I Ráth Teis, Cill Chonla, Tuaim, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 7 Bealtaine 1882. Ba iad a thuismitheoirí Michael McHugh, talmhaí, Ráth Teis, Cill Chonla, agus Ellen Keville. Is i gCill tSeanbhoithe sa pharóiste céanna a bhí an teaghlach nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh: Michael McHugh (50), feirmeoir a rugadh i gContae Mhaigh Eo; a bhean Ellen (50) a rugadh i gContae na Gaillimhe; deirfiúr a chéile, Margaret Keville (52); a iníonacha Maggie (15), Mary (12), Norah (10). Bhí Gaeilge acu go léir. Is i nGaeilge a lionadh an fhoirm i 1911 agus dúradh go raibh an lánúin pósta le tríocha bliain agus gur mhair an cúigear a rugadh dóibh. Chomh maith le Margaret Keville (66) bhí triúr iníonacha sa teach: Bríd (26), Máire (22) agus Nóra (20). Arís bhí Gaeilge acu go léir; bhí an teanga go láidir sa cheantar go fóill.

Bhí baint ag Pádhraic le Cuallacht Cholmcille le linn dó a beith i Maigh Nuad. Ag Oireachtas 1906, faoin ainm cleite ‘An Seabhac’, bhuaigh sé duais ar aiste, agus foilsíodh é i 1908 faoin teideal Fiacha Mac Aodha Ua Broin. An bhliain chéanna sin bhuaigh sé bonn óir Oireachtais an Freeman’s Journal le haiste ar Eoghan Ó Comhraí. Oirníodh é i Maigh Nuad i 1908. Bhí aistí agus scéalta aige in An Claidheamh Soluis agus Irisleabhar Mhaigh Nuad idir 1906 agus 1912.

Thugadh sé tacaíocht don IRA le linn Chogadh na Saoirse agus bhí air féin dul ar a choimeád. Chuir sé a bhfaca sé an uair sin chun tairbhe in Peadar an tSléibhe, dráma trí ngníomh ó Chonamara, 1937. Ceapadh é ina shagart paróiste i gCillín (an Cheathrú Rua) tuairim 1929. D’fhéach sé chuige go dtógfaí seipéal agus teach don sagart i nGarmna. Deirtear gur chuir sé feabhas ar thithíocht agus ar chúrsaí oideachais sa pharóiste. Chuidigh sé leis an drámaíocht agus bhunaigh foireann aisteoirí an Chillín.

Scríobh sé: Brighidín ó Cheathramha Ruadh, 1932; Leabhrán Urnaithe na Ceathramhan Ruaidhe, 1933; An Chaoi le faoisdín a dhéanamh, [1935]; An Broc Dubh dráma trí gníomh ó Chonnamara, , [1936] (bhuaigh leanaí an Chillín corn óir ag Féile Drámaíochta na Scol le léiriú den dráma seo i 1938); Naomh Iarlaith, 1936; Naomh Brighid, 1937. As a stuaim féin agus ar a chostas féin a foilsíodh na leabhair chrábhaidh. Dar leis an Athair Eric Mac Fhinn (Ar Aghaidh, Nollaig 1939) gur foilsíodh seacht mbeatha ar fad agus go raibh beartaithe aige cuntas a scríobh ar naoimh uile na hÉireann. D’éag sé 19 Samhain 1938. Bhí deirfiúr leis pósta ar George Nicolls, deartháir Eibhlín Nic Niocaill.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú