In Foinse 4 Meitheamh 2006 tá cuntas le Micheál de Mórdha. Foilsíodh cuntas in Irish Times 17 Meitheamh 2006. Ina dteanntasan tá cur síos air in Kerryman 1 Meitheamh 2006, Kerry’s Eye 1 Meitheamh 2006 agus in Kildare Nationalist 2 Meitheamh 2006. Thug Domhnall Mac Síthigh, file agus scríbhneoir, aitheasc moltach tar éis aifreann na sochraide i nDún Chaoin (i gcló in Feasta, Iúil 2006). Nuair a dhún an Roinn Oideachais Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, i 1970 seo é an múinteoir scoile a bhí ag múineadh ann gur athosclaíodh í mar scoil oifigiúil i 1973 agus a lean air sa phost sin go 2003.

I mBaile an Phoill, Maigh Géine, Co. Laoise, gar don teorainn le Cill Dara, a bhí cónaí ar a athair, Michael Delaney, oibrí ginearálta, agus a mháthair Jane Hughes, nuair a rugadh é 6 Aibreán 1942 in Ospidéal Chontae Laoise, dar leis an taifead beireatais. D’inis sé uair do Dhomhnall Mac Síthigh go raibh ceithre nó cúig acra talaimh ag a sheanathair i mBaile Uí Laighneáin, Co. Laoise, agus gurbh as Ros Breathnach, gar do Áth Í, dá mháthair. An gnó a bhí ag an seanathair sin a bheith ag dó aolchloiche agus ag díol an aoil. Nuair a bhí Micheál trí bliana d’aois d’aistrigh an teaghlach go ceann de na tithe tuaithe timpeall ar Chaisleán Chill Chá, trí mhíle ó Dhíseart Diarmada, Co. Chill Dara. Bhí eallach san eastát ansiúd mar chúram ar a athair sula ndeachaigh sé ag obair i monarcha aispeiste in Áth Í.

I ndiaidh bunscolaíochta cuireadh meánscolaíocht air i gColáiste Mhuire, Cnoc Beag, Ceatharlach. Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí post aige ar dtús i scoil náisiúnta an Droichid Nua agus d’éirigh leis BA a bhaint amach mar mhac léinn tráthnóna sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí post aige ar feadh tamaill i scoileanna na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, agus post ina dhiaidh sin i gColáiste Wesley. Roimh Mheán Fómhair 1970 bhí sé ar tí bliain shabóideach a chaitheamh sa Ghearmáin mar mhúinteoir Béarla ach is ag an bpointe sin a dúnadh Scoil Dhún Chaoin. Bhíothas cheana féin tar éis an t-aon mhúinteoir ansiúd a aistriú go scoil Naomh Eirc, Baile an Mhúraigh, agus bhí i gceist na páistí a aistriú go Scoil Naomh Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh. Scéal mór náisiúnta ba ea é san am agus bhí agóid ar siúl sa cheantar féin agus bhí daoine aitheanta i mBaile Átha Cliath mar Mháirtín Ó Cadhain, Conor Cruise O’Brien, Máire Mhac an tSaoi, Breandán Ó Buachalla agus David Greene oibrithe go mór faoi. D’fhreastail Micheál ar chruinniú agóide i dTeach an Ard-Mhaoir i mBaile Átha Cliath agus thairg bheith ina mhúinteoir sa scoil. Thug muintir an cheantair agus a gcairde ar fud na hÉireann airgead chun go mbeadh ioncam aige. Luaitear Máire Feiritéar agus a fear céile Breandán, Breandán Ó Buachalla, Pádraig Ó Snodaigh, Brenda Ní Shúilleabháin, Breandán Ó Cíobháin agus an Bab Feiritéar i measc na ndaoine a thug tacaíocht láidir ag an am. I 1971 eagraíodh máirseáil ó Dhún Chaoin go dtí an Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.

Thosaigh Micheál ag múineadh ann um Shamhain 1970 agus d’athoscail an Roinn Oideachais an scoil nuair a tháinig comhrialtas i gcumhacht i 1973. Deir an Mórdhach: ‘Fuair sé cabhair, ar ndóigh, ó mhórán daoine eile chun an bheart sin a chur i gcrích ...’. Ach deir sé freisin: ‘Féach gur bheartaigh an Roinn Oideachais cuid dá phinsean a cheilt air as na trí bliana a chaith sé ag múineadh go neamhoifigiúil – beart gránna ar dhuine díograiseach macánta.’ Bhí beartaithe aige dul ar pinsean go luath ach chiallaigh sin gurbh éigean dó fanacht go 2003. Agus tugann an Mórdhach an breithiúnas seo ar an oideachas a tháladh sé ar na leanaí: ‘Aithníodh é mar oideachasóir a bhí i bhfad roimh a ré lena chuid múinteoireachta. Do chuir sé gnéithe den oidhreacht nádúrtha, den stair áitiúil, den gceol agus den mbéaloideas os comhair a chuid daltaí ar bhealach réidh a chuaigh i bhfeidhm ar gach aon duine a mhúin sé. Níor cualathas trácht ar aon dalta a raibh leisce air nó uirthi dul ar scoil chuige.’ Agus tar éis an aifrinn éagnairce i nDún Chaoin dúirt Domhnall Mac Síthigh: ‘Bhí ana-thuiscint aige ar an mbéaloideas agus ar chúrsaí an tseanshaoil. Phréamhaigh sé a mhodhanna oideachais agus a scileanna staire ar an ngné áitiúil. Thuig sé leis, go dianmhaith, an saol nua agus buntáistí nua-aimseartha .... Thar aon ní eile fear físe ba ea é go raibh aige smaointeoireacht agus fealsúnacht faoi leith. Ba é a chéad smaoinigh agus a bhunaigh Scéim Comenius, Scéim Oideachais Eorpach do bhunscoileanna. Is tríd an scéim sin a tugadh daltaí Scoil Dhún Chaoin go dtí scoileanna san Iodáil, sa Bhreatain Bheag agus sa Danmhairg. Ba é a chéadchuimhnigh ar chúntóirí teangan chun Gaolainn na ndaltaí a shaibhriú agus tá an córas sin anois ar bun i ngach Gaeltacht sa tír.’ San Irish Times dúradh: ‘He put local schoolchildren on stage, and later arranged for them to travel to France where they performed in theatres in Forbach, Limoges, Lyons and Marseilles. Mícheál Ó Dubhshláine regarded this as one of the highlights of his teaching career’ (Irish Times). Toradh eile ar an tréimhse sa phost sin is ea an spéis sin a chuir Micheál i seanchas agus i stair an cheantair agus an bhaint a bhí aige le heagrú éigsí i gCorca Dhuibhne agus le saol an phobail sa cheantar. Ba é a d’eagraigh an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós i dTeach Kruger.

Leabhair leis is ea: Óigbhean Uasal ó Phríomhchathair Éireann: Bá Eibhlín Nic Niocaill agus Dhomhnaill Criomhthain ar an mBlascaod, 13 Lúnasa 1909, 1992: An baol dom tú? Muintir Chorca Dhuibhne agus an Ghaeilge 1960-1940, 2000; A dark day on the Blaskets, 2006 a d’fhoilsigh Brandon. Tá ag na foilsitheoirí: a chuimhní ar Chill Chá (Are you going home now? Memories of Kilkea) agus leabhar ar Inis Mhic Aoibhleáin. Bhí corralt agus gearrscéal aige in Comhar agus Feasta. I 1994 ghnóthaigh sé máistreacht le céad onóracha sa stair áitiúil in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

D’éag sé 27 Bealtaine 2006. Bhí sé pósta ar Áine Ní Chríodáin agus bhí beirt iníonacha, Sorcha agus Sinéad (máthair a ngariníne Nicole) agus beirt mhac acu, Breandán agus Domhnall. Sa Ghráig, baile an Fheirtéaraigh a bhí cónaí orthu. Cuireadh é i nDún Urlann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú