DANAHER, Kevin (1913–2002)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Bhí sé ar na scoláirí béaloidis ba mhó sa réimse léinn sin a dtugtar an cultúr ábhartha air. Foilsíodh eolas ar a shaol in The Irish Times 23 Márta 2002, in The Guardian 27 Aibreán 2002; ag Patricia Lysaght tá cuntas cuimsitheach i nGaeilge in Béaloideas, 2002. Tugadh amach féilscríbhinn nuair a shroich sé seachtó bliain d’aois, Gold under the furze: studies in folk tradition presented to Caoimhín Ó Danachair (1983) in eagar ag Alan Gailey agus Dáithí Ó hÓgáin; tá cur síos ar an bhfear féin sa réamhrá le Bo Almqvist ann agus aiste agus leabharliosta cuimsitheach ag Patricia Lysaght (‘Caoimhín Ó Danachair and his published work’). B’fhéidir féilscríbhinn a thabhairt freisin ar an imleabhar Sinsear, 1982-83. Is dó a tíolacadh Béaloideas 68, 2000; ó 1988 amach bhí sé ina éarlamh ar an gCumann le Béaloideas Éireann. In The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology (2007) le Mícheál Briody tá breis eolais air agus mórchuid tagairtí dó.

In Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh, 30 Eanáir 1913 a rugadh an duine seo den cheathrar mac a bhí ag Liam Danaher, múinteoir, agus Margaret Ryan. Scríobh an t-athair an aiste nótáilte sin ina bhfuil tagairtí do mheath na teanga i gContae Luimnigh, ‘Memories of my youth’ (Béaloideas 17, 1947); bhailigh a bhean scéilín Gaeilge uaidh agus tá sé i gcló ag Dáithí Ó hÓgáin san aiste ‘Airgead Geal go Pras: Staidéar ar Rannscéal ó Chontae Luimnigh’ sa bhféilscríbhinn. Bhí Caoimhín ar scoil in Áth an tSléibhe agus i gColáiste Mhungairit sula ndeachaigh sé a dhéanamh staidéir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Um Nollaig 1934 agus é ar saoire bhailigh sé béaloideas in Áth an tSléibhe d’Institiúid an Bhéaloidis agus an bhliain dár gcionn is air a thit sé an t-eitneolaí Sualannach Äke Campbell a thabhairt timpeall Mhaigh Eo agus na Gaillimhe; meastar gurbh iad an dá thasc sin a d’adhain a spéis in ailtireacht dhúchasach tuaithe na hÉireann. Deir Lysaght gurbh iad an Ghaeilge agus an Laidin a rinne sé don BA in 1936. Bhuaigh sé scoláireacht Humboldt chun staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas chomparáideach agus ar an eitneolaíocht in ollscoileanna Bheirlín agus Leipzig idir 1937 agus 1939. Chuaigh sé ag obair i gCoimisiún Béaloideasa Éireann in Eanáir 1940. Faoi Bhealtaine na bliana sin bhí sé in Arm na hÉireann agus rinne captaen de ar ball. In 1945 bhí a thráchtas máistir ar chineáil na dtithe tuaithe déanta aige agus d’fhill sé ar an gCoimisiún. Rinne sé taifid fuaime de chainteoirí deireanacha na Manainnise in 1948 agus chaith na ceithre bliana dár gcionn ag taifeadadh scéalaithe, fonnadóirí agus ceoltóirí ar fud na hÉireann; ba é a rinne an t-aon taifead amháin atá ann de phíobaireacht Johnny Doran, agus bhí Peig Sayers i measc na scéalaithe a rinne sé a thaifeadadh. Chaith sé cúpla mí in 1947 in institiúidí léinn agus béaloidis na dtíortha Lochlannacha. Bhí sé ina aoiléachtóir le teanga, litríocht agus traidisiúin na Gaeilge in Uppsala ar feadh 1952-53; ba é an chéad mhúinteoir Gaeilge ag Bo Almqvist é agus deir seisean: ‘He was a splendid teacher. His enthusiasm was contagious, and without very much effort a student could become engrossed in the subject he was teaching. . . . I also distinctly remember how Caoimhín could lay bare the very soul of the Irish language in his teaching.’

Is mó rud eile a chuir sé i gcrích: ba é a scríobh na ceistneoirí a cuireadh amach d’fhonn eolas a lorg ar thraidisiúin na tuaithe (‘The questionnaire system’ in Béaloideas 15, 1945); rinne sé cartlann de ghrianghraif agus de léaráidí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht agus le saol na tuaithe i gcoitinne; ba é a leag amach an músaem páirce i mBun Raite gona shamplaí de thithe tuaithe Luimnigh agus an Chláir agus dá bhfearais. Bhí sé ina chomhairleoir ag Músaem Theach Mhucrois. Ach b’fhéidir gurbh é an t-éacht is suaithinsí dá ndearna sé ná spéis an phobail a mhúscailt sna seantraidisiúin. Rinne sé sraith teilifíse in 1967, The Hearth and Stool and All, agus scríobh leabhair a thaitin leis an bpobal: In Ireland Long Ago (1962); Gentle places and simple things (1964); Irish country people (1966); Folktales of the Irish Countryside (1967); The pleasant land of Ireland (1970) (arb é atá ann téacs na gclár teilifíse The Hearth and Stool and All); The year in Ireland (1972); Ireland’s vernacular architecture (1975) (eagrán nua is ea Ireland’s Traditional Houses [1991]); That’s how it was (1984); Irish Country Houses (1985). Chuir sé le chéile A bibliography of Irish ethnology and folk tradition (1978). Ba é a chuir eagar ar Folk and farm. Essays in honour of A.T. Lucas, (1976). Ba é a thug an léacht ar an nGaeltacht sa tsraith Dháibhíseach a d’eagraigh Brian Ó Cuív in 1966, A view of the Irish language (1969). Ní in irisí léannta amháin a bhíodh aistí aige ach i leithéidí Ireland of the Welcomes, The Kerryman, The Irish Digest, Our Catholic Life, An Múinteoir Náisiúnta, Sligo Champion, Biatas, Comhar. . . . Deir Lysaght: ‘By 1971 he had delivered over 500 lectures on traditional and historical subjects to university seminars, summer schools, learned and local societies . . . ’. Thugadh sé léachtaí freisin sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus anseo is ansiúd san Eoraip.

Ar feadh na tréimhse 1960-71 bhí sé ina eagarthóir ar The Irish Sword agus bhí tamall ina uachtarán ar an gCumann um Stair Mhíleata na hÉireann. Ó 1965 go 1980 bhí sé ina eagarthóir ar an sraith leabhrán a chuir Coiste Chomhshnadhma Cultúra na hÉireann den Roinn Gnóthaí Eachtracha amach, Saol agus Cultúr in Éirinn. I measc na n-alt a scríobh sé tá: ‘Turas go Dresden’ (Comhar, Iúil 1946); ‘Cócaireacht gan cistin’ (Galvia 3, 1956); ‘Materials and methods in Irish traditional building’ (Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 87, 1957); ‘The spade in Ireland’ (Béaloideas 31, 1963); ‘Ancient healers’ (Biatas, Meán Fómhair 1963); ‘Distribution patterns in Irish folk tradition’ (Béaloideas 33, 1965); ‘An corcán ceolmhar: sean-nós’ (Comhar, Iúil 1966); ‘The Irish Language in County Clare in the 19th century’ ( Journal of the North Munster Antiquarian Society 13, 1970); ‘An Ghaeilge i gContae an Chláir’ (Comhar, Meán Fómhair 1977), ‘Dónall Ó Conaill i mbéalaibh na ndaoine’ (Studia Hibernica, 1973). Ó 1971, nuair a cuireadh an Coimisiún faoi chúram an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhí sé ina léachtóir i Roinn an Bhéaloidis agus deirtear gur spreagthach an múinteoir é. Bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt air in 1974. D’éag sé 14 Márta 2002 agus cuireadh é i Reilig Naomh Fionntan, Cill Fhionntain, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Anna Ryan ón nGallbhaile, Co. Luimnigh, agus bhí beirt mhac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú