cuid, agus go bhfuil an tríú cuid bunaithe roinnt mhaith ar leabhar Phroinsiais Porter OFM (c.1622–1702), Securis Evangelica ad Haeresis radices posita (An Róimh, 1674). Le haghaidh na misean in Éirinn agus in Albain agus le freastal ar shaighdiúirí Éireannacha san Eoraip a scríobh Ó Maolmhuaidh Lucerna Fidelium.

I gcuntas in Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1930 deir Séamus Ó Casaide go raibh a lán cóipeanna den leabhar, iad fós gan ghearradh gan cheangal, i mBaile Átha Cliath timpeall 1890; cúig scilling an praghas a bhí orthu, I bhfad roimhe sin, in 1845, cuireadh ceant ar leabhair an Déin Uí Liatháin, Iorras, Co. Mhaigh Eo. agus bhí 278 cóip de Lucerna Fidelium agus 66 cóip de theagasc críostaí Uí Eodhasa ina measc! Deir an Súilleabhánach: ‘Ta le rá faoi [Lucerna Fidelium] freisin go bhfuil i bhfad níos mó cóipeanna le fáil ná mar atá d’aon leabhar Gaeilge Caitliceach eile dár cuireadh i gcló sa 17ú haois. Féadfaidh sé gurb in fáth amháin gur bhain scoláirí Gaeilge leas as thar mar a bhain siad as na leabhair a cuireadh amach i Lováin san aois chéanna.’ Cheannaigh Séamus Ó Casaide cóip i siopa leabhar M.H. Gill i 1910. ‘Lucerna Fidelium, therefore, enjoys the distinction of having remained “in print” for 234 years in its first edition’ (Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1930).

Maidir leis an Grammatica Latino-Hibernica, 1677, ba é an chéad ghraiméar Gaeilge nua-aoiseach é a foilsíodh. Bhain Edward Lhuyd úsáid as in Archaeologia Britannica agus luann Seán Ó Donnabháin go minic é ina ghraiméarsan. Deir Tomás Ó Cléirigh gur chuir an scoláire mór Joseph Loth sleachta móra as ina La Métrique Galloise. Baineann an 12 caibidil tosaigh le graiméar, agus is le prosóid na Gaeilge anuas go dtí an 17ú haois a bhaineann na trí cinn déag eile. Chuir Tomás Ó Flannghaile aistriúchán den chuid seo, De Prosodia Hibernica, ar fáil i 1908. Táthar ar aon fhocal gur leagan de thráchtas Uí Eodhasa ar an bprosóid atá ag Ó Maolmhuaidh. I Laidin atá trí chuid den Grammatica Latino-Hibernica agus is tráchtas Gaeilge ar ‘ealadhain an dána Gaoidhealda’ an ceathrú cuid. Ag deireadh an leabhair tá dán aige ar an nGaeilge. ‘Biodh An Ghaeilge fa mheas mhór / A n-Áth Cliath na bhfleasg bhfion-ól.’ In Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967 tugtar le tuiscint gurbh fhéidir gurbh é a scríobh cúig cinn de na dánta sa díolaim sin. Sa chuntas atá ag Cuthbert Mhág Craith air in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 deir sé gur cinnte nárbh é a chum ‘Triúr atá ag brath ar mo bhás’; is air ba mhaith le Tomás Ó Rathile an dán sin a leagan in Measgra Dánta II, 1927.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú