Is gnách trí réabhlóid a chur ina leith; Conradh na Gaeilge a bhunú; tús a chur le hÓglaigh na hÉireann; bonn níos daingne a chur faoin staidéar ar luathstair na hÉireann. In The scholar revolutionary (1973) in eagar ag F.X. Martin agus F.J. Byrne, tá 22 leathanach de chlár a shaothair, chomh maith le scata aistí ina thaobh (ag Brian Ó Cuív, Julius Pokorny, F.J. Byrne, D.A. Binchy, Seán Ó Cuív, Donal McCartney, F.X. Martin, Brian Farrell, Geoffrey Hand, R. Dudley Edwards, Francis Shaw agus John Ryan). Tá an bheathaisnéis a scríobh a chliamhain Michael Tierney, Eoin MacNeill, scholar and man of action 1867–1945 (1980) bunaithe, cuid mhaith, ar a chuid páipéar agus ar a chuimhní cinn féin. I measc na n-aistí substaintiúla anseo is ansiúd tá: ‘Eoin Mac Néill, 1867–1945’ le John Ryan in Studies, Nollaig 1945; iontráil in Dictionary of National Biography 1941–50 le D.A. Binchy; aiste ag Brian Ó Cuív in Feasta, Aibreán 1993. Tá cuntas ar ghinealas mhuintir Mhic Néill in Burke’s Irish family records.

I nGleann Arma, Co. Aontroma, a rugadh é ar 15 Bealtaine 1867. Ba iad Archibald (nó Giolla Easbaig) MacNeill agus Rosetta Macauley a thuismitheoirí. Mairnéalach ba ea a athair i dtús a shaoil ach bhí siopa, bácús, feirm agus gnó beag tógála aige tar éis dó socrú síos i nGleann Arma. Ba é a thóg eaglais Chaitliceach an pharóiste. Cúigear buachaillí agus triúr cailíní a bhí sa chlann agus ba é Eoin an séú duine díobh agus an ceathrú buachaill. Máistreásaí tí ba thúisce a chuir oideachas air: b’as Gleann Aireamh do dhuine díobh agus bhí Gaeilge aici. Chaith sé tamall gairid sa scoil Phrotastúnach ach is bunoideachas príobháideach is mó a fuair sé. In 1881 chuaigh sé isteach mar lóistéir i gColáiste Maolmhaodhóg i mBéal Feirste. Ghnóthaigh sé an chéad áit in Éirinn sa scrúdú sinsearach idirmheánach. Lean sé dá oideachas ollscoile sa choláiste céanna tar éis dó scoláireacht sna nuatheangacha a fháil i Máithreánach na hOllscoile Ríoga. Sa dara bliain dó chuir sé isteach ar phost cléirigh sna Ceithre Cúirteanna agus thug sin go Baile Átha Cliath é Lúnasa 1887. Ba é an t-aon Chaitliceach amháin é in Oifig an Ard-Chuntasóra. Tar éis freastail ar léachtaí dlí i gColáiste na Tríonóide agus in King’s Inns bhain sé an chéim B.A. amach.

Chomh luath le 1887 bhí iarracht á déanamh aige ar Ghaeilge a fhoghlaim; d’fhoghlaim sé beagán as priméir Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus as leabhair Uileog de Búrca . Mhol Eoghan Ó Gramhnaigh dó dul go hlnis Meáin agus chaith sé Meitheamh 1891 i dteach Pháidí agus Bhríd Mhic Dhonncha ann. Le bliain anuas bhí sé ina dhalta agus ina phrintíseach ag an Athair Éamonn Ó hÓgáin i gColáiste na hOllscoile agus is faoi a rinne sé staidéar ar an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge.

Bhí aiste dar teideal ‘Why and how the Irish language is to be preserved’ i gcló aige in Irish Ecclesiastical record, Nollaig 1891. Daoine mar Sheán Ó hÓgáin, James Cogan agus Tomás Ó Néill Ruiséal a chastaí air i leabharlann an Acadaimh Ríoga nó in áiteanna eile, bhí siad ar aon fhocal leis go raibh gá le gníomh. Thug Dubhghlas de hÍde a léacht ar dhí-shacsanú na hÉireann 25 Samhain 1892 agus sórt freagra air sin ba ea alt ag Eoin in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1893 dar teideal ‘Toghairm agus Gleus oibre chum Gluasachta na Gaedhilge do chur ar aghaidh in Éirinn’. Ní raibh a ainm leis an alt. Tar éis labhairt le Eoghan Ó Gramhnaigh agus Seosamh Laoide chuir sé ciorclán amach ag iarraidh ar dhaoine ar spéis leo caomhnú na teanga teagmháil le duine ar bith den triúr acu. Is ar an gcuma sin a bunaíodh an Conradh. Ba é Eoin an t-aon rúnaí a bhí ag an eagraíocht go dtí 1897, cé go mbíodh rúnaithe cúnta aige anois is arís ó 1893 amach. Níor éirigh sé as an rúnaíocht ar fad gur ceapadh Pádraig Ó Dálaigh mar rúnaí ar phá in 1902. Nuair a theip ar shláinte Uí Ghramhnaigh in 1894 chuaigh sé i mbun eagarthóireacht Irisleabhar na Gaedhilge, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé i mbun eagarthóireacht An Claidheamh Soluis i dtús 1899. Idir dhá linn bhí sé ina eagarthóir Gaeilge ag Fáinne an Lae. Air a thit sé Simple LessonsUí Ghramhnaigh a thabhairt chun críche. Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1897 agus ba é an chéad duine riamh sa phost sin é. Obair pháirtaimseartha ba ea é, ar ndóigh, agus d’fhan sé sna Ceithre Cúirteanna go dtí gur ceapadh é ina ollamh le luathstair na hÉireann i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath in 1909. Meastar go ndearna an tsíorobair idir 1894 agus 1901 dochar dá shláinte. Agus níorbh í an obair amháin a chráigh é ach aighneas nárbh fhéidir a sheachaint. Tá cur síos ag an Athair Seán Ó Cuív in The scholar revolutionary ar an aighneas leis an Athair Peadar Ó Laoghaire a chuir deireadh leis an gcaidreamh a bhí acu ar a chéile.

Phós sé Agnes Moore in Aibreán 1898. Bhí ceathrar mac agus ceathrar iníonacha acu.

Faoi 1908 chreid sé go raibh an chuid ba thábhachtaí dá obair déanta ag an gConradh. Bhí fonn air a dhúthracht ar fad a chaitheamh le léann agus cé go raibh sé ina leasuachtarán is annamh a théadh sé chuig aon chruinniú den Choiste Gnó. Shíl de hÍde nach bhféadfadh sé cur suas a thuilleadh leis na foghanna a thugtaí faoi. In 1912 ceapadh é ina ardollamh i gColáiste Bhríde in Ó Méith. Ba é a scríobh amhrán an choláiste, ‘Is i nDrom Mhullach thall tá dream de ghlanchine Gael’.

Nuair a bhí cruth nua á chur ar An Claidheamh Soluis i bhfómhar 1913 d’iarr Ó Rathghaille, bainisteoir an pháipéir, ar Mhac Néill an príomhalt a scríobh. Is mar sin a tharla gur scríobh sé ‘The North began’ san iris ar 1 Samhain. Mhol sé ann go mbunófaí na hÓglaigh. Má mhol, taispeánann Pádraig Ó Snodaigh (Comhghuaillithe na Réabhlóide..., 1966) nárbh é a chéadmhol ach gur oir go breá don IRB a thráthúlacht a tháinig an aiste sin ó fhear a bhí chomh measúil le Mac Néill.

Bhí sé sa chathaoir ag an ollchruinniú sa Rotunda 25 Samhain. Ceapadh é ina cheann foirne ar na hÓglaigh. Go pointe áirithe bhí sé sásta tacú le Seán Réamoinn ach tháinig an crú ar an tairne nuair a d’áitigh an Réamonnach ar na hÓglaigh bheith ullamh chun troda sa Chogadh Mór. Cé gur gan fhios do Mhac Néill a beartaíodh ar éirí amach um Cháisc 1916 bhí sé sásta gan cur ina aghaidh ar dtús. Ach nuair a chuala sé gur gabhadh Roger Casement agus gur cuireadh an Aud go tóin poill chuir sé orduithe cealaithe amach ar fud na tíre. Tá cuntais ar chor is ar chasadh na laethanta sin roimh Cháisc 1916 ag Liam Ó Briain in Cuimhní Cinn (1951) agus ag Seán T. Ó Ceallaigh in Seán T. (1963). Cé nár ghlac sé aon pháirt san Éirí Amach gearradh pianseirbhís saoil air 24 Bealtaine agus chaith sé tréimhsí in Dartmoor agus Lewes sular scaoileadh saor é Meitheamh 1917. Toghadh é ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge le linn dó bheith in Dartmoor. Ba é ba mhó a fuair vótaí 25 Júil 1917 ag Ardfheis Sinn Féin nuair a bhí baill choiste gnó na heagraíochta á dtoghadh, in ainneoin an fhogha a thug an Chuntaois Markiewicz agus baintreach Thomáis Uí Chléirígh faoi. Pádraig Mac Artáin agus de Valera ba mhó faoi deara athbhunú Mhic Néill i ndiaidh 1916.

Athcheapadh é mar ollamh 24 Bealtaine 1918. In olltoghchán na bliana sin bhuaigh sé suíocháin i nDoire agus Ollscoil na hÉireann. Toghadh é ina Aire Airgeadais ar 21 Eanáir 1919. Aistríodh é go dtí Aireacht na dTionscal ar 2 Aibreán. Bhí sé i bPríosún Mhuinseo ar feadh tuairim sé mhí anuas go 30 Meitheamh 1921. Fuair sé iasacht na n-imleabhar Ancient laws of Ireland sa phríosún agus scríobh an pá6ipéar ‘Ancient Irish Law’, 1923. Dúirt Thurneysen go mba thírghrách an mhaise d’aon rialtas Mac Néill a chur i bpríosún gach bliain ar feadh naoi mí!

San olltoghchán ar 24 Bealtaine 1921 toghadh é arís i nDoire agus san Ollscoil. Toghadh é d’aon ghuth mar Cheann Comhairle, post a lean go dtí 8 Meitheamh 1922, agus is air a thit sé bheith i gceannas ar na díospóireachtaí fada faoin gConradh Angla-Éireannach. Ó 1923 go 1927 bhí sé ina Theachta Dála thar ceann an Chláir agus Ollscoil na hÉireann. Bhí sé ina Aire Oideachais ó Lúnasa 1922 go 24 Samhain 1925. Ceapadh é ina ionadaí ar Choimisiún na Teorann in Iúil 1924. D’éirigh sé as 20 Samhain 1925 nuair nár aontaigh sé lena thuarascáil agus d’éirigh as an rialtas tamall gairid ina dhiaidh sin. ‘Years later, in 1937, MacNeill said to his daughter Máire that there were two decisions in his life which he regretted. One was the agreement to the Gaelic League’s entry into politics in 1915; the other was his agreement to the proposal that there should be no minority report on the boundary’ (Eoin MacNeill: scholar and man of action).

Ó 1928 go bhfuair sé bás 15 Deireadh Fómhair 1945 bhí sé ina chathaoirleach ar Choimisiún na Lámhscríbhinní. Bhí sé ina uachtarán ar an R.S.A.I. 1927–40 agus ar feadh trí bliana eile ina uachtarán ar an Acadamh Ríoga. Foilsíodh Féil-sgríbhinn Eoin Mhic Néill (1940), in eagar ag John Ryan S.J. Fuair sé an chéim D. Litt, ó Ollscoil na hÉireann in 1921 agus ó Ollscoil Chaitliceach Washington in 1930.

Is í eagarthóireacht na n-irisí an saothar ba thábhachtaí dá ndearna sé ar son scríbhneoireacht na Gaeilge. Tá a chuid próis liostaithe in Clár litridheachta na Nua-Ghaedhilge III (1940). Níor tugadh aon chuid den scríbhneoireacht sin le chéile i leabhar. Chuir sé eagar ar: Eachtra Lomnachtáin (1903) (i bpáirt le Osborn Bergin); Eachtra Fhinn Mhic Cumhaill le seachrán na sál gcam... Seaghán Ó Cadhla a chuir síos (1906); An léightheoir Gaedhealach (1907) (i bpáirt le Peadar Mac Fhionnlaoich agus Seosamh Laoide); Duanaire Finn: the book of the lays of Fionn, cuid a I (1908) (Cumann na Scríbheann Gaeilge—Gearóid Ó Murchadha a chuir eagar ar chuid a II agus a III (1954–75). R.A.S. Macalister agus Mac Néill a chuir eagar ar, agus a d’aistrigh, Leabhar gabhála, The book of conquests of Ireland, The recension of Micheál Cléirigh (1916). Chuir Seosamh Laoide eagar ar chuid dá dhéantús in Alasdair Mac Colla (1914). Sholáthraigh sé agus chuir sé eagar ar dhánta in irisí an Chonartha. Ceann díobh is ea ‘Ard Í Cuain’ in Irisleabhar na Gaedhilge Deireadh Fómhair 1895: bhí aithne mhaith ag a mháthair ar John McCambridge, an Protastúnach a chum.

Ba iad na trí leabhar Bhéarla ba mhó a chuaigh i gcion ar an bpobal Phases of Irish history (1919), Celtic Ireland (1921), agus Early Irish laws and institutions (1935). Léachtaí a thug sé sa Rotunda in 1918 atá sa chéad leabhar díobh agus deirtear gur chabhraigh sé go mór le Sinn Féin san argóint ar son neamhspleáchas na hÉireann. Cibé ceartaithe a chaithfí a dhéanamh ar ball ar ar scríobh sé i dtaobh na luathstaire dúirt D.A. Binchy ina thaobh: ‘Yet the fact remains that Mac Néill provided the first treatment of this subject which deserves to be called scientific’. Agus é ag scríobh faoin troid i dtaobh ionad na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann in 1908 dúirt Tomás Ó Fiaich: ‘By far the best argued case in favour of the League’s policy on this issue was Eoin Mac Néill’s pamphlet, Irish in the National University of Ireland, and it must have convinced many a waverer who took time to study it’.

Fear iléirimiúil a bhí ann agus spéis aige i ngach rud a bhí timpeall air, bláthanna agus clocha, mar shampla. Bhí sé deaslámhach agus ba é a dhear suaitheantas an airm. Ba é leis a chuimhnigh ar Fhianna Fáil mar ainm ar an arm.

Throid a mhac Niall (1899–1969) i gCogadh na Saoirse agus bhí in Arm na hÉireann ina dhiaidh sin agus ina Stiúrthóir Cúnta ar an Suirbhéireacht Ordanáis. Fuair sé aitheantas domhanda mar údar ar an gcuil úd, an tsnáthaid mhór. Fuair an dara mac Brian (1900–22), mac léinn leighis, bás ag troid ar son na Poblachta; bhí Turlough (1903–55) páirteach i gCogadh na Saoirse agus bhí ina cheannphort sa Gharda Síochána sula raibh 21 bliana aige. Fiaclóir ba ea Séamus. Phós Eibhlín (1901–75) Michael Tierney, uachtarán Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Scoláire ba ea Máire (1904–15 Bealtaine 1987) agus scríobh sí The festival of Lughnasa (1982) agus leabhair eile; phós sí John L. Sweeney. Phós Róisín (1906–) David Donovan Coyle. Phós Éilís (1914–) Anthony McDowell, abhcóide. Bhí Seán Beaumont pósta ar neacht le Mac Néill, Máirín Nic Dhaibheach, iníon lena dheirfiúr Annie i nGleann Arma. I measc a dheartháireacha bhí: Charles a chaith bliain ina rúnaí oinigh ag an gConradh; Hugh a bhí ina léachtóir le clasaicí ach gur fearr atá cuimhne air mar ‘Professor McHugh’ in Ulysses; James a bhí ina Phríomh-Ghobharnóir ar an Saorstát.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú