GUNN, Marion (1947–2016)

Ceannródaí i réimse na ríomheolaíochta, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de, ab ea Marion Gunn. Bhí comhlacht aici a rinne logánú bogearraí agus cáipéisí oifigiúla a aistriú don earnáil phoiblí. Rinne obair scolártha chomh maith.

Iníon ab ea Marion le Sarah Lawlor as Co. Laoise agus Timothy Gunn as Co. Fhear Manach. Bhí beirt deartháireacha aici, Peter agus Paul, cúpla a bhásaigh go gairid tar éis breith dóibh. Fuair sí a cuid oideachais ó na Siúracha Doiminiceacha i Sráid Eccles agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sí amach MA sa Ghaeilge agus Dioplóma san Oideachas.

Nuair a bunaíodh na coláistí réigiúnacha teicniúla sna 1970idí, fuair Marion post mar léachtóir sa Choláiste Teicneolaíochta i mBaile Átha Luain, agus is ansin a chuir sí suim i dteicneolaíocht nua na ríomhaireachta a bhí ag teacht chun cinn ag an am sin. Ghlac sí le cuireadh ó Thomás de Bhaldraithe teacht ar ais chuig an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le teacht i gcomharbacht ar Mhairéad Ní Eithir i mbun na teanglainne. Chaith sí roinnt blianta i gCartlann na gCanúintí a bhunaigh de Bhaldraithe san ollscoil, agus tar éis bháis dó in 1996, chuir sí a chlár saothair i dtoll a chéile. Thiomsaigh sí Cartlann na gCanúintí – clár faisnéise (2003) i gcomhair cheiliúradh caoga bliain na Cartlainne. I measc na sealúchas atá liostaithe ann tá bosca ceithre chéad cárta de nótaí a rinne sí ón gclár raidió Fadhbanna Gaeilge.

Ar na saothair scolártha eile léi, tá cnuasach amhrán Gaeilge as Co. an Chláir, A chomharsain éistigí agus amhráin eile as Co. an Chláir (1984); bailiúchán béaloidis agus seanchais ó Chléire, Céad fáilte go Cléire (1990); agus leabhar frásaí sna teangacha Ceilteacha, Da mihi manum (1994). Bhí sí ina heagarthóir comhairleach ar English-Cornish dictionary = Gerlyver Sawsnek-Kernowek (2000), foclóir a thiomsaigh Nicholas Williams agus a raibh Michael Everson mar eagarthóir air. Chuir sí eagar ar Logainmneacha – place names imeachtaí na Comhdhála Ceiltí i Sligeach in 2009. A comhlacht féin, eGeo, a d’fhoilsigh in 2012.

Tá gearrscéalta agus dánta léi ar fáil ar shuíomh EGT ag http://www.egt.ie/pearsanta.html. Foilsíodh léirmheasanna léi ar Comhar, ar na leabhair Óigbhean uasal ó phríomhchathair Éireann (1992) le Micheál Ó Dubhshláine, agus Tomás an Bhlascaoid in eagar ag Breandán Ó Conaire (1992).

In 1991 bhunaigh Marion Gunn agus Michael Everson an comhlacht aistriúcháin, eagarthóireachta agus clóchuradóireachta EGT Teo, a fuair conradh le bogearraí de chuid Apple a logánú go Gaeilge. Eisíodh iad in 1995, agus d’fhéach Bord na Gaeilge lena gcur chun cinn i scoileanna, ach ar chúiseanna costais níor leanadh leo.

Thart ar an am céanna, bhunaigh an Coiste Téarmaíochta fochoiste chun foclóir téarmaí ríomhaireachta a sholáthar do chúrsaí ríomhaireachta a bhí le teagasc trí Ghaeilge san aonad nua, Fiontar, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí Marion orthu sin a ghlac leis an gcuireadh a tugadh do lucht ollscoile na tíre, a raibh saineolas acu sa réimse, páirt a ghlacadh sa togra agus b’fhial flaithiúil a roinn sí an t-eolas a bhí aici óna cuid oibre ar bhogearraí Apple. Nuair a foilsíodh Foclóir ríomhaireachta is teicneolaíocht faisnéise (2004), labhair Microsoft le Foras na Gaeilge maidir le bogearraí Windows agus Office a logánú go Gaeilge. Ceapadh Rúnaí an Choiste Téarmaíochta mar chomhairleoir teanga ar an togra, agus iarradh ar Marion cúram a dhéanamh den chuid de a bhain le Office.

Go luath sna 1990idí, ceapadh Marion mar ionadaí ar choiste téarmaíochta idirnáisiúnta de chuid ISO (eagraíocht idirnáisiúnta na gcaighdeán), coiste teicniúil TC37. Bhí spéis ar leith aici sna caighdeáin idirnáisiúnta a bhain le giorrúcháin ar ainmneacha teangacha, sraith ISO 639, agus ghlac sí páirt ghníomhach sna cruinnithe bliantúla go dtí 2012.

In 2001 scoilt comhlacht EGT Teo ina dhá chuid, cuid an aistriúcháin agus na heagarthóireachta faoi chúram Marion, agus cuid na clóchuradóireachta faoi chúram Michael Everson.

Is iomaí eagraíocht ar fhág Marion comaoin orthu. Bhí sí ina hoifigeach caidrimh phoiblí ag craobh náisiúnta na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach; ina rúnaí ar chraobh náisiúnta na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana; ina cathaoirleach ar Raidió na Life, ina ball d’fhochoiste ríomhaireachta an Choiste Téarmaíochta; agus ina rúnaí agus ina cathaoirleach ar Fhoras Gnó na hÉireann.

Nuair nach raibh cúrsaí teicneolaíochta ach ag tosú in Éirinn, bhunaigh sí nó chomhbhunaigh sí liostaí ríomhcumarsáide, ina measc GAELIC-L, OLD-IRISH-L agus liostaí gaolmhara (@LISTSERV.HEANET.IE). I gcuntais iarbháis ar a mblaganna luaigh Aonghus ó hAlmhain agus Eoin Ó Riain an ‘ríomhaithne’ nó ‘aithne ar líne’ a bhí acu ar Marion, agus úsáid á baint acu as an eolaire a chuir sí ar fáil trína comhlacht EGT. Seo mar a scríobh Aonghus Ó hAlmhain: ‘...nuair a dhruid Apple doras na Gaeilge ar chúiseanna chostais ghlac Marion páirt san logánú ar táirgí Mozilla. Tá Firefox i nGaeilge in úsáid agam ó tháinig ann dó (táim a scríobh seo ann) - agus tá ceannródaíocht Mharion agus daoine eile aitheanta anois fiú ag comhlachtaí príobháideacha - tá an leagan Windows atá in úsáid anseo agus san oifig agam i nGaeilge. Ceannródaí de chuid na ríomhlóide a bhí inti, agus ba ar an mbonn sin a d'fhreastail mé ar a sochraid inné.’

Bhí Marion an-bhródúil as an ngaol ar thaobh a máthar leis an réabhlóidí agus iriseoir cáiliúil ón naoú haois déag Séamas Fionntán Ó Leathlobhair. Bhíodh sí gníomhach in imeachtaí Chlann Uí Leathlobhair, agus in 2000 toghadh í ina ‘Taoiseach’ orthu.

Fuair Marion bás ar an 20 Eanáir 2016. Pádraig Ó Cuill, O.F.M. Cap, comhghleacaí léi sa Chomhdháil Cheilteach, a léigh Aifreann na sochraide i nGaeilge, i Séipéal na Deastógála, Baile an Bhóthair ar an 23 Eanáir 2016. Bhí brat buí agus dearg chlann Uí Leathlobhair ar an gcónra, agus tugadh aitheantas do na gnéithe éagsúla de shaol Marion.

(Táim fíorbhuíoch de Fhidelma Ní Ghallchobhair as an eolas a roinn sí liom don chuntas seo.)

Éilis Ní Anluain

Suíomhanna Gréasáin