‘Ba é an file deireanach é a bhain go huile is go hiomlán le traidisiún filíochta na Gaeilge agus b’fhéidir an blúire deireanach des na Meánaoiseanna san Eoraip. Díol iontais is ea é gur chuir sé anam arís i bhfoirmlí filíochta na Gaeilge’, a dúirt Seán Ó Ríordáin ina cholún san Irish Times 4 Bealtaine 1974. Mac ba ea é le Peig Sayers agus Pádraig ‘Flint’ Ó Guithín. An 3 Eanáir 1904 a rugadh é. Sin é an dáta a d’aimsigh an tOllamh Bo Almqvist i gClárlann na mBreitheanna agus sin é an dáta atá ar an bpas a bhí aige ag dul go Meiriceá dó (Béaloideas 58, 1990). Ba é an seachtú duine clainne é a saolaíodh do Pheig. Rugadh di leanbh eile, ar Michéal a tugadh air, ar 18 Lúnasa 1901, duine den cheathrar nár mhair. Sin é an fáth, dar le Almqvist, gurbh é 1901 a cuireadh ar an leac uaighe.

Chuir sé aithne ar na cuairteoirí a thagadh go dtí an t-oileán, ar Robin Flower agus ar Bhrian Ó Ceallaigh go háirithe, agus bhí éifeacht acu air. Léadh sé na leabhair a thugtaí chun an oileáin. Scríobh sé caoineadh ar Bhríd Stac in An Lóchrann nuair nach raibh sé ach 15 bliana d’aois. Choinnigh sé dialann do Bhrian Ó Ceallaigh i rith na tréimhse 1923-24. Is léir gur smaoinigh sé ar phósadh ag pointe éigin sna 1920idí. ‘Caithfead admháil go raibh gean agam ar chailín, tráth. . . . Níor thaitin léi pósadh ar an Oileán. B’olc léi mar áit é chun a saol a chaitheamh ann’ (Is truagh ná fanann an óige, 1953). Strainséir san áit ba ea í. Go dtí gur phós sí ar an míntír níor éirigh leis í a chur as a cheann.

Chuaigh sé ar imirce go Bostún ach theip ar a shláinte. Tá cuntas ar an tamall a chaith sé thall in Irish-America Magazine, December 1988 and in An Caomhnóir: nuachtlitir Fhondúireacht an Bhlascaoid, 5 1989 (‘A Blasket Odyssey’). Tuairim an ama a d’fhill sé is ea a tháinig Máire Ní Chinnéide go dtí an Blascaod agus a thathantaigh sí ar a mháthair scéal a beatha a chur á scríobh. Micheál a scríobh síos Peig uaithi. Dar le Pádraig Ó Fiannachta go bhfuil lámh Mhaidhc go trom ar an leabhar (Oidhreacht an Bhlascaoid, 1989 in eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh). ‘It is difficult to decipher from the text who “wrote” what’, a deir Muiris Mac Conghail in The Blaskets: a Kerry island library (1987). Micheál freisin a scríobh síos an dara leabhar a tháinig ó Pheig, Machnamh seanmhná (1939). Agus bhí siad san oileán go fóill nuair a scríobh sé Beatha Pheig Sayers, cé nár foilsíodh é go 1970. D’aistrigh sé féin agus Peig go Baile an Bhiocáire, Dún Chaoin, in 1942.

Is roimh 1942 a tharla na heachtraí go léir ina dhírbheathaisnéis Is truagh ná fanann an óige (1953) (A pity youth does not last, 1982 aistrithe ag Tim Enright), cé go sílfeadh duine gur leabhar le seanduine é. Dhealródh sé go raibh sé ina chónaí san oileán go fóill nuair a scríobh sé é; is é An Blascaod Mór an seoladh a thugtar sa réamhrá. Deir Ó Fiannachta faoin leabhar sin: ‘Cé gur bhuail an t-údar féin, nó, mar is dóichí, an t-eagarthóir anaithnid Gúmach cló na dírbheathaisnéise ar an leabhar seo, ní hé sin atá ann ar aon chor. Is machnamh agus seanmóir mheánaoiseach é ar neambuaine an tsaoil. Nuair a fhéachtar air sa tslí sin tá blas ar leith le fáil air’.

‘An File’ an t-ainm ceana a bhí ag muintir an Oileáin air ach níor tháinig a aonchnuasach amach go 1968, Coinnle corra, a d’fhoilsigh An Clóchomhar. Deir Muiris Mac Conghail: ‘Coinnle Corra is a volume of poetry which must be included on the shelf of quality verse in Irish. It stands alone, and when it was published it caught those who knew Micheál Ó Gaoithín by surprise’. Bhí an abairt seo ag Mac Conghail i dtuairisc bháis Uí Ghaoithín in Irish Times 30 Aibreán 1974: ‘Ní háibhéil a rá gur “nuafhilíocht” a chleachtaigh an Gaoithíneach, bíodh is gur fáisceadh é as ithir sheanda an tseanchais. Dhein sé an-iarracht ar ghortghlanadh a dhéanamh ar an ithir sin, agus cur léi’. Roghnaigh Séamas Ó Céileachair an dán ‘Caoineadh do Liam Berkery’ le cur in Nuafhilí 2 (1953-1963) (1968).

Bhí cáil mar scéalaí agus mar fhear seanchais air. Chuir Bo Almqvist aithne air in 1957 agus scríobh cuid mhór uaidh. Gan ach seanfhocail a lua, in Oidhreacht an Bhlascaoid (1989), sa chaibidil ‘Seanfhocail’, deir Almqvist: ‘. . .thógas síos uaidh suas le míle agus cúig chéad seanfhocal’. Bhíodh sé féin ag bailiú ó dhaoine mar Mhéiní, Bean Uí Dhuinnshléibhe.

Foilsíodh eolas úr faoi Mhicheál in ‘The Mysterious Micheál Ó Gaoithín, Boccaccio and the Blasket tradition: reflections occasioned by James Stewart’s Boccaccio in the Blaskets’ le Bo Almqvist in Béaloideas 58, 1990. Scríobh Almqvist an scéal ‘Seán na dTubaistí’ uaidh 29 Iúil 1969. D’aithin sé ar ball gurbh ionann éirim don scéal seo agus do scéal in Decameron Giovanni Boccaccio. Ach ghlac sé leis go raibh lúba sa slabhra idir an seanleabhar agus insint Mhichíl. Ansin d’éirigh le Stewart teacht sa Leabharlann Náisiúnta ar lámhscríbhinn d’aistriúcháin a rinne Micheál ar leathdhosaen scéal as an Decameron. Tá siad i gcló aige in Boccaccio in the Blaskets (1988). Pléann Almqvist cuid de na ceisteanna atá ag éirí as an an bhfionnachtain drámata sin sa léirmheas fada léannta in Béaloideas. Thabharfá leat go raibh an Decameron ar cheann de na leabhair a thug cuairteoirí mar Bhrian Ó Ceallaigh chun an Oileáin—chonaic George Thomson cóip i dteach Mhuiris Uí Shúilleabháin uair. Thaitin na scéalta le Micheál, ní foláir, agus b’fhéidir freisin go raibh uaidh beagán airgid a thuilleamh. D’insíodh sé na scéalta seo agus thóg Heinrich Wagner ceann díobh síos ó bhéalinsint Pheig in 1946. Dúirt Micheál le Almqvist gurbh ó scéalaithe a bhí marbh a chuala sé iad, mar dh’ea go raibh bonn leis na scéalta i dtraidisiún Chorca Dhuibhne. Léadh sé cuid mhaith, rud neamhchoitianta ag scéalaithe. Scríobhadh sé cuid mhór freisin agus deir Almqvist an méid seo: ‘No attempt has been made to assess the total number of pages Micheál committed to paper between poems, novels, biographies, folkloristic and ethnological material etc. Many of his manuscripts have been destroyed, some by Micheál himself when he left his home and went into St Elizabeth’s Hospital in Dingle, others have doubtless been lost through various misfortunes or are scattered in different places; some of them are in private hands. It is fairly safe to say, however, that as far as quantity goes there are few people who have written as much Irish as Micheál Ó Gaoithín’. I gceann de na lámhscríbhinní i Roinn Bhéaloideas Éireann tá aistriúchán a rinne sé ar chuid d’úrscéal le H. Rider Haggard, Pearl-maiden, a tale of the fall of Jerusalem. Deir Almqvist: ‘The Irish rendering of Pearl-Maiden also bears further witness to the remarkable way in which Micheál constantly, almost obsessively, from his earliest youth busied himself with his pen’. Scríobh Micheál de Mórdha in Inniu 3 Bealtaine 1974: ‘Thuas cois cnoic, i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin, a bhí a phluais scríbhneoireachta—bothán beag le ceann peilte. Is ansin a scríobh sé an chuid is mó dá shaothar—uaireanta faoi sholas caoch lampa ola nó fiú coinneal. Is cuimhin liom nuair ná rabhas ach timpeall deich mbliana d’aois, go dtéinn féin agus roinnt de mo chairde chomh fada le tigín an Fhile. Bhíodh doras an tí ar oscailt aige agus uaireanta d’fhanaimis tamall maith taobh amuigh den doras sin—ag gliúcaíl ar an bhFile agus ag éisteacht lena “chrónán” agus é ag scríbhneoireacht ar a shocracht!’

Cailleadh in Ospidéal an Daingin é ar 27 Aibreán 1974. Bhí sé ina chónaí san ospidéal le tamall maith. Bhain an chuid is mó de cholún Irish Times Sheáin Uí Ríordáin an mhaidin Sathairn sin leis: lena phictiúr a tógadh ag Féile Scríbhneoirí Chorca Dhuibhne tamall gairid roimhe sin agus lena dhealraithí a bhí sé ann le Don Quijote, agus le dán a bhí aige in uimhir na Márta de Agus, ‘Na Speabhraídí Saolta’, arb ionsaí é ar bhearbóirí Chorca Dhuibhne. Gan amhras ní raibh sé marbh nuair a bhí an colún á scríobh ag an Ríordánach.

Duine ar leith ba ea é i measc a chomhaimsearach i nDún Chaoin. Imreoir maith fichille a bhí ann mar shampla (Micheál de Mórdha in Inniu). Thosaigh sé ag péintéireacht tuairim is sé bliana roimh bhás dó. Maria Simonds-Gooding a spreag é. Scríobh sí in Nuacht Chorca Dhuibhne gairid i ndiaidh fhéile úd na scríbhneoirí:

Thug Micheál Ó Guithín faoi deara lá amháin go raibh pictiúr dá thigh cónaithe faoi m’ascaill agam. Stop sé mé agus d’iarr orm é thaispeáint dó. Thug sé tamall maith ag féachaint air agus dúirt nár thaitin roinnt mhaith de leis agus mhínigh sé go cruinn cén fáth. Chun a chruthú nach caint san aer a bhí ar siúl aige, nuair a bhíos ag gabháil thar bráid lá arna mhárach, thug sé cuireadh dhom teacht isteach. Bhí a chéad phictiúr péinteáilte aige, pictiúr iontach dá mháthair, Peig. Bhí an-tuiscint aige do dhathanna agus do chruthanna. B’sheo duine go raibh bealach an-phearsanta dá chuid féin aige chun é féin a chur in iúl trí phéintéireacht. Is mó go mór a bhí spreagadh agus misniú ag teastáil uaidh ná múinteoireacht fhoirmiúil de shaghas ar bith, agus ón lá sin ar aghaidh (tá sé bliana anois ann) níor stad Micheál den phéintéireacht.

Taispeánadh cuid dá phictiúir i mBaile Átha Cliath sa taispeántas ‘An Ghaeltacht Bheo’ a osclaíodh in Ireland House 8 Bealtaine 1974.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú