FEIRITÉAR, Cáit (1916–2005)

‘Tá Cáit Feiritéar – nó an Bhab mar is fearr aithne uirthi, nó go deimhin Bab – ó Bhaile na hAbha, Dún Chaoin i nGaeltacht Chiarraí, ar dhuine de na scéalaithe traidisiúnta deireanacha sa tsaol Gaelach.’ Sin í an chéad abairt sa réamhrá in Ó bhéal an Bhab: cnuas-scéalta Bhab Feiritéar (2002) in eagar ag Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh (a bhfuil péire dlúthdhiosca in éineacht leis). Chomh maith le cuntas gairid a thug sí féin ar a beatha, tá eolas sa réamhrá sin: ar na scéalaithe ónar fhoghlaim sí a ceird; ar na buanna sin a bhí riachtanach sa scéalaíocht - buanna a bhí aici féin; ar a repertoire; ar an athrú mór saoil lena linn maidir le bothántaíocht, raidió agus teilifís agus mar a dhealaíonn an t-athrú sin amach ó scéalaithe a hóige í; ar a caidreamh ar lucht litríochta agus an tionchar a bhí aici orthu. Tá cuntas ag Breandán ‘Brandy’ Mac Gearailt uirthi in Dúthaigh Duibhneach (2004). Tá aistí ómóis ag Micheál de Mórdha agus Breandán Mac Gearailt in Foinse 12 Meitheamh 2005 (‘Banríon na Scéalta’) agus tá cuntas iarbháis ar leathanach na marbh san Irish Times 18 Meitheamh 2005 (‘Renowned scéalaí with storytelling in her blood’). In Béaloideas 73, 2005 tá cuntas eolach ceanúil ag Bo Almqvist. Foilsíodh Coiglímis an tine: cnuasach seanchais agus scéalta Bhab Feiritéar (2010), é cóirithe agus curtha in eagar ag Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh.

I mBaile na hAbha, Dún Chaoin, Co. Chiarraí, a saolaíodh í 1 Nollaig 1916. Gairid i ndiaidh na breithe fuair a máthair, Eibhlín Ní Shé, bás. Ba é Seán (‘Johnnie’) Ó Guithín (1875-1957) a hathair. Aon duine amháin eile clainne a bhí ag an lánúin. Scéalaí ba ea a seanathair Micheál Ó Guithín (1851-1942) agus bhí sé dall i ndeireadh a aoise. ‘Ní raibh aon ní aige chun an t-am a chaitheamh, ach ag cur an lá leis an oíche agus an oíche leis an lá, suite cois tine ag duanaireacht agus ag scéalaíocht. Bhínn ag éisteacht leis, agus bhí na scéalta ag dul i bhfeidhm orm.’ Deir Muiris Mac Conghail faoin gcur síos sin: ‘Máistir a shamhlódh a leithéid de dhuan le trácht ar a seanathair muran filíocht ar fad í. Chím é: chím í’ (Comhar, Meitheamh 2003). Scéalaithe leis ba ea a hathair, a dheartháirsean Tadhg, agus a seanmháthair agus a seanaintín ar thaobh na máthar, Cáit, Bean Uí Shé (1861-1941) agus Máire Ruiséal, Bean Uí Lúing (1856-1946).

Agus í ar Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, idir 1923 agus 1931, d’insíodh nó léadh na múinteoirí, Bríd Ní Lúing, ar gheall í le máthair aici, agus Muiris Ó Dálaigh, scéalta dóibh. ‘Ansan a thuigeamar go raibh tábhacht ag baint leis an seanchas is an scéalaíocht.’ Deir de Mórdha: ‘Do sheasaimh sí go tréan teann lena paróiste dúchais nuair a dúnadh go dúr ár scoil i dtús na seachtóidí agus sí a bhí go mórálach ardmheanmnach nuair a hosclaíodh an scoil sin arís sa bhliain 1973.’ Agus í ina páiste scoile go fóill ligeadh sí uirthi gur sheanbhean í agus í ag insint scéil dá páirtí, Máirín Ní Dhálaigh. Bhailíodh na comharsana isteach i dteach a hathar chun a bheith ag éisteacht le scéalaithe agus thaithíodh sí teach a seanaintín Máire Ruiséal go minic. Scéalaí freisin ba ea Méin, iníon Mháire. Scéalta gearra grinn agus scéalta fada a bhí ag Máire ach is scéalta crábhaidh is mó a bhí ag a seanmháthair Cáit Ruiséal. An tseanmháthair a chuir ina luí uirthi go mbeadh sé míbhanúil a bheith ag insint scéalta gaisce.

Phós sí Séamus Feiritéar in 1942 (d’éag sé 1992). Bhí seachtar clainne acu, cúigear buachaillí, ar duine díobh Breandán, craoltóir / údar, agus beirt chailíní. Gan amhras bhí sí ró-óg ar feadh i bhfad chun a bheith ag insint scéalta do dhaoine fásta. Ní bhíodh lucht éisteachta ag an scéalaí óg; bhí an Bhab caoga bliain d’aois sular aithníodh mar scéalaí í. Ach d’insíodh sí scéalta dá páistí féin agus d’éirigh léi cuimhne a choimeád ar scéalta agus í ag crú na mba. ‘Ach is ait an rud é, nuair a bhínnse an uair úd suite fé bhó agus mé á crú, dá mbeadh an bhó deas briosc agus í suaimhneasach, chuireadh fuaim an bhainne ag dul don channa dánta agus duanaireacht a bhíodh ag m’athair críonna i gcuimhne dom...’.

Tháinig deireadh le nós na bothántaíochta le teacht an raidió, na teilifíse, na gcarranna, agus an nuashaoil i gcoitinne. Ach bhí lucht éisteachta go fóill ag Bab nuair a bhí sí i mbarr a réime: scoláirí Gaeilge agus béaloidis, éisteoirí Raidió na Gaeltachta, páistí scoile ag freastal ar shaotharlanna scéalaíochta, lucht éigsí agus oireachtais. Bhuaigh sí an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1988 i dTrá Lí. ‘Is gnáthchuid dá saol anois iad na micreafóin agus na ceamaraí teilifíse... agus dealraíonn sé nach gcuireann siad as go rómhór di.’ B’éigean di a cuid cainte a chur in oiriúint don lucht éisteachta seo, a raibh daoine ar bheagán Gaeilge ina measc, ach níor léir gur bhain sin de shaibhreas ná fírinneacht na teanga a thug sí léi óna muintir. Deir Almqvist agus Ó Cathasaigh go raibh tionchar ar leith uirthi ag Seosamh Ó Dálaigh sa mhéid go raibh scéalta taifeadta óna muintir aige agus go gcuireadh sé na scéalta sin i gcuimhne di. Bhídís le chéile go minic ag éigsí agus oireachtais agus ar chláir Raidió na Gaeltachta. Deir eagarthóirí Ó Bhéal An Bhab freisin: ‘Leanann forás an Bhab pátrún aitheanta scothscéalaithe i mórán tíortha.’ Cuireann siad béim ar leith ar an dúil a chuir sí sa scéalaíocht ina hóige. ‘Is léir gur thaithigh an Bhab an scéaltóireacht le linn don traidisiún sin a bheith faoi bhláth, agus gur chuala sí agus gur mheabhraigh sí mórchuid dá cuid scéalta ó scéalaithe a fáisceadh as traidisiún béil an tseansaoil Ghaelaigh, traidisiún a bhí neamhspleách go fóill ar thionchar na cathrach is na tionsclaíochta.’ Bhí teacht i láthair inti agus bhí foclóir saibhir aici. Bhí sí thar cionn ag aithris comhrá na gcarachtar sa scéal agus bhí sí in ann an seanfhocal oiriúnach a tharraingt isteach. Meastar go raibh an chuimhne cinn sin aici a dtugann scoláirí béaloidis ‘eidetic memory’ air: ba léir uirthi go raibh sí ag féachaint ar eachtraí an scéil agus é á insint aici. Rinneadh 100 dá scéalta a thaifeadadh agus meastar gur 150 a bhí aici.

Chuaigh sí i gcion ar scríbhneoirí mar Sheán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama, Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill. Tá i gcló ag Micheál de Mórdha abairt a scríobh Ó Ríordáin fúithi ina cholún san Irish Times: ‘Peig Sayers eile is ea Cáit Bean an Fheirtéaraigh. Tá sí ina claisic cheana féin. Tá gach draíocht, gach réchúis, gach foirfeacht scéaltóireachta bronnta uirthi. Tá fios aici agus rud is measa filíocht.’ D’éag sí ar 8 Meitheamh 2005.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú