Cuireadh a chaitceasma i gcló i Lováin: Suim bhunudhasach an teaguisg Chríosdaidhe a bprós agus a ndán. Maille re hoifig spioradálta an chreidmhigh gach laé; agus lé húirnaighthibh caoindúthrachtacha eile roimh fhaoisidin is roimh chumaoineadh, agus nandiáig. Farré clár na bpeacadh fhoghnas roimh fhaoísidin. Ar na ttarrrang agus ar na gcur amach a nois go nuádh lé S.D.. Agus ar na chur i gcló i gcoláisti na mbráthar mionúr néireannach i Lobháin maille le hughdarrus , 1663. Cuireadh amach arís é i leabhar Aodha Mhic Chruitin, The Elements of the Irish Language Grammatically Explained in English, 1728. Níl eolas ar a bheatha sa chuntas gairid atá ag Tomás Ó Cléirigh in Aodh MacAingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lováin, 1935 agus níl le rá ag Colm Ó Lochlainn sa nóta a chuir sé le Tobar Fíorghlan Gaedhilge: deismireachta na teanga 1450–1853 , 1939 ach go raibh sé ina ab ar mhainistir Chill Manach, Co. Chill Chainnigh, i 1650. Is cosúil go bhfuil cuntas air ag John Neary in The Parishes of Cong, Cross and The Neale, ach níorbh fhéidir linne radharc a fháil ar an leabhar sin. Níl cóip in aon cheann de mhórleabharlanna Bhaile Átha Cliath ná i leabharlann Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. In History of the town and county of the town of Galway, 1820 deir James Hardiman gurbh é a bhí ann ‘abbot of Kilmannock’ agus ‘proctor for the chapter and clergy of Tuam’ agus go raibh sé ag Sionad Jamestown, Co. Liatroma, i 1650. Thugtaí an teideal ‘Ab’ do bhaill den ghnáthchléir. Is cosúil gurbh é Cill na Manach, Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe, a bhí i gceist. San approbatio le Suim bhunudhasach an teagaisc Chriosdaidhe ... deirtear gur dochtúir le diagacht a bhí ann agus go raibh sé ina bhiocáire ginearálta i ndeoise Thuama. In Ireland and the printed word ... 1475-1700, 1997 deir Tony Sweeney go raibh sé ina bhiocáire ginearálta ar Thuaim agus níos deireanaí ina bhiocáire aspalda ar Chill Ala, agus cumhacht easpaig aige. Oirníodh é ina easpag ar Chill Ala ar 22 Aibreán 1676 (The new history of Ireland, iml. XI, 1984).

Tá ‘Seanmóir Aoine an Chéusda’ óna láimh i lámhscríbhinn i Leabharlann na Breataine. Cuirtear spéis ar leith i rud atá aige sa díonbhrollach, gur scríobh sé a theagasc críostaí ‘chun a bheith níos coitinne ag cách dhó, ná mar a bhí sé acu go fóill, agus fós i ndóigh go sroichfeadh sé i mórán d’áiteanna dár dtír ann nach bhfuilid, agus nach sroichfidh sagairt ná Bráithre anois ar aon mhódh, tré aintreise eiriceach: agus gan labhairt ar Ghaeil Alban, ná ar oileáin iomadúla ar chóstaí na hAimérioca ina bhfuilid ró-mhórán Éireannach ar easpa daoine eaglaise óna bhfaighidís béaloideas spioradálta ar aonchor’ (an litriú leasaithe ag na húdair). Gabhann sé buíochas leis na Froinsiasaigh Giolla Brighde Ó hEodhasa agus Antoin Gearnon. Glactar leis coitianta gur fhág teagasc críostaí Uí Eodhasa a rian ar gach leabhar dá leithéid anuas go haimsir Fhroinsiais Uí Mhaolmhuaidh (‘Cúig Teagaisc Chríostaidhe den 17ú Aois: Compráid’ le Anselm Ó Fachtna in Measgra i gCuimhne Mhichíl Uí Chléirigh ..., 1944 in eagar ag Sylvester O’Brien, OFM). Deir Ó Fachtna freisin gur thóg Ó Dubhlaoich roinnt paidreacha as Parrthas an Anma le Gearnon ach gur athraigh sé iad in áiteanna. Tá sé luaite ag Oilibhéar Pluincéid i litir dar dáta an 10 Márta 1673: ‘I was also in contact for fifteen days with Dr. John Dooley, who was vicar-general of Tuam for thirty five years; all during the time of the persecution he suffered a great deal, and as a Catholic gentleman of that diocese informs me, it was he who kept alive the spark of faith which remained in that diocese and in the whole province; he is the best canonist in the province, the archbishop of Tuam informs me’ (The letters of St. Oliver Plunkett, 1979 in eagar ag John Hanly).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú