SAYERS, Peig (1873–1958)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is dóigh gurbh í an scéalaí ba cháiliúla in Éirinn í, tharla a dírbheathaisnéis Peig a bheith ar chlár na hardteistiméireachta ar feadh tamaill fhada. I bhFionntrá, sa Daingean, Co. Chiarraí, a bhí a muintir anuas go 1872 nuair a d’aistrigh siad go Baile an Bhiocáire i nDún Chaoin. Baisteadh í ar 29 Márta 1873 i mBaile an Fheirtéaraigh. Scéalaí mór a hathair, Tomás Sayers, agus ba í Peig Ní Bhrosnacháin a máthair. Deirtear in DIB: ‘Of English descent on her father’s side’ agus gur thug a hathair scéalta go leor do Jeremiah Curtin. Níor mhair ach ceathrar den 13 clainne a rugadh do Thomás agus Peig. Bhí sí ar scoil i nDún Chaoin, mar a raibh Seán Ó Dálaigh ar dhuine dá múinteoirí, ó bhí sí sé bliana d’aois. Toisc aighneas a bheith sa teach idir bean an mhic ba shine agus an chuid eile den chlann chuaigh sí ar aimsir sa Daingean go luath ina saol. Níor fhill sí abhaile go ceann ceithre bliana nuair a chuir fadhbanna sláinte sin d’iachall uirthi. Bhí ar intinn aici dul go Meiriceá agus chuaigh sí ag obair arís, i gCnoc an Bhróigín an babhta seo, taobh thoir den Daingean ach níor caitheadh go maith léi ann. Rinne a deartháir cleamhnas di le hoileánach, Peatsaí ‘Flint’ Ó Guithín. Bhí sí 18 mbliana agus bhí Peatsaí tríocha. Phós siad ar 13 Feabhra 1892. I mBun an Bhaile sa Bhlascaod a bhí cónaí orthu.

Chuartaigh Muiris Mac Conghail Daonáireamh 1901 agus deir (The Blaskets: a Kerry island library, 1987) go raibh Peig, Peatsaí agus agus a dtriúr leanbh in aontíos le scata de mhuintir Pheatsaí agus gurbh é athair Pheatsaí a bhí ina cheann teaghlaigh. Faoi 1911, bhí seisear leanaí aici agus bhí athair agus máthair Pheatsaí marbh. Tugtar d’eolas in 1911 freisin gur deichniúr leanaí a rugadh di ach nár mhair ach seisear. Dar le Mac Conghail nach raibh an tsláinte go rómhaith riamh ag Peatsaí agus nach raibh an teach ina raibh siad ag fónamh dó. Fuair siad ceann de na tithe nua a bhí tógtha ag Bord na gCeantar Cúng i Slinneán Bán. Bhí Peatsaí cnagtha ag an mbreoiteacht ar feadh tamaill roimh a bhás. Thit duine den seisear clainne, Tomás, le faill in 1920. D’imigh an chuid eile go Meiriceá agus bhí a mac Micheál ann ar feadh píosa. Bhí aithne mhaith agus ardmheas ag Robin Flower uirthi um an dtaca sin. ‘For Big Peg—Peig Mhór—is one of the finest speakers on the Island; she has so clean and finished a style of speech that you can follow all the nicest articulations of the language on her lips without any effort; she is a natural orator, with so keen a sense of the turn of phrase and the lifting rhythm appropriate to Irish that her words could be written down as they leave her lips, and they would have the effect of literature with no savour of the artificiality of composition. She is wont to illustrate her talks with tales, long and short, which come in naturally along the flow of conversation, and lighten up all our discourse of the present with the wit and wisdom and folly and vivid incident of the past’ (The Western Island or the Great Blasket, 1944).

Máire Ní Chinnéide agus Léan Ní Chonalláin, cuairteoirí san oileán, a d’áitigh uirthi Peig (1936), scéal a beatha, a scríobh. Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aici ach ba mhaith a bhí sí in ann deachtú. A mac Maidhc a scríobh síos é. Deir Mac Conghail gur deacair a rá cé a scríobh seo nó sin sa leabhar. Bhí Peig agus Maidhc éagsúil le chéile agus b’fhéidir cuid de charachtar agus de phearsantacht Mhaidhc a bheith san insint. Deir Pádraig Ó Fiannachta in Oidhreacht an Bhlascaoid (1989) (in eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh) go raibh lámh Mhaidhc go trom ar an leabhar. Ba í Máire Ní Chinnéide a chuir in eagar é. Cé go molann Cathal Ó Háinle Peig agus a saothar in ‘Peig, Aonghus Ó Dálaigh agus MacBeth' deir sé gurbh é a creideamh láidir i nDia a bhac uirthi a haigne féin a léiriú ‘ar bhealach suntasach corraitheach’: ‘Ba é an creideamh, dá bhrí sin, valium na linne. Ba chuma cén mí-ádh nó anró a bhéarfadh ar dhuine, ní raibh le déanamh aige ach a thoil a chur le toil Dé .... Is é mórthábhacht an leabhair seo Peig a dhílse a sholáthraíonn sé fianaise i dtaobh an chreidimh sin. Ach ní foláir dúinn a admháil freisin gurb é an meon géilliúil sin a chothaigh an creideamh i bPeig a fhágann nach bhfuil an leabhar seo an-chorraitheach mar cháipéis dhaonna.’ Bhuaigh Peig duais an Chraoibhín in 1937 agus tá cuntas ag Eibhlín Ní Mhurchú (Oidhreacht an Bhlascaoid) ar an 15 Lúnasa 1937 san oileán nuair a bronnadh an duais ar Pheig agus a corónaíodh í mar bhanríon an oileáin, cuntas atá bunaithe ar scríbhinn neamhfhoilsithe Mháirín Uí Chatháin. D’aistrigh Bryan Mac Mahon Peig go Béarla in 1974. Ba é an chéad leabhar eile uaithi Machtnamh seanamhná (1939) in eagar ag Máire Ní Chinnéide (an dara heagrán in 1980 in eagar ag Pádraig Ua Maoileoin). Scéalta béaloideasa agus stair áitiúil is mó atá ann. D’aistrigh Séamus Ennis é faoin teideal An old woman’s reflections (1962). Scríobh duine de mhic léinn Flower, Kenneth Jackson, scéalta uaithi (‘Scéalta ón mBlascaod’ in Béaloideas 8, no. 1 1938). Bhí Seosamh Ó Dálaigh ag bailiú uaithi ó 1942 go 1951 agus tugann sé cuntas (in Oidhreacht an Bhlascaoid, 1989) ar ar bhailigh Flower uaithi. D’aistrigh Peig agus Maidhc go Baile an Bhiocáire in 1942. Is ann a bhí siad go deireanach in 1947 nuair a thug Seán Mac Réamoinn agus Séamus Ennis agus Aonad Taistil Radio Éireann cuairt orthu gur chuir breis is uair an chloig de chaint Pheig ar cheirníní. Léiriú dearfa iad ar an rud úd a dúirt Flower faoina cumas cainte. Rinne Seán a thuilleadh a thaifeadadh nuair a bhí sí in ospidéal sa Daingean mar a bhfuair sí bás 8 Nollaig 1958. Tá sí curtha sa reilig nua i nDún Chaoin. Scríobh Maidhc Beatha Pheig Sayers (1970).

Dúirt an scoláire béaloidis Seán Ó Súilleabháin faoi Pheig in Scéala Éireann (i gcló ag Cathal Ó Háinle): ‘Bean dathúil phearsanta ba ea í go dtí an lá a cailleadh í, dá mhéad de challshaoth agus de bhuairt a sheol Dia na Glóire chúiche. Do bhí an-uaisleacht ag roinnt léi. Ba gheall le bainrín ina pearsain agus ina hiompar í. Ba chuma léi cé seolfaí chúiche isteach ina tigh, bídís foghlamtha nó a mhalairt, bhí an fháilte chéanna aici rómpa .... Do bhí trí bhua aici, mar mheasaim: bua cuimhne mar fhinné ar an saol gur ghaibh sí féin tríd; bua fírinne mar sheanchaí; agus bua feallsamhnachta. Ní hannamh an dá bhua tosaigh sin ag seandaoine dár gcine. Ach is fánach, dar liom, a casfaí feallsamh mar Pheig Sayers ort, fiú sa Ghaeltacht féin.’ Agus tá an cur síos seo ag Flower uirthi in The Western Island: ‘As Peig was telling this tale I watched her, in admiration of her fine, clean-cut face, with the dark expressive eyes that change with the changing humours of her talk, all framed in her shawl that kept falling back from her head as she moved her arms in sweeping gestures, only to be caught and replaced above her brow with a twitch of the hand.’

In Béaloideas 72, 2004 (‘The scholar and the storyteller: Heinrich Wagner’s collections from Peig Sayers’) tá cur síos ag Bo Almqvist ar an tréimhse a chaith an scoláire i nDún Chaoin in 1946. Deir sé: ‘Though neither his methods or main aims were those of a folklore scholar, the material Wagner collected from Peig will prove of inestimable value – if properly viewed in the context of material brought together by Flower, Jackson, Ó Dálaigh and the other collectors – in the attempt to understand and elucidate Peig’s stories and storytelling and accord her the place she deserves, in Ireland and elsewhere, as one of the greatest verbal artists in the world and as a person from whom we can learn to understand and appreciate – better, perhaps, than from anybody else – what constitutes the nature of good narrative. Foilsíodh Peig Sayers: Labharfad le cách: scéalta agus seanchas taifeadta ag Radio Éireann agus an BBC (2009) in eagar ag Bo Almqvist agus Pádraig Ó Héalaí. In éineacht leis tá péire diosca.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú