Murach é b’fhéidir nach mbeadh teacht inniu ar chuid de na hamhráin Ghaeilge úd a cumadh i ndeisceart Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann. I gcathair Chill Chainnigh a rugadh an t-ársaitheoir seo agus ba iad John Henry Prim, dlíodóir, agus Johanna Anderson a thuismitheoirí. Bhí triúr deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Tá cuntas air ag Frank McEvoy in Old Kilkenny Review, 1976, ag Dáithí Ó hÓgáin in Duanaire Osraíoch, 1980 agus in Duanaire Thiobraid Árann, 1981 agus ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny History and Society ..., 1990 in eagar ag William Nolan, Kevin Whelan (‘Scríobhaithe lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’). Bhí sé ina thuairisceoir ag an Kilkenny Moderator, páipéar a bhí báúil leis an eaglais Phrotastúnach, le Sasana agus leis an bPáirtí Coimeádach. Ó 1855 go deireadh a shaoil is é a bhí ina eagarthóir air. I gcuntas iarbháis in Irish-American (i gcló ag McEvoy) dúradh: ‘As we thus recall him, very distinctly, we bring to reflection his tall graceful form and prepossessing appearance and his modest, gentle, winning manners. He did not appear to be of very robust constitution but he seemed to love work and never tire of occupation. Outside of his strictly professional labours—and we should mention he was then regarded as the factotum of the Moderator’s office, editor, reporter, proof-reader and all—he did brave work, chiefly with a view of awakening in the educated classes of our native county an active interest in its history. We were very proud of his department of “Nooks and Corners of our County” ...’. Phós sé a chol seisir, Mary McCrea. Baintreach ba ea í agus ba hiníon í le bunaitheoir an Moderator, Abraham Denroche. Rugadh ochtar leanaí dóibh agus mhair duine díobh anuas go 1946.

I measc a chairde sa chathair bhí an t-úrscéalaí Paris Anderson (c.1790-c.1860), fear gaoil leis, agus Kyran T. Buggy, an té a scríobh an bailéad ‘The Saxon Shilling’. Bhí ríspéis aige óna óige sa tseandálaíocht agus scríobh sé cuntais ar na suímh sheandálaíochta ar fud Chontae Chill Chainnigh. Bhí beartaithe aige stair an chontae a scríobh. In éineacht lena chol seisir, an tUrramach James Graves, agus daoine eile bhunaigh sé an Kilkenny Archaeological Society in 1849. Ba é an chéad chumann dá leithéid sa tír é agus is uaidh a shíolraigh an Royal Society of Antiquaries of Ireland. Bhí sé féin agus Graves ina gcomhrúnaithe. Foilsíodh 45 dá aistí in iris an chumainn. Bhí caidreamh aige sa chathair le Seán Ó Dálaigh agus d’fhéach sé chuige go mbaileodh Seán Ó Doinn agus Séamus Ó Braonáin amhráin Ghaeilge ina gceantair. Tugann Dáithí Ó hÓgáin sna duanairí thuasluaite cuntas ar an gcomhoibriú seo agus a thoradh. Bhí beartaithe ag Prim amhráin an chontae a fhoilsiú. Tá plean an leabhair, dosaen caibidil de chineálacha amhrán, i gcló ag McEvoy agus deir sé: ‘If ill-health, pressures of business and domestic cares had not combined to shorten John G.A. Prim’s life, what a priceless addition that book would have made to Kilkenniana.’

I gcomhpháirt le Graves d’fhoilsigh sé The History, Architecture and Antiquities of the Cathedral Church of St Canice, Kilkenny, 1857. Deir McEvoy: ‘There is an added irony that the one popular work which should have borne his name is irredeemably credited to his cousin, Paris Anderson—Nooks and Corners of County Kilkenny’. An fáth a bhí leis sin gur cuireadh i gcló mar leabhar é i 1940 agus ainm Anderson leis. Tá a lámhscríbhinní agus tá na nótaí a d’ullmhaigh sé le haghaidh stair Chontae Chill Chainnigh i Roinn Béaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá na páipéir a bhaineann le stair agus le ginealaigh sheanteaghlaigh Chill Chainnigh i dtaisce in Oifig na dTaifead Poiblí i mBaile Átha Cliath. D’éag sé ar 2 Samhain 1875.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú