BAIRÉAD, Stiofán (1867–1921)

I gCill Mhór ar theorainn Ros Comáin agus an Longfoirt a rugadh é ar 22 Lúnasa 1867. Stiofán a bhí ar a athair, féaránach a cheannaíodh beithígh lena ramhrú agus a raibh post mar bhailitheoir rátaí aige freisin. Cecilia O’Beirne a mháthair. Bhí a mhuintir go maith as: triúr deirfiúracha ar ball sna mná rialta agus beirt deartháiracha ina mbainisteoirí bainc; bhí uncal leis ina ghníomhaí sa cheantar ag Grúdlann Mhic Aonghusa. Ach nuair a bhí sé ina ghasúr scoile bhain timpiste an-dona do chos Stiofáin a d’fhág martraithe é. Oideachas iarbhunscoile príobháideach a cuireadh air dá dheascasan. Deineadh obráid ar an gcos in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé timpeall a 10. Sé sheachtain déag a chaith sé ann agus is lena linn sin a mhúin bean rialta na chéad fhocail Ghaeilge dó. Deireadh sé nárbh eol dó an teanga a bheith ann go dtí sin. Nuair a bhí sé a 17 bhíodh sé ag scríobh litreacha spreagthacha chuig an Freeman’s Journal i dtaobh na teanga, cé nach raibh sé in ann í a labhairt. In 1887 cheangail sé le Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus le Aontacht na Gaeilge mar bhall tuaithe agus in 1890 bhí postchúrsa i nGaeilge ar siúl aige leis an Irish Fireside Club i Sráid Chlarendon. Bhí baint ag Liam Ó Maolrúnaí agus Risteard Ó Maoilbhréanainn leis an gcumann sin agus nuair a tháinig Stiofán go Baile Átha Cliath an bhliain chéanna sin théadh sé chuig ranganna Uí Mhaoilbhréanainn. Bhí post sa Dublin and Banagher Distillery faighte aige.

Is cinnte go mbeadh sé i láthair ar 31 Iúil 1893 nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ach gur tharla dó bheith imithe ar saoire. Ar thairiscint Sheosaimh Laoide, Eoin Mac Néill ag cuidiú leis, toghadh ina bhall é ar 20 Meán Fómhair na bliana sin agus faoi cheann cúpla mí eile bhí sé ar an gCoiste Gnó. In 1894 thug sé a chéad chuairt ar Inis Meáin, go dtí teach Pháidín Mhic Dhonnchadha a thaithíodh Úna Ní Fhaircheallaigh, Eoin Mac Néill, Micheál Ó hIceadha agus Eoghan Ó Gramhnaigh. Bhí rang ar siúl aige sa Celtic Literary Society ó 1895 go 1898. Toghadh ina chisteoir oinigh sa Chonradh é in 1896. Bhí sé ina bhall de Choiste na gClónna agus chuir sé dhá leabhar in eagar dóibh: Imeachta an Oireachtais, 1899 agus Leabhar cainte, c.1901] a scríobh Séamas Ó Dubhghaill (1855-1929). Ceapadh ina chisteoir lánaimseartha é i 1902. Ba iad Tomás Bán Ó Concheanainn, Pádraig Ó Dálaigh, Seosamh Laoide agus é féin na chéad oifigigh. Ba iad na blianta anuas go dtí 1909 an tréimhse ba thorthúla ar fad sa Chonradh agus bhí de cháil ar Stiofán nár chuaigh pingin amú riamh air. Dúirt An Craoibhín ina thaobh in Mise agus an Conradh: ‘Ní raibh oifigeach againn riamh do b’fhearr ná é.’Chabhraigh sé leis an bPiarsach nuair a bhí sé ag cur isteach ar phost eagarthóra in An Claidheamh Soluis agus chuaigh sé i mbannaí air cúpla babhta nuair a theastaigh airgead go géar chun Scoil Éanna a bhunú agus a choimeád ar siúl. Díreach roimh 1916 bhí an Piarsach ag déanamh imní de gurbh é an bille a shaighneáil Stiofán an ceann ba thúisce a íocfaí. Is é a bhí mar athair baistí ag iníon Stiofáin, Sighle.

Deirtear freisin gur íoc Stiofán tuarastail fhoireann an Chonartha cúpla uair as a phóca féin. Shíl sé go n-imeodh na hoibrithe ab fhuinniúla dá mbeadh fhios acu an t-airgead bheith chomh gann sin.

I 1903 phós sé Siobhán Ní Mhurchú, cainteoir dúchais Gaeilge ó Bhaile Chláir . I ndiaidh na gcéadta bliain ba iad an chéad lánúin iad, b’fhéidir, a thóg a gclann le Gaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Ó 1915 amach is ag dul in olcas a bhí cúrsaí an Chonartha. Ba mhinic gach duine de na hoifigigh i bpríosún ach amháin Stiofán agus air a thiteadh an obair ar fad. Faoi 1920 ní raibh éinne den seandream fágtha ach é. An dream nua a bhí tagtha chun cinn i ndiaidh Ard-Fheis 1915 ní raibh aon bhá acu leis. Cé nach raibh aige ach 53 bliana d’aois shíl siad go raibh sé róshean. Ba mhaith leo é a chur amach ar pinsean. Ní raibh an croí ar fónamh—croí na féile, bhí cúrsaí na tíre trí chéile agus bhí sé ag déanamh buartha faoin gclann óg a bhí i gcleithiúnas air. Bhuail an bás é ag searmanais Aoine an Chéasta, 25 Márta 1921, in Eaglais Bhóthar Bherkeley i mBaile Átha Cliath. Chreid a chlann agus a chairde go bhfuair sé bás le himní agus le briseadh croí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú