Chuir Énrí Ó Muirgheasa amhrán dá déantús, ‘Ceol Loch Aoidh’ (‘Seanfhocal a chuala mé is a chreidfeas mé i gcónaí’), i gcló in Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh, 1934 agus roghnaíodh é ina dhiaidh sin in An Uiseog agus in Filidheacht na nGaedheal [1940] in eagar ag Pádraig Ó Canainn.

I dTaobh an Locha in aice leis an Éadan Anfa agus tuairim cúig mhíle ó bhaile na nGleanntach, Dún na nGall, a rugadh í. De mhuintir Thiománaí Mhín a’ tSamhaidh i gceantar Bhaile na Finne a máthair Sinéad. Bhí clú an cheoil ar mhuintir Thiománaí agus bhí an file iomráiteach Tadhg Ó Tiománaí, ‘Tadhg na nAmhrán’ (c.1680-c.1750), i measc a sinsear. Tadhg Mac Monghail ab ainm dá hathair. Bhí triúr deartháireacha agus triúr deirfiúracha aici. Bhí léamh na Gaeilge agus an Bhéarla aici, rud a bhí annamh san am; fianaise air sin sampla dá lámhscríbhneoireacht Ghaeilge a bhí i seilbh Mháire Uí Cheallaigh, Coimín, an Clochán, a shíolraigh ó dhuine dá deirfiúracha. I Scoil Éadan Anfa a fuair sí oideachas. Phós sí Pádraig Ó Tiománaí as Ailt a’ tSneachta i nGleann Finne agus bhí beirt mhac acu. I 1904 a rugadh an chéad duine acu. Cailleadh an mac eile go hóg.

Ceoltóir maith ba ea í agus deirtear nach raibh áireamh ar an méid seanamhrán Gaeilge agus Béarla a bhí aici. Chumadh sí amhráin sa dá theanga. Dar le Cláraitheoir na mBreitheanna, na mBásanna agus na bPóstaí i Srath an Urláir ar 27 Samhain 1995 go bhfuair ‘Jane Timony’, bean chéile ‘Patrick Timony, Altatraught, Cloghan’, bás in aois 51 bliana di 13 Meitheamh 1913. Tá sí curtha i reilig Bhaile na Finne.

Seo é an nóta atá ag Énrí Ó Muirgheasa fúithi: ‘Bean tuaithe a bhí ’na cónaí le taoibh Loch Aoidh a rinne an t-amhrán. Sinéad Nic Managail a bhí uirthí agus pósadh í ar Phádraig Ó Tiománaidhe, i Mín na Sróna, i nGleann Finne, cóngarach don droichead úr—Droichead Ríothluin. Cé nach raibh an dá áit ach sé nó seacht de mhílte óna chéile bhí cumha uirthi i nGleann Finne agus as an chumha rinne sí an t-amhrán. D’éag sí tuairim 1915 is tá sí adhlachta i gCill Taobhóig. Tá a fear Pádraig Ó Tiománaidhe beo go fóill (1929). Is cosúil gur cumadh an t-amhrán thart fá 1904 agus gurab é an ceol deirionnach a cumadh den méid atá san leabhar seo é. Fuaireas an t-amhrán ó Chonn Mac Diarmada, Éadan Anfaidh, Tír Chonaill, agus fuair seisean é ó Thadhg Mac Monagail, Taobh an Locha—gaol don bhean-fhile, b’fhéidir. Tá véarsa eile ann ach ní fiú liom a leigint isteach’. Chuir ‘S.L.’ (Seosamh Laoide, is dóigh) an t-amhrán seo i gcló ar An Claidheamh Soluis 13 Feabhra 1904 agus dúirt nach raibh a fhios cé a chum.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú