Seo é údar Aids to Irish composition, ceann de na téacsleabhair is minice a d’úsáidtí sa leath tosaigh den 20ú haois. I gcathair Chorcaí a rugadh é agus bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh. Is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Ba é an duine ba shine é de chlann cheathrair agus chuaigh duine dá dheartháireacha isteach sna Caipisínigh. Cheangail Seosamh leis na Bráithre i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath, 8 Nollaig 1894 (Inniu 9 Meán Fómhair, 1960). Tá an t-eolas sin go léir sa nóta beathaisnéise (‘Necrology’) atá i gcartlann na mBráithre Críostaí. Ní luaitear na tuismitheoirí ann. Dar le taifead eile atá acu go raibh sé 17 mbliana agus ocht mí d’aois ag an am, is é sin le rá gur rugadh é in Aibreán 1877. An t-aon Joseph Fitzpatrick a rugadh i gCorcaigh in 1877, dar le clárlann na mBreitheanna, ná an duine a rugadh ar 21 Aibreán agus arbh iad Patrick Fitzpatrick agus Catherine Murphy, 7 Ardán Anglesea, Corcaigh, a thuismitheoirí. Meaisíneoir ba ea Patrick. An t-aon Chorcaíoch dar sloinne Fitzpatrick a chuaigh isteach sna Caipisínigh ba é James é a rugadh 18 Márta 1879 i bparóiste Naomh Fionnbharra Theas, dar le taifid na gCaipisíneach. Níl ainmneacha na dtuismitheoirí sna taifid sin. Agus an t-aon duine den ainm sin atá i dtaifid bhaiste Naomh Fionnbharra Theas sa Leabharlann Náisiúnta ná an James Joseph a rugadh 3 Márta 1879 arbh iad a thuismitheoirí Patrick Fitzpatrick agus Kate Murphy, 7 Ardán Anglesea, Corcaigh. Níor cláraíodh an bhreith. Is ródhóigh, mar sin, gurb é Joseph a rugadh 21 Aibreán 1877 an fear s’againne.

Ghlac sé le Naomh Ieróm mar phátrún. Deir Barry Coldrey in aiste in Old Limerick Journal, Geimhreadh 1992, go raibh comhfhreagras le Eoin Mac Néill ar siúl aige chomh luath le 1895. Ba léir dó ganntanas leabhar gramadaí agus foclóirí a bheith ann. Ó 1898 bhí sé ag múineadh i scoileanna Sráid Synge, Baile Átha Cliath, agus thosaigh ar Graiméar na Gaedhilge, 1901 a ullmhú. Thug Eoin Mac Néill an-chúnamh dó agus cheartaigh na profaí. Ba é Liam Soirtéal, múinteoir tuata i Sráid Synge, a scríobh an chaibidil ‘Irish phonetics’. Níor luadh ainm Mhic Ghiolla Phádraig mar údar in aon cheann dá leabhair. B’in é gnás na haimsire sin ag na Bráithre Críostaí. Failtíodh roimh an leabhar nua agus ba é tuairim an Chonartha go mba leor leo an graiméar seo agus leabhairíní Uí Ghramhna chun a ngnó a chur i gcrích. Chinn siad gan aon ghraiméar eile a fhoilsiú.

Deir Coldrey go raibh sé ag obair ar chnuasach de sheanscéalta a thabhairt amach agus ó bhí Dubhghlas de hÍde i mbun na hoibre céanna gur réitigh siad le chéile gurbh eagrán scoile a thabharfadh Mac Giolla Phádraig amach. (Annotated Irish texts). Thug sé don Chraoibhín an ghluais a bhí ullmhaithe aige lena chur i gcló ina leabharsan. Ní luann an Craoibhín an bráthair óg in Mise agus an Conradh agus níl tagairt dó ag a bheathaisnéisithe.

Fuair sé cabhair arís ó Eoin Mac Néill agus é i mbun a mhórshaothair, Aids to Irish composition, 1907.

Ar feadh trí bliana, ó 1904 go 1906, bhí sé ag múineadh i scoil na mBráithre i Sráid Sexton, Luimneach, agus tamall gairid ansin i Loch Garman. Faoi 1907 bhí sé ar ais i Scoil Sráid Synge. I gcomhar leis an mBráthair V. Casey, a bhí ag múineadh i bPort Láirge, chuir sé ar fáil Aids to the pronunciation of Irish, 1905 agus A Sequel to Aids in Irish composition, 1907. Bhí tosaithe aige ar ghraiméar agus ar chártaí do bhunscoileanna. Fuair sé bás den eitinn in ospidéal príobháideach Shráid Jervis, Baile Átha Cliath, 5 Deireadh Fómhair 1910. An tAthair Albert Bibby a dúirt na paidreacha os cionn na huaighe i nGlas Naíon. Bhí meas mairtírigh air. Dúirt Irish Nation and Peasant 15 Deireadh Fómhair 1910: ‘Every free moment was used to pursue his Irish studies—sacrifice of his evening recreations, his vacations and the greater part of the short hours allowed for sleep.... He was the pioneer of the Modh Díreach in the Brothers’ schools, prepared a special series of books and charts on that system and used every effort to aid and stimulate his religious brethern to teach the language to their pupils’. Ochtó bliain ina dhiaidh sin ba é breithiúnas an scoláire oideachais Séamus Ó Buachalla: ‘... in the early part of the century [he] contributed significantly to improving the teaching of Irish in primary and secondary schools by the various texts on grammar, composition and pronunciation which he wrote and published’. (The Letters of P.H. Pearse, 1980). Bhí an éacht seo inchurtha, dar le Ó Buachalla, le leabhairíní Eoghain Uí Ghramhna

Deir Barry Coldrey, Bráthair Críostaí agus duine de staraithe na mBráithre: ‘There were reasons why Brother Jerome Fitzpatrick was largely ignored within the Congregation at his death in 1910. In the preliminaries for the general chapter of that same year he was considered among the radicals of the order both in his politics and towards contemporary questions of religious life’. Tuairimíonn Coldrey gurbh é saothar an Bhráthar Mhic Ghiolla Phádraig ba mhó faoi deara an íomhá atá againn de na Bráithre Críostaí: gurbh iad príomhthacaithe na hathbheochana i gcúrsaí oideachais iad.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú