Pearsa mhór le rá i gCathair Chill Chainnigh ba ea é, ní hamháin i saol na Gaeilge ann ach sa saol poiblí freisin. Níorbh aon ionadh, agus é ina mhéara ar an gcathair den tríú huair ag an am, gur scríobhadh eagarfhocal agus lán leathanaigh de thuairisc air in Kilkenny People 30 Aibreán 1999 tar éis a bháis. Tá an aiste ‘Tomás Ó Dubhshláine ..., Méara Chille Chainnigh’ ag Antoine Mac Pheadair in An Linn Bhuí 4, 2000. Tá eolas air freisin san aitheasc a thug John McGuinness ag a shochraid (suíomh McGuinness ar an idirlíon). In Watergate i bparóiste Naomh Cainneach sa chathair a rugadh é 5 Deireadh Fómhair 1924 agus is sa chathair a chaith sé a shaol. Táilliúr ba ea a athair Christopher Delaney agus ba í Mary Quigley a mháthair. Bhí seachtar sa chlann. Bhí cáil ar a mhuintir mar imreoirí liathróide láimhe. Chaith sé a shaol oibre i ngrúdlann Smithwick, áit a raibh meas air mar cheardchumannach. Ball d’Fhianna Fáil ba ea é agus ó 1955 bhí sé ina bhall de bhardas na cathrach; bhí sé ina Mhéara trí bhabhta, comhartha, dar le Mac Pheadair, go raibh glacadh le pobal na Gaeilge mar chuid thábhachtach de shaol Chill Chainnigh. Óna óige bhí sé gafa le cúis na teanga. D’fhreastalaíodh sé go rialta ar Dhaonscoil na Mumhan agus bhí sé gníomhach sa Réalt agus Conradh na Gaeilge agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Ghasra an Fháinne. Bhí baint aige le Daonscoil Osraí. Ba é a d’fhéach chuige go mbeadh Aifreann Gaeilge gach Domhnach i Mainistir na gCaipisíneach. Bhí sé pósta ar Maureen Mulvihill, a fuair bás tamall de bhlianta roimhe, agus bhí iníon agus beirt mhac acu. Cailleadh é 24 Aibreán 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú