D’ainneoin drochshláinte i rith a shaoil ghairid bhí saothar tábhachtach ceannródaíoch déanta ag Pádraig Ó Laoghaire nuair a foilsíodh Sgealaidheacht Chúige Mumhan, 1895. Ba é an chéad leabhar riamh ón Mumhain é ina raibh breactha scéalta i nGaeilge ó bhéal na ndaoine. Sampla an Chraoibhín i gConnachta a chuir Pádraig i mbun oibre agus nuair a d’éag sé in aois 26 bliana dó mhol cinnirí ghluaiseacht na hAthbheochana go hard é. ‘Gaiscíoch na Gaeilge’ a thug an Craoibhín air. Dúirt Eoin Mac Néill ina thaobh: ‘Fear foghlamtha geurchúiseach glic stuama teasghrádhach saothrach’. Chum an tAimhirgíneach, Seosamh Laoide agus Torna tuirimh air.

Sna hInsí i mBéara i gContae Chorcaí a rugadh é i dtreo dheireadh na bliana 1870. Feirmeoir ba ea a athair, Pádraig, agus ba í Máire Ní Uallacháin a mháthair. Toghadh ina mhonatóir sa scoil náisiúnta (Scoil Mhic Eoghain) é agus bhí sé ina mhúinteoir cúnta ann go dtí deireadh 1894. B’fhéidir gur chaith sé tamaill i mBéal Feirste ach is cinnte go raibh sé fostaithe ag Scoil na mBuachaillí i dTír an Iúir, Baile Átha Cliath, ó 7 Eanáir 1895 go 29 Deireadh Fómhair 1896. In 1895 phós sé Eibhlín Ní Néill ón gCrompán. Rugadh iníon dóibh (Bláthnuid) ar an 24 Meitheamh 1896.

Is léir ó litir ó Phádraig Ó Briain, foilsitheoir, chuig An Gaodhal (i gcló in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin) gurbh é An Gaodhal a spreag a spéis sa teanga an chéad lá. Bhí sé ag cur spéise inti chomh fada siar le 1890. Tá na litreacha a scríobh sé chuig Seosamh Laoide san Acadamh Ríoga. 8 Nollaig 1891 dáta na chéad litreach sa tsraith sin agus is léir ón gcomhfhreagras go raibh sé ag bailiú amhrán cheana féin. Bhí sé chomh dúthrachtach i dtaobh na Gaeilge gur mhúin sé í dá shagart paróiste agus don sagart óg i dtreo go mbeidís in ann seanmóirí a thabhairt uathu. Mhúin sé í freisin do Chorcaíoch óg, Osborn Ó hAimhirgín, a bhí tagtha go dtí na hAodhairí ar a tóir. Chuigesean ba mhóide cúnamh Phádraig a chumas ar scríobh agus léamh na teanga. Bhí sé ag obair thar a fhulaingt nuair a bhí sé i mBaile Átha Cliath ag iarraidh a bhailiúchán scéalta béaloidis ó Bhéarra a chríochnú. Theip ar a shláinte in Iúil 1896 agus d’fhill sé ar Bhéarra. Fuair sé bás ann den eitinn ar 29 Deireadh Fómhair na bliana sin. Galar í a lean a mhuintir riamh agus, truamhéalach le hinsint, fuair an naíonán Bláthnuid bás coicís roimh Phádraig. D’imigh a bhean Eibhlín go Meiriceá ach ba ar éigean ann í nuair a sciobadh ise chun na síoraíochta freisin.

Dá óige é bhí meas scoláire ar Phádraig. Shíl an Craoibhín go raibh eolas aige ar an tSean-Ghaeilge agus san fhógra a d’fhoilsigh an Cork Examiner i ndiaidh a bháis dúradh: ‘Bhí sé ag déanamh stuidéir ar an seanléigheacht so ar feadh na haimsire do bhí sé ag múineadh sgoile i mBaile Átha Cliath, gur bhuail galar an bháis é. Dá dheasgaibh sin, mothóchar a chreach níos géire, mar is tearc duine labhras an Ghaedhealg ó'n gcliabhán chuireas mórán suime san tSean-Ghaedhilg’.

I Samhain na bliana 1895 toghadh ina chomhrúnaí oinigh ag Conradh na Gaeilge é in éineacht le Stiofán Bairéad, Séamus Ó Cathasaigh agus Tomás Ó hAodha. Níl amhras ach gur bhrostaigh sé chuige féin an bás leis an obair agus an staidéar go léir. I litir chuig an gCraoibhín dúirt sé: ‘[i]s beag nach bhfuil na súile bainte asam le gnó agus obair. Ní théidhim a chodladh aon oidhche go dtí a haon agus a dó go minic, agus caithim bheith im shuidhe arís go moch ...’. Chum sé dánta i nGaeilge agus i mBéarla agus d’aistrigh sé The Rime of the Ancient Mariner ach níor foilsíodh é agus ní fios cá bhfuil an lámhscríbhinn. Is é an cuntas is iomláine ar Phádraig dá bhfuil i gcló ná an leabhar le Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Laoghaire (1870–1896): an Irish scholar from the Béarra Peninsula (Cumann Staire Bhéarra, 2021).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú