Iníon le Archibald J. Nicolls, abhcóide, 33 Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, agus a bhean Mary Heade ba ea Eveleen Constance Nicolls. Ar 22 Deireadh Fómhair 1884 a rugadh í. Bóthar Kenilworth, Ráth Garbh an seoladh a bheadh acu ar ball. I nDaonáireamh 1911 tuairiscíodh gur rugadh cúigear do A.J. Nicolls (a rugadh sa Longfort) agus dá bhean Mary (a rugadh i gCathair Luimnigh) ach nár mhair ach ceathrar. Bhí an chlann ina gcónaí ag 18 Ascaill Garville nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh agus bhí ann an oíche sin Jasper (20 bliain d’aois), mac léinn leighis, agus Edward (12), chomh maith le Seoirse agus Eibhlín. Caitlicigh iad agus bhí deartháir le Mary Nicolls sna hIosánaigh.

Bhí baint ag a muintir le Craobh Shliabh Arguis de Chonradh na Gaeilge. Toisc go raibh baint ag Scoil Éanna leis an gcraobh sin bhí aithne ag Pádraig Mac Piarais ar A.J. Nicolls (féach litir 246 ag Séamus Ó Buachalla in The Letters of Padraic Pearse, 1979).

Tar éis di an máithreánach a dhéanamh chuaigh Eibhlín ar saoire go hInis Meáin. Dá cúrsa ollscoile rinne sí staidéar i gColáiste Loreto, Faiche Stiabhna, mar a bhfuair sí meánscolaíocht freisin, agus ghnóthaigh sí céim B.A. le céad onóracha sa Nualitríocht i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (An Ollscoil Ríoga) in 1906. I ndiaidh di M.A. a fháil in 1908 chaith sí tamaill i bPáras agus sa Ghearmáin. I bPáras di chuir sí Craobh Pháras den Chonradh ar a cosa arís. Bhíodh sí ag teagasc ranga i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus go luath roimh a bás bhí sí ina rúnaí ag Coiste Fheis Bhaile Átha Cliath agus ina ball den Choiste Gnó. Bhí sí i measc na mac léinn ba bhríomhaire a bhí ag óráidíocht ag an ollchruinniú i dTeach an Ard-Mhéara go luath tar éis don Chliarlathas a mbreithiúnas a thabhairt ar cheist na Gaeilge riachtanaí in Eanáir 1909.

Nuair a d’fhág sí Baile Átha Cliath i dtús Iúil 1909 is léir nach raibh aon socraithe cinnte déanta aici i dtaobh cá bhfanfadh sí. Thaistil sí síos in éineacht le Máire de Buitléar. Bhí sí sa Daingean agus i bhFionntrá sular thug sí aghaidh ar Dhún Chaoin. Bhí J.H. Cousins, scríbhneoir, agus a bhean Gretta, trodaí ar son chearta na mban, ag fanacht sa teach céanna léi i bhFionntrá. Bhí smearaithne acu ar a chéile. Bhí Cousins ina bhall den Chonradh. Bhí sé socair gurbh i dteach mhuintir Chíobháin a d’fhanfadh sí i nDún Chaoin. Ach tharla go bhfuair duine den chlann bás ní raibh aon seomra di ann. “The local schoolmaster had decided from afar that we were not ‘common nouns’ but ‘proper nouns’ and on seeing Miss Nicolls’ name on her box at once established himself as an adviser on the problem ...” (James and Margaret Cousins, We two together. Madras, 1950). Agus í i gCiarraí an samhradh 1909 toghadh í ina ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Seán Ó Dálaigh, is cosúil uaidh sin, a mhol di dul isteach ar an mBlascaod. “The island had not entered her anticipations” (idem).

Faoin Aoine 13 Lúnasa bhí mí caite aici san oileán agus é beartaithe aici an dara mí a chaitheamh ann. Tuairim 2.45 p.m. an lá sin chuaigh sí ag snámh ar an Trá Bhán le Cáit Ní Chriomhthain agus Máire Ní Chatháin, beirt de chailíní an oileáin nach ndeachaigh ag snámh riamh cheana. Bhí snámh ag Eibhlín féin agus bhí sí á theagasc don bheirt eile. Ba ghairid go raibh Eibhlín agus Cáit i dtrioblóid. Rinne Dónall Ó Criomhthain, deartháir Cháit agus mac leis an Oileánach, iarracht ar Eibhlín a shábháil ach bádh é. Tháinig Pádraig Ó Cearnaigh ar an trá ansin agus shábháil sé Cáit. Tá tagairt d'Eibhlín in An Claidheamh Soluis 14 Lúnasa sula raibh a fhios gur bádh í: ‘Do chónaigh sí i gCúirt an Rí an fhad a bhí sí ann [sa Bhlascaod]’. Roimh dheireadh na míosa cuireadh coiste ar bun chun airgead a bhailiú ‘le haghaidh mhuintir an bhuachaill chróga a thug a anam ag iarraidh Eibhlín a shábháil’. Ba é an chaoi ar bailíodh an t-airgead an grianghraf ba dheireanaí dár tógadh di a chur á dhíol. Meán Fómhair 1909 tosaíodh ar airgead a bhailíú chun cuimhne Eibhlín a bhuanú agus socraíodh go mbunófaí scoláireacht a thabharfadh mic léinn chun na Gaeltachta gach bliain. Ainmníodh craobh den Chonradh in Bootle aisti.

D’fhan cuimhne na tragóide beo toisc gur creideadh go raibh lámh is focal idir Eibhlín agus an Piarsach. Tá sé deacair a rá anois cén fhírinne a bhí ann. Bhí ráfla go ndúirt sí le cailín sa Bhlascaod go raibh a haigne socair aici gan an Piarsach a phósadh. Deirtí go raibh sí i ngrá le Dónall Ó Criomhthain. Dar le Ruth Dudley Edwards, beathaisnéisí an Phiarsaigh, go ndúirt George Nicolls le Geraldine Dillon go raibh cinneadh déanta ag Eibhlín gan pósadh toisc fadhb an alcólachais sa chlann.

Bhí an Piarsach ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis ag an am agus is ó James H. Cousins a fuair seisean agus eagarthóirí eile tuairisc an bháite. Bhí cuireadh tugtha ag Eibhlín do Cousins agus a bhean leathlá a chaitheamh ina comhluadar. Bhí Cousins in am chun bheith páirteach san iarracht a rinneadh ar í a athbheochan. “After four hours of intense effort to restore animation we had to confess death the victor”. Ar chuma éigin ceapadh gur ag iarraidh Cáit Ní Chriomhthain a shábháil a cailleadh Eibhlín agus chuir sin go mór leis an eachtra. Dúirt Cousins: “At a gathering of girl friends before Eveleen’s departure on her Kerry holiday the question had been asked as to the kind of death they would desire. Eveleen had answered ‘To be drowned saving another’.” Tá cuntais in An Claidheamh Soluis ar 21 Lúnasa agus tá litreacha i gcló ó mháthair Eibhlín, ó Sheoirse Ó Muanáin agus ón mBanaltra B.V. Hedderman cúpla seachtain ina dhiaidhsean. Scríobh Katharine Tynan dán faoi Eibhlín, “The Glorious Girl”, in Irish Monthly, Deireadh Fómhair 1909.

Dúirt Earnán de Blaghd an méid seo fúithi in Trasna na Bóinne (1957): “Bhí sí ard, dathúil agus an-chiúin inti féin. Dhéanadh sí leamhgháire an-tarrantach ach go hiondúil bhíodh a haghaidh chomh socair síochánta le haghaidh dhealbháin álainn. Murach go gcuireann an focal maorga iarracht den phostúlacht i gcuimhne dhuit, déarfainn go raibh sí maorga. Ní raibh rian den phostúlacht ag baint léi. Bhí éirim fhileata aici”. Tá an cur síos sin cosúil lena ndúirt Cousins: “She was 25, tall, stately, an embodiment of sweetness and gentleness, but a sweetness that had no mawkishness in it and a gentleness resting on fixity and fearlessness”.

Bhí sé amuigh ar Eibhlín go raibh sí go mór ar son saoirse na mban, gurbh fhearr léi a ticéad féin a cheannach ar an tram agus mar sin de. Bhí rud ní ba thromchúisí ná sin ar siúl ag Gretta Cousins ag séipéal Dhún Chaoin. Thug sí aitheasc uaithi i dtaobh vótaí do mhná. Thuairiscigh an lánúin i dtaobh Eibhlín: “Before entering the chapel she sat, we learned, on a ditch making scandal by chatting to the men and boys that clustered around her heroic figure and national reputation. In the chapel, men sat on the men’s side and women on the other. She sat on the men’s side”. “A pious Catholic and an impious anti-formalist”, dúirt siad.

I ndiaidh dó céim B.A. a fháil i 1908 cháiligh George Nicolls mar aturnae agus bhí sé ina Chláraitheoir i gContae na Gaillimhe. Bhí sé ar chomhairle Shinn Féin ó 1907 amach agus bhí baint aige le Conradh na Gaeilge agus leis na hÓglaigh. Gabhadh é i nGaillimh roimh an Éirí Amach agus chaith sé tamaill in Reading agus in Frongoch. D’éag sé ar 13 Bealtaine 1942.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú