Ó CEARBHAILL, Seán E. (1922–2011)

Ní mór é a áireamh mar dhuine de na Bráithre Críostaí sin ó aimsir Sheosaimh Mhic Giolla Phádraig anuas a chuir comaoin mhór ar an nGaeilge. Tá cuntas ar bheatha an fhile seo in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945–1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh agus tá aiste (‘Filíocht Sheáin E. Uí Chearbhaill: 'splanc grá is diabhlaíochta'’) ar a dhéantús fileata ag Liam Prút in Gníomhartha na mBráithre: aistí comórtha ar Ghaelachas na mBráithre Críostaí (1996). Sa leabhar sin freisin tá aiste ag an gCearbhallach féin ar chrosáid chreidimh agus oideachais Éamainn Rís, bunaitheoir na mBráithre. Deirtear gur tríocha bliain a chaith sé i mbun taighde ar shaol Rís agus ní gá ach spléachadh a thabhairt ar na tagairtí agus nótaí a ghabhann leis an aiste chun deimhniú a fháil gurbh é is fearr a scríobhfadh beathaisnéis an Rísigh. Foilsíodh Seán E. Ó Cearbhaill: fear droichid an Rísigh (2015) le Liam Prút.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 8 Deireadh Fómhair 1922: John Dominick a ainmneacha baiste agus ba iad a thuismitheoirí James Carroll, cléireach, agus Jane Grace agus cónaí orthu ag an am sin ag 28 Plás Drummond, Ráth Maonais. Ba as Co. na Mí don athair agus dhealródh go mbeadh sé fostaithe sa státseirbhís ar ball. Ba as an nGallbhaile dá mháthair, baile atá suite ar an teorainn idir Co. Thiobraid Árann agus Co. Luimnigh. Seachtar clainne a bhí acu. Cuireadh bunscolaíocht ar Sheán i Scoil na mBráithre, Sráid Synge, Baile Átha Cliath, agus, ó 1936 amach, meánscolaíocht i Scoil na mBráithre i mBaile Dúill, Co. Bhaile Átha Cliath, agus i gColáiste Chiaráin, Bré, Co. Chill Mhantáin. Tar éis dó cáilíocht mhúinteora náisiúnta a bhaint amach i gColáiste Oiliúna na mBráithre i Marino, Baile Átha Cliath, ghnóthaigh sé ar ball BA agus MA sa stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ghnóthaigh Ard-Teastas san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Luann Ó Cearnaigh scoláirí a chuaigh i gcion air i nGaillimh: Tomás Seosamh Ó Máille (1904–90), Síle Ní Chinnéide, Caitlín Ní Mhaolchróin, Tomás Ó Broin agus Diarmuid Ó Murchú (1895–1966) agus deir sé go raibh céim mháistir sa spioradáltacht aige ó Ollscoil Spokane sna Stáit Aontaithe.

Anuas go 1970 bhí sé ag múineadh i scoileanna agus i gcoláistí anseo is ansiúd. Luaitear Mainistir Eimhín, Co. Chill Dara; Port Láirge; Corcaigh agus an Róimh. Sampla maith den chaoi a dtéadh sé i gcion ar mhic léinn gur spreag sé mórspéis Michael Davitt sa litríocht agus sa Ghaeilge araon i Scoil na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh. Deir Prút gur thart ar 1956 a chrom sé ar dhánta a scríobh i nGaeilge. Tá cuid díobh in INNTI, iris a bhunaigh Michael Davitt agus a chairde in 1970. Ó 1966 amach bhí dánta agus léirmheasanna leis i gcló in Comhar agus in Feasta. Roghnaigh Séamas Ó Céileachair ceithre dhán leis in Nuafhilí 3 (1979). Cnuasaigh dá dhánta is ea: An t-ár sa mhainistir, agus dánta eile (1972), Cros gan teampall (1985), Oilithreacht i Nua-Eabhrac (1993), An deoir sa bhuidéal (1998) agus Jeaicín File (eag. L. Prút) (2005). Chaith sé dhá bhliain mar Ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Mhuire, Marino, idir 1968 agus 1970. Chaith sé an tréimhse ó 1970 go 1988 ar an bhfoireann teagaisc i gCeannáras Idirnáisiúnta na mBráithre Críostaí sa Róimh ach is léir nár laghdaigh ar a tháirgeadh filíochta agus é thar lear. Roghnaigh Gréagóir Ó Dúill dán dá chuid in Fearann pinn: filíocht 1900 go 1999 (2000). Agus is é a dúirt seisean sa léirmheas a rinne sé ar Cros gan teampall: ‘Tá rud eile ag an Bhráthair nach bhfuil ag mórán i bhfilíocht na Gaeilge, is é sin raon leathan taithí i dtíortha eile agus eolas ar chúrsaí na saolta a d’imigh’ (i gcló ag Seán Ó Cearnaigh, 1995). Tá sé le léamh ar a shaothar go raibh sé san Airgintín, i gCeanada, san Fhrainc agus, gan amhras, anseo agus ansiúd san Iodáil. Cnuasach neamhfhoilsithe aistí agus léachtaí dá chuid is ea Articles on Blessed Edmund Rice le John E. CarrollMicheál Ó Cearúil a chuir in ord i gcomhar leis an mBráthair Micheál F. Ó Catháin agus an Bráthair O. B. de Paor. Dar le Liam Prút dán tábhachtach dá chuid i mBéarla is ea 'I, Edmund Rice. A Founder Dreams about his Dream' (foilsíodh in Religious Life Review, (iml. 35, Samhain-Nollaig 1996) . Deir Prút 'déanann an dán sin fear droichid den Chearbhallach idir na Bráithre anois agus spiorad agus carasma an Rísigh.' D’éag sé ar 28 Bealtaine 2011.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair