Idir 1893 agus 1915 is beag duine ba mhó saothar ar son na Gaeilge. Chaith sé suas post inphinsin i 1902 ar mhaithe le foilsiú leabhar Gaeilge. Ach faoi 1915, cé go raibh cáil na scoláireachta air, ní raibh obair ar bith le fáil aige in Éirinn. An post a d’éirigh leis a fháil i Londain, creideadh ó shin gur cheann de na dualgais bheith ag aistriú litreacha Gaeilge don Rialtas. Níor maitheadh an spíodóireacht sin dó agus níor fhoilsigh sé saothar ar bith i ndiaidh 1917.

Rugadh é ar 24 Bealtaine 1865 i Raghnallach, Baile Átha Cliath. Ba é an mac ba shine é ag Joseph Henry Lloyd agus Anne Phair, lánúin Phrotastúnach. Máistir teangacha an t-athair agus ball de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Bhí tamaill dá shaol caite aigesean ar an Mór-Roinn agus bhí eolas curtha ag Seosamh ina óige ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis. Ba chara lena athair P. W. Joyce, fear na logainmneacha, a bhí ina phríomhoide sa Mhodhscoil i Sráid Maoilbhríde agus ann a cuireadh Seosamh ar scoil. Nuair a bhí sé 16 bliana d’aois fuair sé post in Oifig an Iniúchóra i Mórbhóithre Iarainn an Tuaiscirt. Buntáiste a bhain leis an bpost go mbíodh Seosamh in ann taisteal saor in aisce ar fud na hÉireann.

Cheangail sé le Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge in 1886 agus an bhliain dár gcionn bhí sé ina bhall de Choiste na bhFoilseachán acu. In 1890 bhain sé Sadhsóireacht na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus fuair duais gach bliain go dtí 1894 ón Ollamh Séamus Gudman. Ach níor bhain sé céim amach. Bhí sé róbhroidiúil. Luaigh Eoin Mac Néill a ainm sa ghairm scoile a chuir sé amach ar 12 Meitheamh 1893 ach ní raibh sé sa láthair i 9 Sráid Saicfil ar 31 Iúil nuair a bunaíodh an Conradh. Ach faoi fhómhar 1893 bhí sé ina chomhchisteoir le Seán Ó Hógáin sa ghluaiseacht nua. Bhí an post sna bóithre iarainn aige ar feadh an ama, ar ndóigh, agus rang aige sa Chonradh agus é ag scríobh do Irisleabhar na Gaedhilge ó 1891 amach. Cheana féin bhí sé ag taisteal na gceantar Gaeltachta ag na deirí seachtaine agus comhfhreagras ar siúl aige le leithéidí Phádraig Uí Laoghaire, ar thug sé dhá chuairt air sna hAoraí, agus an Athar Peadar Ó Laoghaire. Is spéisiúil gur de bharr cheist Sheosaimh air i dtaobh Jack o’Lantern in 1894 a smaoinigh an tAthair Peadar ar Séadna a scríobh.

Le linn an taistil, é i mbun obair an Chonartha go minic, a chuir sé eolas maith ar an mbéaloideas agus ar na canúintí, go háirithe sna ceantair a raibh an teanga go lag iontu. Ag an gcéad Oireachtas in 1897 bhain sé duais lena ‘Laoidh Seilge Beinne Gulban’. In 1899 ceapadh é ina eagarthóir ar an Irisleabhar. Nuair a cuireadh Coiste na gClódhann ar bun i 1902, ar thairiscint an Phiarsaigh ceapadh é ina eagarthóir lánaimseartha. D’éirigh leis an gCoiste 200 leabhar agus leabhrán a fhoilsiú. An Laoideach agus an Piarsach, rúnaí an Choiste, faoi deara an t-éacht oibre sin.

Ag an Ard-Fheis i nDún Dealgan i 1915, áfach, beartaíodh ar éirí as foilsiú na leabhar. Mar a dúirt Ciarán Bairéad in aiste fhada in Béaloideas 15 (1945): ‘B’in deireadh lena chuid oibre ar son teanga agus litríocht na Gaeilge, an chúis a raibh a shaol tugtha aige di ó laethanta a óige’.

Nuair a bunaíodh Scoil Ard-Léinn na hÉireann faoi stiúir Kuno Meyer i 1903 bhí Seosamh ar na chéad mhic léinn ann agus toghadh é ina bhall den Acadamh Ríoga i 1909. Ó 1902 bhí sé ina bhall de choiste chomhairle Chumann na Sgribheann Gaedhilge. Scríobhadh sé aistí léannta in Ériu agus in irisí na gcumann staire agus seandálaíochta. Ar na leabhair a d’fhoilsigh sé tá: Sgéalaidhe Fearnmhuighe (1901), Leabhar geograiphe, [g.d], Seachrán Chairn tSiadhail, 1904, Sgéalaidhe Óirghiall .i. Sgéalaidhe Fearnmhuighe agus tuilleadh leis, 1905, Sgéal Chúchulainn ag Cuan Carm (1906), Measgán Musgraighe (1907), Cruach Chonaill (1909), Trí Torpáin (1911), Duanaire na Midhe (1914), Fian-Laoithe (1916), Tonn Tóime (1915), Réalta de spéir (1915), Alasdair Mac Colla (1914), Brisleach mhór Mhaighe Muirtheimhne (1915). Chuir sé eagar ar Post-seanchas, 1905 agus 1911, Dearg-ruathar Chonaill Chearnaigh, 1907, Teacht agus imtheacht an ghiolla dheacair agus toruigheacht Chonáin agus a chuideachtan (i gcomhar le Seán Ó hÓgáin), 1905, Eachtra mhacaoimh an Iolair Mhic Ríogh na Sorcha le Brian Ó Corcráin (i gcomhar le Iorard de Teiltiún), 1912. Chuir sé foclóir le Eachtra Thaidhg Mhic Céin ..., 1933 le Pádraig Ó Siochfhradha. Ba é a chuir eagar ar Imeachtaí an Oireachtais 1901 agus 1903–1910. Chuir sé foclóirín le Súil Uí Dhubhda le hArd na Ríogh, 1906 le Seán Ó Ruairí. In The Dundalk Democrat agus oidhreacht na Gaeilge in Oirdheisceart Uladh..., 2008 le Gearóid Trimble tá liostaithe an t-ábhar a bhí i gcló aige sa nuachtán sin idir 1895 agus 1915. Gan amhras bhí cáilíochtaí neamhchoitianta ag roinnt leis an Laoideach: bhí sé in ann amhráin a ghléasadh; ba mhó an cur amach a bhí aige ar chanúintí ná ag formhór a chomhaimsearach; bhí eolas maith aige ar theangacha idir nua agus shean; bhí ardspéis aige sa bhéaloideas; scoth eagarthóra a bhí ann. Is fiú cuimhneamh freisin gurbh é a sholáthraigh leaganacha Gaeilge ar shráidainmneacha do Bhardas Bhaile Átha Cliath.

Phós sé Elizabeth Sharp, Éireannach saibhir, le linn dó bheith sa státseirbhís i Londain. Tháinig siad chun cónaithe i Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath, i 1920. D’aistrigh siad go Dún Laoghaire i 1933. Le linn dó bheith i Londain agus anseo ina dhiaidh sin bhíodh iarracht d’easláinte intinne air go minic. Dar le Joseph Henry in DIB: 'His mental health suffered somewhat during this period [in Londain] and he spent some time in a psychiatric institution before returning to Ireland.’ [I rith na tréimhse sin i Londain bhí meabhair á chailleadh aige a bheag nó a mhór agus chaith sé tamall in ospidéal síciatrach roimh fhilleadh ar Éirinn dó]. An cnuasach de chóipleabhair faoina ainm i Roinn na Lámhscríbhinní sa Leabharlann Náisiúnta, meastar gur comhráite le spioraid shean-Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin a mbunáite.

D’éag sé ar 21 Meán Fómhair 1939. Sna tuairiscí ar an sochraid bheag go dtí Gráinseach an Déin ní luaitear de lucht na Gaeilge a shiúil inti ach Séamus Ó Casaide agus an Seabhac. Ní raibh Éire na nGael buíoch de as a shaothar fial ceannródaíochta.

Ba é an Laoideach a chuir Énrí Ó Muirgheasa i mbun saothair an chéad lá riamh agus scríobh seisean aiste bhreá i dtaobh a chara in The Leader (‘A Forgotten Patriot’, 7 Deireadh Fómhair 1939). Dúirt sé i dtaobh a bhlianta deiridh: ‘But he was Seosamh Laoide no more. He avoided all his old friends of Gaelic League days, and would no longer recognize them. And he who fought strenuously to have the purest names put up on the post towns of Ireland, would not now give Dún Laoghaire as his address but “Kingstown”. The sweetest sugar makes the sourest vinegar, and so J. H. Lloyd seems to have turned bitterly against the language and the movement which he apparently regarded as having betrayed him’. Bhí alt ag Liam Mac Mathúna (‘Seosamh Laoide, eagarthóir’) in Studia Hibernica xxxi (2000-01).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú